Top Issue 1-2024

13 January 2000 Edition

Resize: A A A Print

`Maybe the wrong road....'

Tá an Teist Náisiúnta um Ghluaisteán i bhfeidhm fai dheireadh agus go leor leor gearáin faoi. An gcuirfidh sé le caighdeán sábháilteachta ar bhóithre na hÉireann? Scrúdaíonn Eoghan Mac Cormaic na tuairimí éagsúla.

Ó thosaigh an Teist Náisiúnta do Ghluaisteáin an tseachtain seo chuaigh thart, is mór an raic atá á thógáil faoi ghnéithe éagsúla den chóras nua. Ar taobh amháin tá siad ann a deireann go bhfuil an teist lárnach d'iarrachtaí chun sábháilteacht a dhaingniú ar na bóithre tré gluaisteáin níos éifeachtaí, níos inbhraithneacha a choinneáil ar bhealaí agus bóithre na tíre agus ansin. Ar an lámh eile, tá an argóint ann nach bhfuil ach ceatadán ana-bheag de thimpiste ann a éiríonn as aois agus coinníoll na ngluaisteán in aon chór.

Ón 4ú Eanáir 2000 ní mór do gach aon ghluaisteán atá níos sine ná ocht mbliain d'aois a thabhairt isteach go hionaid nua ar fud na tíre ionas go ndéanfar teist orthu. Scrúdófar gneithe den ghluaisteán a bhaineas le cumas agus sábháilteacht na feithicle: na coscáin, na soilse, an córas tiomána agus araile, agus chomh maith le sin, scrúdóidh innealltóirí sna hionad teisteála méad an gháil a thagann as an inneall, chun fáil amach an bhfuil sé faoi chaighdeán slán don timpeallacht.

Ní féidir argóint a dhéanamh faoi chiall an smaoinimh, teist a dhéanamh ar sheanghluaisteáin, go mór mór nuair a cuimhnítear ar chuid de na seanbhangers atá le feiceáil, go fóill ar na bóithre. Ardófar, gan dabht, ar chaighdeán na ngluaisteán go léir... ach dar le go leor leor daoine atá in aghaidh na teiste ní dhéanfaidh sé sin na bóithre aon phioc níos sábháilte.

De reir le staitisticí, níl ach 4% de thimpistí bóithre in Éirinn cúisithe le coinníoll na seanghluaisteán. Ná cuirtear an cheist ar cén chaoi a tháinig siad suas leis an fhigiúir sin, nó, de reir le dealraimh, ní coinnítear staitisticí ar aois na ngluaisteán i dtimpistí. Labhair le meicneoirí nó daoine a oibríonn ag deisiú seanghluaisteán áfach, agus deirfidh siad leat go bhfuil furmhór na bhfeithiclí a tugtar isteach ó thimpistí ina ngluaisteáin nua, óga, cumhachtacha agus lán de ghléasanna sábháilteacha. Déanta na bhfírinní, is mó an baol de thimpiste i ngluaisteán nua ná i seanghluaisteán nó, le seanghluaisteán tuigeann an tiománaí an teorann a bhaineann leis, ach le gluaisteán nua, scioptha, lán de chumhacht, níl srian ar an luas agus go minic bíonn an gluaisteán níos cumhachtaí ná an tiománaí. In Éirinn, `sí an ardluas a thiománann daoine gluaisteáin a chúisíonn timpistí agus chan an seanbhanger ag tarraing a shlí abhaile.

Ar ndóigh tá gné eile den teist nua atá ag cur isteach go mór ar go leor leor daoine: tá ceisteanna ann faoin slí go raibh an rialtas in ann teist `náisiúnta' mar seo a eagrú do gach seanghluaisteán nuair a nach bhfuil siad in inmhe teist tiomána a eagrú d'fhoghlaimtheoirí gan tréimhse feithimh de suas le bliain. I mbliana cuirfear triall ar gach gluaisteán a cláraíodh roimh 1992. An bhliain seo chugainn, cuifear triall ar gach gluaisteán a cláraíodh don chéad uair idir 1992 agu 1996. Fiú le buille faoi thuairim ana-choimeadach tá na mílte mílte gluaisteán i gceist ansin - agus na mílte mílte punt de tháillí i gceist leis. Ach arís, caithfear casadh ar na staitisticí. An fearr teist a chuir ar ghluaisteáin nó ar na daoine a thiománann na gluaisteáin? Nach mbeadh sé i bhfad Éireann níb'fhearr go mbeadh ceadúnas tiomána ceart ag gach tiománaí, óg agus sean, in Éirinn sula mbíonn rí-rá ann faoi choinníoll na ngluaisteán?

Ach má tá teist de dhíth ar chor ar bith tá teist ar chaighdeán na mbóithre féin - ar a mbeidh na gluaisteáin nua-theisteálta ag taistil. Nuair atá sábháilteacht agus sláinte na dtiománaithe agus bpáisinéirí i bhfúrmhór na dtimpistí curtha faoi iniúchadh, `sé coinníoll na mbóithre atá freagrach. Níl bliain ann ó d'fhoilsigh Caoimhghín Ó Caoláin TD leabhrán lán de phictiúirí a thaispeán an scannal beo de bhóithre briste, scriosta, pollta i gContae an Chabháin. B'fhéidir leabhrán mar sin a fhoilsiú faoi go leor contaetha eile in Éirinn agus ní féidir bheith ag gearán faoi choinníoll na ngluaisteán fad a's go bhfuil na bóithre mar atá.

Táimid go léir buartha faoi shábháilteacht ar na bóithre agus tacaíonn beagnach gach duine le hathraithe a chuideoidh le saolta a shlánú ar na bóithre. An fhadhb atá ann leis an teist `náisiúnta' nua seo ná nach bhfuil aon cruthúnas go bhfuil an rialtas ag díriú a airde ar fhoinsí na faidhbe.


Tionchar na dTeletubbies orainn!



Caithfidh mé a admháil gur sheachain mé gach uile rud i dtaobhna dTeletubbies go dtí go raibh iníon agam féin agus Gaeilgefoghlamtha ag an dream céanna. Ar ndóigh, ní thiocfadh liomligint don ghirseach bhocht a bheith ag éisteacht le drochBhéarla; bheadh sé chomh maith agam Ultais a bhrú uirthi.

Anois, agus Gaeilge bhreá cliste á labhairt acu tá ceadisteach faighte ag na Teletubbies. Níl mé iomlán cinnte, áfach, an ar mhaithe le m'iníon a dtagann siad ar cuairt orainn?

Deirtear nach féidir le linbh óga an difir a aithint idir rudatá ag gabháil ar aghaidh sa timpeallacht thart orthu nó atá agtarlú ina dtithe féin. Dá bhrí sin, glactar leis gur fíordhaoine iad na Teletubbies agus gach rud a bhaineann leo.

Tharla go raibh mé féin ar cuairt ar chnoc Teamhair na Ríthe igContae na Mí thar laethanta saoire na Nollag. B'é an t-aon ruda bhí ar intinn an ghirsigh bliain go leath d'aois ná ``Cándeachaigh na Teletubbies ?'' agus í ag beiceáil is ag screadáilLá Lá agus araile. Ba léir gur chreid sí go raibh sí i dtír nadTeletubbies go fírinne, go háirithe agus í ag rith suas isanuas idir na cnoic ann.

Ansin, thosaigh mé ag smaointiú fá stair na háite ina raibhmuid agus mhothaigh mé nárbh fhiú trácht air leí ag an phointeáirithe seo. B'fhéidir go mbeadh fonn níos fearr ar anghirseach éisteacht agus foghlaim fá na hArdríthe a mhair fadóagus í roinnt blianta níos sine. Ar ndóigh, caithfidh mé aadmháil go bhfuil gach seans ann nach mbeidh suim dá laghad aicii seanéachtraí na nGael agus í den tuairim nach bhfuil iontu achseafóid amaideacha bréagacha.

Aisteach go leor, ach creidim go nglactar leis na Teletubbiesi bhfad níos fusa ná mar a nglactar leis na Fianna ná leis anChraobh Rua. Go fírinne, tá búnus éigin ag na hArdríthe sa tírseo ach is léir gurb iad an dream bréagach atá i réim sa lá inniú.

Bhí cara de mo chuid ar saoire i gceantar Gaoth Dobhair i dTírChonaill nuair a thug a mhac fá deara go raibh muillinn gaoithear na sléibhte thart timpeall orthu. Leoga, bhí an gasúr lannspraoi agus é den tuairim nach raibh na Teletubbies i bhfaduathu. Lena chois sin, tá aithne agam ar ghasúr i mo cheantarféin a chreideann go bhfuil sé i dtír na Teletubbies go fírinnegach uair a bhfuil an ghrian le feiceáil go soiléir sa spéir.

Níl mé a rá gur fuath liom na Teletubbies ná a dhath óir isféidir le páistí neart a fhoghlaim as na cláracha céanna. Bhuel, níl foréigean ná a dhath ag tarlú i dtír síochánta an scaifteseo. Uaireanta, bím go mór in amhras fán tionchar fádtéarmachatá ag a leithéid de chlár ar linbh ar fud an domhain. Seá,deirtear anois go bhfuil níos mó teangacha ag na Teletubbies námar atá ag an Phápa féin. Maise, tá an oiread céanna teangachaag na Teletubbies is atá cineálacha bia Heinz ann, is é sin 57.

Mar a luaigh mé, is é an tionchar fadtéarmach an rud achuireann as dom. Cé nach bhfuil dochar suntasach sa chlár féin is cinnte go gcothaíonn sé spéis i bpáistí a bheith agbreathnú ar an teilifís go rialta. I ndiaidh tamaill, nuairatá siad níos aosta, tá gach seans ann go gcreidfidh siad snacarachtair éagsúla atá le feiceáil sna sobaldhrámaí, snascannáin is araile. Leoga , mar is eol dúinn uilig, tá neartdaoine fásta ann nach féidir an difir a aithint idir an fhírinneagus an bhréag go fóill.

An Draoi Rua


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland