Top Issue 1-2024

13 September 2000 Edition

Resize: A A A Print

Ar Strae le Deartháir Mór

An Draoi Rua

Gach seans go raibh George Orwell thar a bheith bródúil as an úrscéal `1984' a scríobh ach cad a bheadh le rá aige fá imeachtaí an lae inniu? Níl amhras ar bith ann, áfach, ná go bhfuil tionchar ollmhór ag an chlár teilifíse `Big Brother' chan amháin ar mhuintir na Breataine ach ar mhuintir na hÉireann chomh maith.

Ní chreidim go bhfuil an oireád sin suime ag daoine sna carachtair féin ar an chlár ach go bhfuil siad fiosrach le bheith ag breathnú ar an mhéid atá a dhéanamh acu. B'fhéidir go dtiocfaidh a rá go bhfuil saolta daoine chomh leadránach sin gurbh éigean dóibh a bheith ag amharc ar dhream eile a bhfuil faic le déanamh.

Má glactar gur fíor an ráiteas deireannach uaim, caithfidh mé féin a admháil go bhfuil saol measartha leadránach agam féin agus mé ciontach as an chlár a fheiceáil roinnt uaire. Más marfach an peaca é tá neart peacaigh in Éirinn agus tuigtear go bhfuil peacaigh i ngach páirtí polaitíochta.

Leoga, mhol an comhairleoir chontae Barra Mac Ghiolla Duibh gur chóir fáilte mhór oifigiúil a eagrú ar mhaithe le Tom McDermott san Ómaigh i dTír Eoghain. Glacadh leis an mholadh d'aon ghuth, rud a chruthaíonn go bhfuil idir poblachtánaigh agus dílseoirí faoi smacht ag `Big Brother'.

Tá comhlachtaí teilifíse in Éireann ag argóint fá láthair agus iad ag iarraidh na cearta chraolacháin a cheannach ina thaobh óir creidtear gur fiú go mór leagan Éireannach a dhéanamh. Ní amháin sin, ach níl formhór de mhuintir na tíre ag breathnú ar na cláracha Éireannacha a fhad is is féidir leo Channel 4 a fheiceáil.

Tá muintir na hÉireann imithe ar strae ar fad agus iad tagtha faoi smacht `Big Brother'. Tá tuairiscí le fáil sna meáin go leathúil fá na himeachtaí atá ar siúl ag charactair agus ag iar-charactair an chláir. Maie, ní amháin go bhfuil am curtha amú ag daoine ag amharc ar an teilifís ach tá na mílte ag breathnú isteach ar an suíomh idirghréasáin go laethiúil. Lena chois sin, tuigtear go bhfuil breis agus 10,000 oibrí oifige ag baint leasa as na ríomhairí as a leithéid a dhéanamh le linn dóibh in ainm is a bheith ag obair. Is cinnte go bhfuil a sáith ama curtha amú ag na hoibrithe céanna ag amharc ar an suíomh idirghréasáin agus ag caint faoi nuair ba chóir go mbeadh rud éigin eile le déanamh acu. Creidtear go mbeidh costas £6.5 milliún ar chomhlachtaí gnó thar thréimhse naoi seachtain.

Ní saineolaí mé ar `Big Brother' mar bhí an clár ar siúl ar feadh cúig nó sé sheachtain sular bhreathnaigh mé air don chéad uair. Is é an leithscéal atá agam ná gur chuala mé gach dara duine ag caint faoi gur mhothaigh mé go raibh orm an clár a feiceáil le tuiscint níos soléire a bheith agam ar ábhair comhrá.

Ar fheiceáil an chláir, mhúscail roinnt ceisteanna i m'aigne. Cad chuige a bhfuil na carachtair chomh cairdiúil sin le `Big Brother'? Tuigim gur clár teilifíse é agus go bhfuil gach pearsa páirteach go deonach agus iad uilig ag iarraidh an comórtas a bhaint ach ní thuigim cad chuige nach bhfuil níos mó coimhlinte idir an dream faoi ghlas agus `Big Brother'? Tá gach pearsa mar a bheadh príosúnach ann ag géilleadh don údarás. Déarfainn go bhfuil suim ag iar-chéimí sa chlár agus iad thar a bheith buíoch nach raibh orthu cur suas le cuid de na carachtair agus iad istigh.

Bíonn neart daoin ag gearán nach bhfuil am saor acu rud ar bith a dhéanamh. Ba bhreá le daoine am a bheith acu caitheamh aimsirí a fhorbairt, pictiúirí a tharraingt, filíocht nó úrscéal a scríobh agus araile. Ansin, feictear ar an scaifte `Big Brother' agus faic á dhéanamh acu. Is beag duine acu a bhéas in ann a theacht amach as is a rá gur chruthaigh siad seo nó siúd. Ar ndóigh, tá gach uile eachtra scrúdaithe go cruinn faoin súil géar agus saineolaithe síceolaíochtaag déanamh anailíse orthu I rith an ama.

Is cuma cé a bhéas an `bua' acu ag deireadh an lae. Ar aon nós, gach seans go bhfuil taibhse George Orwell an-bhródúil gur tháinig tuar faoin tairngreacht faoi dheireadh.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland