Top Issue 1-2024

24 August 2000 Edition

Resize: A A A Print

Léachtaí na Mílaoise 2000

Tá sreath léachtaí á neagrú ag Conradh na Gaeilge ar oícheanta Mháirt idir an 29ú Lúnasa agus an 12ú lá de Mí na Nollaig.

Tá na léachtaí agus na díospóireachtaí seo á n-eagrú ag Conradh na Gaeilge chun cur lenár dtuiscint uile ar stair na Gaeilge, ar staid na Gaeilge san am i láthair, agus ar a bhfuil i ndán don Ghaeilge sa chaoga bliain romhainn.

Is mór ag an gConradh tacaíocht fhlaithiúil Fhoras na Gaeilge don togra seo. Is é Proinsias Mac Aonghusa a chéadsmaoinigh ar an togra seo agus bheartaigh Coiste Gnó an Chonartha Léachtaí na Mílaoise a reachtáil.

Tá réimse breá leathan de chainteoirí agus de chathaoirligh, iad uile ina saineolaithe ar na hábhair faoina mbeidh siad ag caint, ag glacadh páirt i Léachtaí na Mílaoise. Tabharfar deis labhartha don lucht éisteachta, freisin, ar ndóigh.

Foilseoidh an Chonradh téacs na gcainteoirí in am tráth. Deireann siad go bhfuil siad ag súil, dá bharr sin, go spreagfar pobal na Gaeilge, ar fud na hÉireann agus thar lear. Tá siad ag iarraidh pobal ne Gaeilge a spreagadh chun oibriú níos déine fós d'fhonn an Ghaeltacht a chosaint, a láidriú, a fhorbairt is a leathnú, agus labhairt, feiceálacht, agus úsáid na Gaeilge a chur chun cinn ar fud na hÉireann. Tá an eagraíocht ag iarraidh ``go mbainfear amach an aidhm náisiúnta, agus cuspóir Chonradh na Gaeilge, i leith athréimniú na Gaeilge''.

An Ghaeltacht, Eaglaisí, Gluaiseacht na Gaeilge, na hEalaíona, na Meáin Chumarsáide, Tíortha Ceilteacha agus Oideachas iad na teideal a bhéas ag na léachtaí. Is in Acadamh Ríoga na hÉireann, ar Sráid Dásoin i mBaile Átha Cliath, a bheidh an chéad léacht acu oíche Mháirt, 29ú Lúnasa. Is in Óstán Russell Court, Sráid Fhearchair (Harcourt Street) a thionólfar na léachtaí eile gach oíche Mháirt roimh an 12ú Nollaig. Tosnaíonn siad ag a 8.00pmagus beidh craic agus deochanna níos déanaí. Ní ghearrfaidh siad táille ar bith ar an lucht éisteachta agus tá fáilte curtha acu roimh cách.


Lugh Lámhfhada



An Draoi Rua

Seá, is é seo séasúr Lugh agus an Fómhair a bhaint ar fud na tíre arís i mí s'aigesean - Lúnasa.

Deirtear go raibh beirt dheirfiúr mar mhná chéile aige. Buí agus Nás. Cuireadh Buí faoin fhód i gCnoghbha i gContae an Mhí augs Nás i gCill Dara. Is ionann `Nás' agus `aonach', rud a thugann léid dúinn fá thábhacht na féilte in ómós Lugh sna áiteanna seo. Cinnte, bíonn fleánna ar siúl ar fud na tíre sa tréimhse seo go fóill.

Is minic a mbíonn an aidiacht `lámhfhada' le léamh in aice l'ainm Lugh. Níorbh é go raibh sciathán fada aige ach go raibh sé in ann a gléasanna troda a úsáid thar achar iontach fada agus é breá ábálta sleá nó uachar a chaitheamh ar thargaid i bhfad uaidh. Tugtar Lugh `Samhildánach' air fosta agus bua na gceirde uilig aige idir tógálaí, laochra, file, staraí, ceoltóir, gabhann agus araile.

Tuigtear, ar ndóigh, gurb eisean Dia mór na gCeilteach a fuair cead isteach go Cnoc Teamhair na Ríthe toisc go raibh gach ceird ar eolas aige. Deirtear go raibh sé ina chumas léimeáint ar bhoilgeog gan é a bhriseadh, fiú.

Cé gur i nDún Lúiche is mó a bhfuil trácht ar Lugh agus an bua a bhí aige ar Bhalar na súile nimhe, tá tagairtí eile don éachtra céanna le fáil in áiteanna eile leis.

Tá cur síos ar éachtraí Lugh sa scríbhinn ón 11 haois `Cath Maige Tuired'. Mínítear gur thug Nuada ceannas arm Tuatha De Danann do Lugh nuair a thuig sé an oiread ceirdeanna a bhí ar eolas aige. Leoga, bhain sé úsáid as bua na filíochta a bhí aige le geasa a chur ar mhuintir Fhomhóire sa dóigh is go raibh Tuatha Dé Danann chun iad a scrios sa chath. De réir an scéil áirithe seo, is anseo i gContae Sligeach a mharaigh Lugh Lámhfhada Balar lena sleá. Nuair a thit Balar mharaigh sé seacht nduine is fiche agus é ag teacht anuas orthu.

I dtagairtí eile don scéal céanna, deirtear gur chuir Lugh ruaig ar Bhalar ó cheantar Mhaigh Tíre i Sligeach agus gur lean sé an tóir air go Carn Uí Néit i gCorcaigh. Sula bhain Lugh an cloigeann de Bhalar, dúirt Balar leis go mbeadh cumhachtaí ósnádúrtha le fáil aige dá gcuirfeadh sé an cloigeann ar a cheann féin. Bhí Lugh go mór in amhras glacadh le focal Bhalair agus chuir sé cloigeann Bhalair ar chloch mhór. Maise, phléasc an cloch mór leis an nimh a steall ón cloigeann.

Tá scéal eile a chuireann síos ar an dóigh a mharaigh mic Thuirill athair Lugh agus go ndeachaigh sé sa tóir orthu le díoltas a bhaint amach. Tháinig sé ar na deartháracha ar oileán Mhánainn agus chuir sé dualgas orthu cúiteamh a thabhairt dó. Bhí seacht ngníomh thar a bheith deacair le comhlíonadh acu cosúil le Hercules agus i ndiaidh tréimhse fhada, d'éirigh leo gach uile rud a chur i gcrích. Tháinig na deartháracha ar ais chuig Lugh agus iad scriosta tuirseach is tinn tar éis a ngníomhartha a chríochnú. Tharla go raibh said chomh breoite sin go raibh siad i gcontúirt báis agus iarradh ar Lugh a fhallaing draíochta a thabhairt ar iasacht dóibh. [Tá cosúlachtaí anseo le fallaing Jason na Gréige]. Bhí bua gach leighis i gclóca Lugh ach bhí fonn díoltais air go fóill agus dhiúltaigh sé an fhaillaing a thabhairt do mhic Thuirill. Leoga, lig Lugh don tríúr bás a fháil ós a chomhair.

Dá bhrí sin, creidim gur chóir dúinn mar Ceiltigh a bheith buíoch do Lugh agus an Fómhair a bhaint againn agus san am céanna a bheith iontach cúramach gan a bheith ag cur isteach air ar dhóigh ar bith ar eagla go mbeidh sé ag iarraidh díoltas a bhaint amach.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland