Top Issue 1-2024

9 December 1999 Edition

Resize: A A A Print

Uisce Coisricthe

Árthach spáis NASA caillte agus é ag lorg uisce. Creideann an Draoi Rua go bhfuil go leor uisce againn cheanna, ach é a choinneáill glan...

Is beag ceantar in Éirinn nach bhfuil ar a laghad tobar beannaithe amháin ann. Is é an t-ainm atá ar chuid mhaith de na toibreacha seo ná `Tobar Phádraig'. Uaireanta, shilfeá nach raibh toibreacha ar bith againn sa tír seo ná nár tugadh fá deara iad go dtí gur tháinig an Pádraig céanna ar cuairt orainn.

Le fírinne , bhí gach saghas uisce riamh naofa . D'fhás creideamh ins sa tír seo i bhfad sular tháinig na Ceiltigh i dtír go raibh déithe, spioraid agus síóga éagsúla ina gcónaí taobh l'uisce nó san uisce féin. Bhain na toibreacha, na haibhneacha agus na locha leis an taobh baininscneach den dúlra agus dar leis na Ceiltigh bhí bandéithe le fáil iontu. Leoga, thuig na Ceiltigh tábhacht an chreidimh seo agus meas iontach acu riamh don dúlra. Mar atá a fhios againn bhí sé mar chuid dá gcreideamh féin cúram a thabhairt don timpeallacht i dtólamh. Dá bhrí sin, ní mór an t-ionadh é go raibh ómos ar leith acu don uisce as siocair go mbrathann gach ní beo idir phlandaí is ainmhithe ar an eilimint seo.

Is dócha go mbeadh sé deacair gabháil thar fóir le tábhacht uisce a léiriú ach caithfear a admháil go dtig leis a bheith contúirteach fosta. Ní amháin gur féidir daoine bás a fháil trí bhá ach tá contúirtí nua-aimseartha ag forbairt i rith an ama sa lá inniu.

Tá sé dochreidte go raibh uisce breá glan againn leis na cianta sa tír seo ach anois tá níos mó na 70% d'aibhneacha na tíre truaillithe, níl an oiread sin áiteacha a bhfuil brat gorm in airde cois locha ná cois farraige agus go bhfuil buideál uisce níos daoire a cheannach ná buideál bainne.

Le déanai, d'fhoilsigh an BPA tuairisc i dtaobh scéimeanna grúpaí uisce na tíre agus iad ag léiriú go bhfuil an tromlach acu truaillithe cheana féin le E-coli.

Anois, tuigeann cách gurb as cac an truailliú seo. Ní chóir go mbeadh leithscéal ar bith don truailliú sa lá inniu. Tuigtear go mbíonn roinnt feirmeoirí leisciúla ann nach dtugann aird ar bith do rialacha na timpeallachta agus iad breá tuillteanach sciodar a chaitheamh in áit ar bith. Mar aon leis sin, tagann roinnt mhaith den B-coli ó dabhaigh mhúnlaigh a scaoileann lena chuid caca agus araile toisc nach bhfuil siad ag obair i gceart.

Tuigtear chomh maith go bhfuil a lán scéimeanna uisce ann nach bhfuil dighalrú in úsáid acu nó a bhfuil trealamh dighalrú damáiste acu. Leantar ar aghaidh, afách, l'uisce truaillithe a sholáthar do bhaill na scéimeanna uisce. Is dócha gurb é an rud is measa ná nach dtuigeann formhór na mball cad é atá a ól acu.

Ní gá dom féin a lua chomh contúirteach is atá E-coli. Is féidir leis buinneach a chur ar dhaoine agus damáiste millteanach a dhéanamh d'inni an té a ólann. Déarfainn nach dtabharfadh daoine fasta sláintiúla fá deara go raibh tionchar E-coli orthu óir ní bheadh orthu ach tinneas goile ar feadh seachtaine nó mar sin. Cinnte, is iad linbh, páisti óga agus seandaoine i measc na ndreamanna is mó i gcontúirt. Tá cinéal E-coli nua ann tugtha fa deara san uisce ar na mallaibh atá an-chontúirteach ar fad agus a dtiocfadh daoine a mharú. Bhuel, b'fhéidir gur maraíodh daoine cheana fein dá bharr ach nach bhfuil an faisnéis cinnte againn go fóill leis an cheangail a dhéanamh.

Is é an freagra láithreach atá ar fhadhb an uisce ná Chlorine a úsáid ach ní freagra fadtéarmach é ar dhóigh ar bith. Tá sé cruthaithe ag eolaithe go dtiocfadh le chlorine ailse a chur ar dhaoine. Leoga, tá freagra níos sásúla ná sin de dhíth orainn roimh i bhfad.

Ar ndóigh, tá na tuairiscí agus an fiaisnéis seo uilig ar eolas ag an rialtas. Cad é atá ar intinn acu a dhéanamh fá na deacrachtaí práinneacha seo ? Faic. Níor pléadh na fadhbanna seo fiú. Is cosúil gurb fhearr le lucht an rialtais uisce faoi thalamh a dhéanamh inár gcoinne.

Shilfeá go mbeadh i bhfad níos mó airde tugtha don uisce agus an méid forbartha atá á dhéanamh i gcúrsaí teicneolaíochta sna laetha comhaimseartha seo. A mhalairt atá fíor de réir cosúlachta. Níorbh é nach dtiocfadh linn an teicneolaíocht ceart a fhorbairt leis an uisce a ghlanadh mar ba chóir agus é a fhágáil folláin do gach duine.

Iorónta an rud é go bhfuil na mílte milliúin punt curtha amú ag iarraidh teacht ar uisce ar an phlainéad Mars. Is dócha gur chuala sibh fan dóigh a chur NASA árthach spáis chuig an Mhol Theas ar Mars. Bhí sé ar intinn acu teacht ar uisce ann trí thochailt na céadta cosa síos trid an talamh. Mo bhrón, chaill NASA teagmháil leis an árthach spáis céanna agus é ar a bhealach síos go talamh an phláinéid. Maise, is dócha go bhfuil cuid acu ag fanacht go fóill le comhartha éigin a fháil ón árthach spáis. Is é an fíor rud atá brónach fan scéal seo ná nár caitheamh an t-airgead ar chúiseanna fiúntacha.

Bhí orm ceist a chur orm féin i dtaobh an scéala seo ná cad a dhéanfadh NASA dá dtiocfadh leo braoinín uisce a aimsiú. Bhuel, is dócha go gcuirfeadh siad an braoinín i mbuidéailín agus agus go dtiocfadh siad ar ais chuig na Stáit Aontaithe leis. Ansin, bheadh cruinniú mór poiblí acu agus cuireadh tugtha do na meáin cumarsáide ar fud an domhain agus taispeánfadh siad an braoinín uisce ó thalamh Mars. Is dócha gur chóir do dhuine éigín a chur in iúl dóibh siúd i NASA go bhfuil dhá thrian den phlainéad seo clúdaithe l'uisce mar atá. Shilfeá go dtiocfadh l'eolalthe dóigheanna éagsúla a chruthú leis an uisce atá againn cheana féin a ghlanadh agus a choinneáll glan. Ach mar a deirtear,'Ní chronaítear an t-uisce go dtriomaítear an tobar' - nó b'fhéidir go mbeadh sé níos oiriftnai a rá, `.go dtruaillítear an tobar thar tarrthail'.

An Draoi Rua


Fulaingeadh na páistí...




I ngach uile coimhlint baintear drochúsáid as páiste, is léir ach de ghnáth stopann sé nuair a stopann an coinbhlicht. Ach tá plean eile ag an DUP: Martin Mc Guinness a ionsaí tríd na páistí scoile. Nach naireach an plean?

Tá feachtas ar súil faoi stiúr na Náisiún Aontaithe agus UNICEF le cuid blianta anuas a iarrann aird an domhain a tharraing ar cheist na bpáistí, nó mí-úsáid na bpáistí le linn cogaí. De reir na Náisún Aontaithe baintear feidhm as páistí go rialta agus go foirleathan mar throdairí agus mar shaighdiúirí, mar mharfóirí agus mar uirlisí bolscaireachta. Mar chruthúnas ar seo, díríonn na Náisiún aontaithe ár n-aird ar thíortha mar Rwanda agus an fianaise go raibh na céadta páistí páirteach in uafás cogaidh na tíre sin cúig bhliain ó shin. Déanta na fírinne tá go leor leor daoine óga, déagóirí anois don chuid is mó a bhí ina bpáistí trath an chogaidh, faoi ghlas go fóill i Rwanda. Ní raibh na cúisitheoirí idirnáisiúnta in ann coireanna cogaidh a chur in aghaidh na bpáistí nó bhí siad ró-óg ag an am, ach tuigeann na cúisitheoirí go maith go raibh na páistí freagrach as ollmharú, slad, céasadh agus coireanna eile - go minic in éadán páistí eile. Tá sé éascaí agus ró-éascaí páistí a ghriosú. Cuireadh faoi ghlas iad i gcomhair athraenála athmhuintearais agus sna campaí athraenála anosi tá siceolaithe ana Náisiún aontaithe ag éirí fuascailt de shaghas eigin a thabhairt do pháistí an chogaidh.

Is dócha go mbeidh daoine in Éirinn, anois agus muid ag bogadh ar aghaidh go shuíomh agus tréimhse iarchoimhlinte, is dócha go meidh siad ag cuimhneamh siar ar pháistí an chogaidh seo agus an dóigh a ndearnadh bruidiúlachas orthu ó gach taobh agus gur sciobadh a neamhúrchoideachas uathu lelinn tríocha blian de chogadh. Maraíodh go leor páistí, gortaíodh go leor páistí, cuireadh páistí faoi ghlas, fágadh páistí eile ina ndilleachtaí agus nuair a bhí na páistí sin fásta suas chonaic siad na rudaí céanna ag tarlú do pháistí a nglúin féin.

Ar ndóigh, ní i gcónaí a rinneadh damáiste fisiciúil ar pháistí. Uaireanta b'í an fhadhb a bhí ann ná go raibh bolscaireacht a dhéanamh díobh. Cé a cuimhníonn, mar shampla, an bus scoile a d'éalaigh, de reir tuairiscí, ó na céadta ionsaithe ar shaighdiúirí na Breataine nuair abhí `beagnár maraíodh...' mar mhantra ag an RUC? Nó cad faoi iarrachtaí an RUC dul isteach sna scoileanna lena gcuid nimhe a scaipeadh ar intinneacha úra na bpáistí ann? Nó, fiú, ar ár dtaobh féin nuair a ligeadh do stocaigh óga (is cuma cé chomh láisir agus a bhí a gcuid ídéalachais) dul i mballraíocht airm agus a saolta a chailleadh i gcogadh sula raibh aois an vóta acu fiú?

Tá sé sin go léir le hathrú anois agus ba chóir dúinn cinntiú nach bhfágfar cogadh agus cogaíocht mar oidhreacht ag páistí an ghlúin seo agus nach ndéanfaimis coir nó bolscaireacht orthu nó astu ar´si. Ag gach leibhéal. Ar mhaithe gach cúise.

`Sin an tuige go bhfuil mé buartha faoi scéalta an tseachtain seo faoi pháistí óga ag dul ar stailc in aghaidh Martin Mc Guinness bheith ina Aire Oideachais. Tá drochúsáid agus mí-úsáid na bpáistí ag sleamhnú isteach arís i saol polaitiúil an Tuaiscirt. ba chóir go mbeadh naire ar an DUP as sin, nó, nuair atá gach rud ráite, níl idir mí-úsáid na n-óganach sin agus gunna a thabhairt ar ghasúr i Rwanda ach ceist scála. Tá sé in am go mbeadh sos-chogaidh ag an DUP, agus go bhfágfaí na páistí as: agus ligint dóibh sult a bhaint as an ré gearr mar pháistí. Tá agus beidh go leor leor lena mbuaireamh níos móille ina saolta gan ré an neamhúrchoideachais a ghiorrú mar atá giorraithe go borb ag svengali an DUP!

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland