Top Issue 1-2024

30 March 2000 Edition

Resize: A A A Print

Naomh Pádraig

Tuigimid go ndearna Pádraig neart taistil ar fud na tíre óir déarfainn nach bhfuil contae in Éirinn nach bhfuil trácht de shaghas éigin air. Bhunaigh sé eaglaisí, `tháinig sé' ar toibreacha agus tá ionchar mhór aige ar logainmneacha na tíre de bharr na gníomhartha éagsúla a rinne sé.

Tá áit I gCill Cháinnigh darbh ainm `Cill Fhiacail'. Deirtear go raibh deideadh ar an naomh agus gar chaill sé fiacal san áit seo. Bhí an oiread sin measa ag muintir na háite air gur réitigh siad cill a bhunadh ann in ónóir dó. Creidtear gur tharla an rud ceanann céanna i bhFiacail I gContae an Chláir ach gur choinnigh muintir an cheantar ar fhiacail san eaglais féin. Bhí an fhiacail áirithe seo in inmhe canadh agus de réir béaloideas na háite bhí bua an cheoil tugtha do gach duine a chuala an fhiacail ag gabháil ceoil. B'fhéidir gur sin an fáth a bhfuil an oiread sin ceoltóirí maithe le fáil sa taobh sin tíre.

Caithfidh mé a admháil gurb é an scéal taobh thair den tIompó i gContae Fhear Manach ar cheann de na scéalta is saoithiúla a chuala mé riamh. Deirtear go raibh Naomh Pádraig ag scaipeadh an sóiscéil agus é ag taistil ó bhaile go baile. Ag phointe amháin, ní raibh a fhios aige cá háit ar chóir dó gabháil. Leoga, bhuail an taom amhrais seo é agus é sa cheantar áirithe seo. D'iarr sé treoracha ar dhuine de mhuintir na háite agus moladh dó tiontú ar dheis. Dá bhrí sin, tugadh `an tiontú deiseal' [an tIompó] ar an áit.

Lean Pádraig ar a bhealach agus é ag gabháil i dtreo Mhaigh Eo. Bhí duine in éineacht leis agus é do shíor á cheistiú fá cad é a bhí an bun aige agus cá háit a riabh a thriall. Bhí na ceisteanna seo ag cur isteach ar an naomh agus roimh i bhfad d'éirigh sé dubh dóite ag éisteacht lena dheisceabal. Nuair a bhí an bheirt acu ag siúl thart fá chósta Mhaigh Eo taobh amuigh de Bhaile an Chaisil, thóg Pádraig a bhata draighin agus bhuail sé an talamh idir é féin agus an deisceabal. Fágadh mo dhuine ar charraig I gcruth túir ina aonar agus mhol Naomh Pádraig leis an chuid eile dá shaol a chaitheamh ag troscadh ann mar dhíthreabhach. Bhuel, ní raibh an dara rogha ag an deisceabal óir ní raibh sé in ann ealú. Is féidir an túir cloiche seo a fheiceáil go fóill ar ndóigh.

Cibé ar bith, bhain Pádraig Sliabh an Iolair amach mar a tugadh uirthi ag an am. Bhí an sliabh beannaithe ag na Ceiltigh cheana agus roinnt uaigheanna do sheantaoisigh curtha ann atá le feiceáil go fóill agus is íorónta an rud é acht tá siad in úsáid mar chuid den turas Críostúil sa lá inniu. Bhí líos tógtha ar bharr na sléibhe, áit a bhfuil teach an phobail ann inniu.

    
Ní in Éirinn a thosaigh mórshiúlta Lá Fhéile Pádraig, áfach, ach sa Mheiriceá. Rud míleata as bhí ann agus arm Mheiriceá agus na Breataine ag iarraidh Éireannaigh a mhealladh agus páirt a glacadh san arm
Réitigh Pádraig an sliabh a dhreapadh ach ar a bhealach, bhí argóint mhór aige le Dia agus é ag rá gur chóir go mbeadh cead aige féin bhreithiúnas a thabhairt ar na Gaeil Lá na Cinniúna. Leoga, ní riabh Dia sásta ligint dó a leithéid a dhéanamh agus thosaigh Pádraig le troscadh a dhéanamh. Lean an troscadh ar feadh daichead lá is oíche agus ag deireadh an ama sin, shíl Dia gur chóir dó a admháil go raibh Pádraig inchurtha lena mhac féin ag troscadh agus thug sé cead dó bhreithiúnas a thabhairt ar na Gaeil. Dá bhí sin, tá neart de mhuintir na hÉireann den bharúil go dtig leo cead isteach chun na Fláitheas a fháil gan stró. Is dócha, áfach nach mbeidh Naomh Pádraig ina shaibhrán ar chách.

Lena chois sin, dúradh le Pádraig go dtugfar `Cruach Phádraig' ar an sliabh as sin amach, nach mbeidh Éire faoi smacht `go deo' ag dream ar bith gallda agus go rachfadh tír na hÉireann faoi uisce seacht mbliain roimh dheireadh an domhain. [Bhí Pádraig den tuairim nach mbeadh an tubáiste úafásach seo tuillte ag na Gaeil.]

B'iontach an duine é Pádraig go cinnte óir ní amháin go raibh sé in ann míorúiltí dochreidte a dhéanamh ach níor éirigh sé fliúch san fhearthainn agus níor éirigh sé dorcha timpeall air choíche. Seá, deirtear nach raibh sé dorcha ar feadh míosa nuair a cuireadh é i nDún Phádraig.

