Top Issue 1-2024

27 January 2011

Resize: A A A Print

Tá an tIarthar Dúisithe!

LE TREVOR Ó CLOCHARTAIGH

TÁ RUD éigin iontach speisialta ag tarlú i nGaillimh ó thaobh Sinn Féin di. Le roinnt blianta bhí muid beagán trína chéile agus ní raibh an páirtí chomh haontaithe agus a d’fhéadfadh sé a bheith.

D’athraigh sé sin ar an Luan seo caite nuair a bhí coinbhinsiún ar siúl le hiarrthóir a roghnú do Ghaillimh Thiar san olltoghchán. Bhí slua mór millteach i láthair in Óstán Páirc Mhionlaigh agus roghnaíodh mé féin d’aonghuth chun seasamh do Shinn Féin.

Anois, ní hé go bhfuil mise chomh speisialta sin, ach bhí sé suntasach go raibh mé molta ag lucht na cathrach, cuidithe ag muintir Chonamara thuaidh, tacaithe ag muintir Conamara theas agus bhí gach duine sa seomra d’aonghuth. Is toradh é seo ar an obair, ciúin, dícheallach atá ar siúl le cúpla bliain anseo ag cuid mhaith baill sa pháirtí chun athógáil a dhéanamh ar an meaisín san Iarthar.

Tá sé iontach tábhachtach do Shinn Féin go mbeadh ionadaíocht san Iarthar níos láidre acu. Tá an-dul chun cinn déanta sna sé chontae agus go traidisiúnta bhí muid láidir sna contaetha atá ag síneadh leo.

Tá bunús maith sa phríomhchathair, i gCorcaigh agus i gCiarraí ach ar chúis amháin nó ar chúis eile níor tháinig Gaillimh chun cinn chomh láidir céanna. Ach, tá an-teacht aniar ionainn!

Tá glór Shinn Féin ag teastáil go géar i nGaillimh chun seasamh láidir a thógáil ar cheisteanna pobail agus sóisialta. Bhí forlámhas ag Fianna Fáil ann le fada an lá ach is cosúil go bhfuil deireadh ré ag teacht ón taobh sin de. Dhéanfadh taispeántas maith i nGaillimh thiar leas iontach d’íomhá Shinn Féin sna 26 contae agus go tíreolaíoch bheadh sé le feiceáil go bhfuil muid ag teacht chun cinn ar fud an oileáin. Tá ionadaithe láidir cheana féin i nGaillimh Thoir agus i Maigh Eo agus is ó neart go neart a bheadh sin ag dul. Tá súil againn Teachta Dála as Gaillimh Thiar a chuir sa reicneáil leo go luath freisin!

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland