New side advert

27 January 2000 Edition

Resize: A A A Print

Rialtas Don Phobal?

Níl a fhios agam fós an mbeidh rath ar straitéis an Rialtas Reatha le cruinnithe an Chaibinéid a reachtáil in áiteanna taobh amuigh den Pháil. Bhí cruinniú i Ros Comáin, an tseachtain seo chaite agus an tseachtain seo bhí siad i gCorcaigh ach, idir na gcruinnithe tá an chumhacht san áit a raibh sé i gcónaí, sa lár, sa phríomhchathair. I mBaile Atha Cliath.

Cúpla mí ó shin, ar an lá go raibh an chéad chruinniú dena struchtúir uile Éireannach in Ard Macha, cháin go leor leor daoine an íomha a bhí ann dena gluaisteáin dubha, na Mercanna ag taistil i gconbhua mar a bheadh socraid ceannaire Mafia ann. Bhí Fianna Fáil - fiú mura raibh na PDs - ag iarraidh tháispeáint don domhan go raibh céim mhór a ghlacadh i dtreo athaontú na hÉireann agus gí go bhfuil mé ar aon intinn go raibh, shíl mé go raibh cuma an arriviste ar gach uile Aire a shroich Ard Macha ina Limo Dubh.

I mBealach an Doirín, áfach, ní raibh na Mercs le feiceáil nó mar a tharla sé bhí cuid mhaith de na bóithre faoi na tuilte uisce agus an chuid eile chomh gharbh agus in easpa deisithe nach raibh siad fóirsteanach do thónta bóga na nAirí. In ionad dóibh bheith ag tiomaint siar, d'éitil siad. Go Cnoc Mhuire. Go dtí an tAerphort nár chreid na polaiteoirí riamh ann. Miorúilt eile i stair an cheantair, is dócha. Agus ansin, nuair a tháinig ceist teagmhála leis an phobal chun tosaí cá raibh na hAirí? Bhuel, mar gheall ar aighneas na bhfeirmeoirí agus lucht an tionscáil feola bhí ar an rialtas picéad a fhulaingt; rud a ghearr siar ar an mhéad teagmhála gurbh fhéidir leo a dhéanamh. Tá sé deacair lámha a chroitheadh nuair atá na lámha ag iompar fógra agóide.

Agus ansin, chás an rialtas a aghaidh ó dheas, go Corcaigh. Ní raibh an hula bula céanna ann an uair seo faoi `stair' agus tábhacht na himeachta: cruinniú caibinéid a bheith ann lasmuigh den phríomhchathair, cé gur ghnothaigh an cruinniú féin go leor áirde ina dhiaidh éirí amach David Andrews agus an t-atheagrú caibinéid a lean ar sin, gan tracht ar ceapadh tríúr breitheamh nua chomh maith.

Ach is éascaí bheith soiniciúil faoin pholasaí nua seo na cruinnithe a bhogadh ó áit go háit. Dála an scéil, is smaoineadh maith é, má oibríonn sé. Ach an gcuireann sé le daonlathas nó páirtíocht an phobail in aon chor? Ní chuireann. Níl cead ag an phobal freastal ar chruinnithe an chaibinéid. I mBealach an Doirín, mar shampla, d'eagraigh an rialtas lón buffet dóibh féin ionas nach mbeadh sé riachtanach daoine eile - freastalaithe - a ligint isteach sa seomra ina raibh na hAirí ag plé cúrsaí troma an stáit. Chomh fhad agus a bhaineann sé e muintir na háite, thig leis an cruinniú caibinéid a bheith áit agus de bhrí sin is bréag é an choinceap go bhfuil siad ag tabhairt an rialtais don phobail. Dá mbeadh cruinnithe na Dála féin ag bogadh ó ceantar go ceantar, agus na cruinithe sin oscailte don phobal bheadh níos mó daonlathais ann, ach is beag seans go dtarlódh sé sin.

Ar ndóigh, níl na laethanta seo lasmuigh den Pháil go hiomlán á chur amú. Nuair a bhíonn an cruinniú `oifigiúil' thart, thig leis na hAirí ghnó an pháirtí a dhéanamh. Ina dhiaidh an chruinnithe i mBealach an Doirín bhí cruinniú mór Fianna Fáil i Sligeach nuair a bhí na hAirí go léir le chéile le lucht tacaíochta FF san Iarthar. Tharla an rud céanna an tseachtain seo ina dhiaidh an chruinnithe i gCorcaigh nuair a thóg na hAirí leis an deis labhairt le lucht leanúna FF i Mumhan.

Mar a dúirt mé, tá sé ró-éascaí bheith soiniciúil faoi gach rud a dhéanann rialtas, agus i sampla na gcruinnithe ar ghluaiseacht seo, tacaím leis an smaoineamh cé nach gcreidim go n-oibríonn sé. I gcás na gcruinnithe inmheánacha páirtí, áfach, tá sé de cheart bheith amhrasach faoi. Cé tá ag íoc as? Cé tá ag tiomaint na nAirí ar fud na tíre agus ar mhaithe cé: an rialtas nó an pháirtí? Má a chur an sraith limos dubha ar a mbealach go hAtrd Macha deistín ort smaoin faoi seo. In Ard Macha bhí siad, ar a laghad, in ainm bheith ann ar son na tíre. I mBealach an Doirín, i gCorcaigh agus ins na háiteanna eile atá le teacht tá na mercs ann ar mhaithe Fianna Fáil féin. Níl aois na caimiléireachta thart ar chor ar bith. Níl ann ach go bhfuil sé á dhéanamh anois faoi ainm an daonlathais.


Tá Féile Mhór Lá le Bríd ag teacht orainn agus í á chéiliúradh ag na Críostaithe, ach is sine Bríd ná an Críostaíocht féin. Scrúdaíonn an Draoi Rua an scéal...

Bríd : An Cúlra Págántach



Agus Lá Fhéile Bhride beagnach anuas orainn arís, tá mé den tuairim gur chóir a cúlra págántach a scrúdú giota beag níos grinne.

Níl amhras ar bith ann ná go raibh bandia ag na Ceiltigh darbh ainm Bríd. Braithníodh ar an bhandia Bríd mar mháthair ar gach rud. Bhí torthúlacht ag baint léi. Bhí baint aici leis an talamh, leis an aer, le tine agus l'uisce

Creidtear go raibh an bhandia seo mar chuid de mhuintir na Tuatha Dé Danann. Iníon le Daghda a bhí inti. `An ceann ceannasach' an ciall atá lena hainm.

Leoga, ní coincheap úr an Trionóid Naofa do na ceiltigh óir chreid siad go raibh trí Bhríd ann : Bríd na filíochta, Bríd an leighis agus Bríd na Ceirde.

Tarlaíonn sé go raibh lucht leanúna aici i measc na Ceiltigh uilig agus cuireadh Briganti orthu. Tuigtear gur forbairt ar a hainm ainmneacha tíortha éagsúla mar; An Bhriotáin, An Bhreatain Mhór agus An Bhreatain Bheag.

Tá tuairim láidir ann sa tír go fóill nach raibh a leithéid is Naomh Bríd ann i ndairíre ach gur bandraoi a bhí inti a raibh tionchar mhór aici ar mhuintir na hÉireann. Chuaigh sí i bhfeidhm chomh mór sin ar mheon na nGael gur chreid na Críostaithe go raibh orthu naomh a dhéanamh aisti. Tarlaíonn sé, áfach, nár thug an eaglais aitheantas oifigiúil di choíche.

Má cuireann muid treithe Naomh Bríd i gcomparáid leis an Bhandia Bríd, creidim go bhfuil barraíocht cosúlachtaí ann le rá gur comhtharlú iad uilig.

Ar dtús, tarlaíonn sé go bhfuil an dáta chéanna ag Lea Fhéile Bhríde leis an fhéasta págántach in ómós don bhandia Bríd, Imbolg. Le linn Imboilge, bhí torthúlacht agus fás úr na bliana ceiliúrtha ag na Ceiltigh. Deir roinnt scríobhaí go bhfuair Naomh Bríd bás 1 Feabhra.

Deir foinsí Críostúla gur rugadh Naomh Bríd i bhFochairt taobh amuigh de Dhún Dealgan i gcontae an Lú agus gur iníon í le draoi darbh ainm Dubhthach. B'fhéidir go dtiocfadh leat a rá go míníonn sé seo an cúlra págántach atá aici. Tá traidisiún laidir ann, áfach, gur bhunaigh bandraoi darbh ainm Bríd an áit naofa seo ar a ndéantar turas ann go fóill sa lá inniu.

Cinnte, tá a lán tobracha Bhríde ann ar fud na tíre ach bhí siad riamh naofa ag na Ceiltigh fadó agus déantar turais acu fós.

Tarlaíonn sé fosta go raibh an Bandia Bríd is Naomh Bríd beirt an-báúil d'ainmhithe. Chreid na Ceiltigh go raibh an bandia abalta ainmhithe feirme a chosaint rud a leanann sa traidisiún Chríostúil sna leigheasanna atá ar fail dóibh uaithi.

Leoga, ní thig a bheith cinnte an nósanna págántacha nó Críostúil atá á chleachtadh le linn na féile Bhríde. Cuirtear `Brat Bhríde' amach Oíche na Féile Bhríde agus tugtar isteach ar maidin é. Creideann daoine gur cosaint é ar ghalair ainmhithe. Tá nós eile ann buicéad uisce a chur amach an oíche chéanna. Coimeadtar an t-uisce seo sa teach i rith na bliana agus cuirtear braon de i mbia ainmhí ar bith a bhíonn breoite.

Fiú amháin Crós Bhríde, creidtear go bhfuil gach seans ann go raibh sé in úsáid ag na Ceiltigh in ómós don Bhandia Bríd i bhfad sular tháinig Naomh Padraig go hÉireann. Déantar Crós Bhride as luachair agus bhíonn luachair in úsáid i mbreith na mbó go traidisiúnta. Dá bhrí sin, is comhartha torthúlachta an Crós seo a cuirtear in airde thar dhoirse na sciobail go háirithe.

Bhí clú agus cáil ar an chlochar is ar an mhainistir a bhunaigh Bríd i gCill Dara. Is iontach an rud é go raibh sé lonnaithe in áit a bheadh naofa ag na draoithe agus an oiread sin crainn daracha ag fás. B'fhéidir go dtiocfadh leat a rá go raibh sé aisteach go raibh mainistir is clochar lonnaithe taobh le taobh san suíomh seo; rud a tugann le fios dúinn go bhfuil gach seans ann go raibh comhluadar págántach ann leis na cianta.

Deirtear gur choinnigh Naomh Bríd tine lásta i dtólamh i gCill Dara agus nach ligeadh don tine múchadh choíche. Ar ndóigh, b'é seo bainte le searmanas na bpágántaigh fosta. Bhí sé mar dhualgas ar na bandraoithe tine buan a choinneail lásta. Maighdéain a bhí iontu agus tugadh iníonacha Daghda orthu; sea, mar a luaigh mé cheana iníon le Daghda a bhí i mBríd, an bhandia.

Bandia, Bandraoi, Bean Rialta nó Naomh, thig leat do thuairim fein a bheith agat. Gach seans go raibh roinnt mhaith Bríde sa tír agus tá go fóill ar ndóigh Is cinnte, áfach, go raibh agus go bhfuil tionchar mhór ag Bríd ar mhuintir na hEireann.

An Draoi Rua

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland
 

Powered by Phoenix Media Group