Maise, bhí sé breá ábálta mallachtaí a chur fiú amháin agus é ina chodladh. Bhí misean na hÉireann ag cur isteach air tráth agus é ag éirí dubh dóite le muintir na tíre. Bhí deisceabal in éineacht leis agus d'iarr sé air aire a thabhairt agus é féin ag gabháil a chodladh. Chuir sé mallacht ar Éire trí uair agus é ina chodladh. An chéad uair chuir an deisceabal an mallacht go barr luachra na tíre, an dara uair cuireadh an mallacht go barrtha adharcanna bulláin agus an tríú uair cuireadh an mallacht go bunanna aitinn. Is é sin an fáth a bhfuil dath dubh ar na níthe seo. Cinnte, shábáil an diesceabal Éire ó mhallachtaí úafásacha.

Ar ndóigh, tá náscanna soiléara déanta leis an seanlaochra págántachta. Tá trácht ar Eithne ó thréimhse na Tuatha Dé Danann a thosaigh ar troscadh a dhéanamh nuair a bhí a muintir ag ceiliúradh i gcónaí. Dhiúltaigh sí a dhath ar bith a ithe go dtí gur tháinig dia na mara, Manann, ar ais ón oirthear agus bó draíochta leis. Mhair sí ar a báinne 1,500 bliain gan rud ar bith eile a ithe. Bhuail sí le Pádraig agus nuair a chaill sí a clóca thosaigh an aois ag teacht uirthi agus báisteadh i láithreach.

D'iarr Pádraig ar Chúchulainn teacht ar ais ó na marbh ó Ifreann le cur síos suntasach a dhéanamh ar an úafás ann. Bhí Pádraig ag déanamh a dhícheall Críostaí a dhéanamh de Laoghaire Mac Néill ag an am. D'éirigh le Cúchulainn eagla millteanach roimh Ifreann a chur ar Loaghaire agus báisteadh é ar an toirt. Lena chois sin, thug Pádraig cead do Chúchulainn gabháil chun na Fláitheas toisc gur chuidigh sé leis.

Déantar plé iontach in `Agallamh na Seanórach' idir Pádraig, Caoilte is Oisín. Thug siad treoracha agus comhairle dá chéile agus iad ag argóint i rith an ama fá na buntáistí a bhí ag an saol Págántachta agus ag an saol Críostúil. Le linn an agallaimh, d'iarr Oisín ar Phádraig Fionn a scaoileadh saor ó Ifreann, rud a rinne sé. Nuair a chonaic Oisín Fionn ag teach chuige, d'iarr sé ar Phádraig cá háit a raibh na Fianna eile óir bhí siad uilig `fionn' dá chroí. Leoga, bhí ar Phádraig géilleadh dó agus na Fianna uilig a scaoileadh ó Ifreann.

Tuigtear inniu nár chuir Pádraig ruaig ar na nathracha nimhe ar chor ar bith óir ní raibh a leithéid ann ag an am. Cinnte, déanann an scríobhaí Gréagach, Solinus, taairt don fhíric seo agus é ag scríobh céad bliain sula chuir Pádraig cos ar thalamh na tíre seo. Glactar leis gurb iad na Normannaigh a chum an scéal seo i dtaobh Pádraig. Mar aon leis sin, deirtear gur chuir Pádraig ruaig ar ollphéisteanna fiochmhara isteach i lochanna ar fud na tíre. Is íorónta an rud é ach tá nathracha nimhe tar éis teacht i dtír ar na mallaibh ón Eoraip agus cuid acu le fáil sa Bhoireann I gContae an Chláir. B'fhéidir gur chóir do Naomh Pádraig pilleadh agus an ruaig a chur orthu go fírinne.

Seans go bhfaca cuid agaibh mórshiúlta Lá Fhéile Pádraig. Ní in Éirinn a thosaigh an nós seo, áfach, ach sa Mheiriceá. Rud míleata as bhí ann agus arm Mheiriceá agus na Breataine ag iarraidh Éireannaigh a mhealladh agus páirt a glacadh san arm. Ar ndóigh, tá na mórshiúlta is mó do cheiliúradh seo le fáil sa Mheiriceá go fóill.

B'fhéidir go raibh deoch ag roinnt léitheoirí Lá Fhéile Pádraig. Uiar amháin, nuair a bhí Pádraig ag taistil na tíre, stop sé le deoch a bheith aige i dteach tábhaire. Steall bean an tí deoch beag bídeach i ngloine dó. Ní raibh sé ar dhóigh ar bith sásta léi agus d'inis sé do bhean an tí go raibh an diabhal féin ag éirí ramhar sa siléar toisc go raibh sí chomh sprionlaithe sin. Bhí eagla uirthi agus d'iarr sí ar Phádraig cuidiú a thabhairt di ach dúradh léi go mbeadh uirthi féin athrú leis an fhadhb a réiteach. D'fhill Pádraig tar éis bliana agus d'iarr sé deoch uirthi agus líon sí gloine l'uisce beatha. Nuair a bhí a chuid ólta aige, chuaigh sé i gcuideachta bhean an tí leis an diabhal a chuartú. Tháinig siad air I gcoirnéal agus é fíor tánaí is lag. Chomh luath agus a chonaic an diabhal Pádraig, d'imigh sé as radharc ar fad. Dá bhrí sin, glactar leis gur chóir do Ghaeil gloine beag uisce beatha ar a laghad a ól in ónóir Phádraig 17ú Márta. Muna bhfuil dúil ag duine in uisce beatha, b'fhéidir gur cheart gloine a ól le aithrí a dhéanamh cibé.

An Draoi Rua

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland