Top Issue 1-2024

15 March 2001 Edition

Resize: A A A Print

Nósanna an Charghais

Nuair a smaoinítear ar an Charghas, creidtear go bhfuil sé fréamhaithe ins sa Chríostaíocht amháin. Mar a tharlaíonn sé, níor mhair tréimhse an Charghais ach trí lá nuair a thosaigh an cleachtadh ag an chéad dream do Chríostaithe fadó.

     
Léirítear gur féidir le duine smacht a choinneáil air/uirthi féin. Deirtear go gcoiníonn staonaireacht de shaghas éigin ord ar mheabhair duine fosta
Níorbh é go raibh rialacha áirithe leagtha síos ag údarás na heaglaise ach mhéadaigh an troscadh agus an staonaireacht go dtí go raibh troscadh seachtaine, troscadh naoi lá agus go troscadh daichead lá faoi dheireadh. Má dheantar cuntas níos cruinne ó 28 Feabhra go dtí 15 Aibreán, feictear go bhfuil 6 seachtaine go leath san áireamh mar a bhíonn gach bliain. Faraor, tá 6 lá is daichead ann ar fad. Seans go dtugann sin cead do dhaoine a dtroscadh a bhriseadh sé uaire!

Tarlaíonn sé i gcónaí go dtiteann an Charghas ag tús an Earraigh gach bliain. Creidtear go raibh troscadh agus staonaireacht ar siúl na cianta ó shin i rith an tréimhse seo toisc go raibh bia agus gach stóras eile ag éirí gann. Caithfidh mé a rá go bhfuil sé suimiúil gurb é an ciall atá leis an fhocal `aoine' ná `troscadh' agus gurb é an `céadaoin' an chéad troscadh sa tseachtain. Níl mé cinnte cén uair ar tosaíodh ar thréimhse na seachtaine in Éirinn, ach nach íontach an rud é go raibh dhá lá troscadh acu fadó.

Ar ndóigh, tá an troscadh is an staonaireacht tábhachtach i ngach aon cultúr agus reiligiún ar fud na cruinne. Tuigtear gur rud sláintiúil é a leithéid a dhéanamh. Déanann sé maitheas d'anam agus do chorp duine. Léirítear gur féidir le duine smacht a choinneáil air/uirthi féin. Deirtear go gcoiníonn staonaireacht de shaghas éigin ord ar mheabhair duine fosta.

Cibé ar bith, tá a fhios againn ar fad nach bhfuil rialacha an charghais go daingean sin sa lá inniú. Tá aithne agamsa ar sheanduine a dhéanann a charghais ar `Powers', maise, caithfidh sé fulaingt ar gach chineál uisce beatha eile.

Fadó bhí cosc ar an fheoil, níor itheadh uibheacha agus níor ghlacadh le bainne, ím ná dhath eile ón bhó. Bhí cead ann i dtólamh éisc agus bia na farraige a ithe.

Céadaoin na Luaithre, caitheadh drochmheas ar dhuine ar bith nár chaith luaithre ar a éadan, agus an pobal i gcoitinne den bharúil gur peacaithe gan náire an dream seo. Lena chois sin, ba ghnách le páistí craobhóga fuinseoga a iompar thart leo toisc barrtha dubha orthu mar chomharthaí aithrí dóibh siúd.

In áiteanna bhí cosc ar chaidrimh gnéisiúla, is cuma dá mbeadh lanúin pósta. Ní bhíodh damhsaí poiblí ar siúl ná coisirí bainise ach oiread. Mar aon leis sin, bhí nósanna ann nach raibh chomh `Críostúil' sin. Bhí brú soisialta uafásach ar dhaoine pósadh. Tharla sé i gcónaí go ndearnadh spochadh as agus magadh faoi dhuine ar bith nár phós go fóill. Caitheadh salann ar dhaoine nár phós Céadaoin na Luaithre sa dóigh siad bliain eile le cleamhnas a dhéanamh. Bhí nós ann a mhair i gCúige Mumhain go dtí na tríochaidí darbh ainm `Domhnach na Cailce'. Ba ea an rud a rinneadh ná comhartha cailce a bhreacadh ar dhuine nár phós agus ábhair magaidh a dhéanamh as/aisti.

In Éirinn, mar is eol dúinn uilig, glactar sos ón troscadh agus ón staonaireacht Lá Fhéile Phádraig. B'fhéidir nach bhfuil sé tugtha faoi deara ag roinnt daoine, ach titeann Domhnach na Máthracha ar an ceathrú Domhnach den Charghas gach bliaian le leithscéal eile a thabhairt do dhaoine sos a ghlacadh. Déarfainn, áfach, nach bhfuil leithscéal de dhíth ag gach duine.

AN DRAOI RUA


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland