Top Issue 1-2024

29 March 2001 Edition

Resize: A A A Print

Brúscar Núicléach

Caithfidh a admháil go bhfuil fadhbanna sa tír seo i láthair na huaire maidir le láimhseáil bruscair i gcoitinne. Is maith an rud nach bhfuil bruscar núicléach le láimhseáil ag Comhairlí Contaetha ná ag Bárdais Cathracha. Dá mbeadh, déarfainn go mbeadh galair níos measa ná crúb agus béal ag cur isteach orainn.

     
Tuigtear nach daoine réabhlóideacha iad a bhí ag iarraidh an córas caipitleach a scrios ach gur gnáthdhaoine iad a bhí buartha fán chomhshaoil agus fán tionchar atá ag a leithéid den dramhaíl núicleach seo ar an timpeallacht ar fad

Níl amhras ar bith ann ach go dtig bruscar tí de gach saghas a athchúrsáil ar dhóigh éigin. Is féidir neart a úsáid airís mar leasú i ngáirdíní agus eile. Tá sé inár gcumas gloine, cannaí, páipéar, éadaí a thabhairt chuig láithreeain athchúrsála, má tá a leithéid inár gceantracha. Tá féidireachtaí ann anois ábhair plaisteacha a athchúrsáil fosta. Ar an drochuair, níl dualgaisí á chomhlíonadh ag an Roinn Chomhshaoil ag cheachtar den dhá rialtas sa tír. Seá, dá mbeadh an toil ceart sa tír seo agus daoine breá sásta gabháil i mbun oibre, thiocfaidh deireadh a chur le ollsuíomhanna dramhaíola ar fad.

Cad atá le déanamh le dramhaíl núicleach mar sin? Ní dóigh ar bith lena leithéid a athchúrsáil agus caithfidh é a chur i stóras go lá na gCinniúna. Maise, ní féidir le duine ar bith a bheith céad faoin céad cinnte dearfach go mbeidh sé slán sabháilte go deo. Bhuel, ní mór an t-íonadh é nár mhaith le duine ar bith a leithéid a bheith ar chúl an tí s'acu féin, rud atá intuigthe ar ndóigh. Is dócha gurb é an leigheas is fearr agus is simplí ar an scéal seo ná nach mbaintear feidhm as cumhacht núicléach in aon chor.

Tá spiorad an phobail i gcoinne cumhachta núicleacha feicthe againn ar na mallaibh sa Gearmáin. Chonacthas seasca tonna de dhramhaíl núicléach á iompar ar traen tríd an Gearmáin. Bhí na mílte daoine ina luí ar na bóithre iarainn agus ar crochadh ó dhroichid ar an bhealach agus iad ag cur bacanna ar an traen ag taisteal. Creidtear go raibh breis agus tríocha míle saighdiúir in úsáid ag an rialtas Gearmánach agus iad ag iarraidh bealach an traein a fhágáil gan cosc.

Feictear nach raibh moill ar bith ag an rialtas Gearmánach an lámh láidir a úsáid ar an phobal a bhí i mbun feachtas síochána ar mhaithe leis an tír a choinneáil slán ó chontúirtí uafásacha núicléacha. Tuigtear nach daoine réabhlóideacha iad a bhí ag iarraidh an córas caipitleach a scrios ach gur gnáthdhaoine iad a bhí buartha fán chomhshaoil agus fán tionchar atá ag a leithéid den dramhaíl núicleach seo ar an timpeallacht ar fad.

Is íorónta an rud é, ach tuigtear go bhfuil an Comhaontas Glas mar chuid den rialtas sa Ghearmáin. Tá sé mar pholsaí ag an rialtas ann deireadh a chur le cumhacht núicléach i gceann fiche bliain. Go dtí sin, áfach, caithfidh don Chomhaontas Glas tacú leis na haidhmeanna atá ag tionsclaíocht núicleach dramhaíl núicleach a chur i stóras. Is mór an trua nach raibh siad in ann an fód a sheasamh i gcoinne na comhlachtaí móra agus gan géilleadh don cluiche polaitiúil. Is dócha go léiríonn an sampla seo gur féidir le roinnt mhaith páirtithe polaitiúla a bprionsabail a thréigeaint ar mhaithe le cumhacht i gcomhrialtas.

AN DRAOI RUA


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland