Top Issue 1-2024

25 November 1999 Edition

Resize: A A A Print

Fir Uaisle Naofa

Dé Domhnaigh seo chaite rinneadh naoimh dé dháreag eile san Eaglais Caitliceach. Deirtear gurb iad seo an dream deireanach a bhéas aitheanta oifigiúl faighte acu sa chéad seo. Tá suas le trí chéad naoimh aitheanta ag Eoin Pól II anois, is é sin formhór na naoimh a bhfuair aitheantas le cúig chéad bhliain.

Tugtar fá deara, áfach, gur fir uilig a bhfuair an t-aitheantas ofigúil Dé Domhnaigh seo chaite. Caithfidh mé a admháil nach gcuireann a leithéid de nuacht iontas ar bith orm agus tuiscint agam ar an dearcadh atá ag údarás na heaglaise.

Tuigtear go bhfuil níos mó fir uaisle I measc na naoimh ná dream ar bith eile. De réir foinsí eolais, is fir beagnach 80% de na naoimh aitheanta. Lena chois sin, creidtear go bhfuil cúlra uasal-aicmeach ag 90% de na naoimh.

Ar ndóigh, más bean bocht thú, is beag seans a bhéas agat aitheantas naofa a fháil ón Eaglais Caitliceach. Bhuel, ní dóigh liom go gcuireann seo iontas ar mhuintir na tíre agus tusicint soiléir againn ar an dóigh a bhfuil stadas na mban coinnithe faoi chois ag an eaglais céanna.

Maidir lenár dtír féin a bhfuil clú agus cáil uirthi ar fud an domhain mar oileán na scoláirí is na naoimh, níl ach triúr ina measc a bhfuil aitheantas oifigúil na heaglaise bronnta orthu. Anois níl mise ag gabháil a n-ainmneacha a lua ach fágfaidh mé é mar cluiche tomhais do léitheoirí an ailt aeo. Tabharfaidh mé leid amháin; níl mná ar bith I measc an triúr.

Má ndéanann duine ar bith againn iarracht smaointiú fá bannaomh Eireannach, is dócha go mbeadh naomh Bríd ar bharr an liosta nó congárach go leor don bharr. Ach, an ábhar iontais é nach bhfuil sí aitheanta? Maidir le Bríd féin, tá cúlra iontach págánach aici. Ba léir go raibh tionchar ollmhór ag reiligiún na draoithe uirthi, agus creideann scoláirí áirithe gur bandraoi a bhí inti i ndáiríre. Tá faisnéis cinnte againn go raibh bandia againn dárbh ainm Bríd ach níl aon faisnéis iomlán ann le cruthú go raibh bannaomh ann leis an ainm céanna.

Is é mo thuairim féein nach bhfuil an oiread sin naoimh aitheanta as Eire ná go bhfuil cúlra ceilteach againn. Níl amhra ar bith ann go bhfuil cúlra págánach ag an chuid is mó de na nósanna is na traidisiúin a chleacht na sean-naoimh in Eirinn. Ar ndóigh, bhí tionchar chomh mór sin ag an sean-reiligiún ná gur lean na Críostaithe á cleachtadh. B'é an fhadhb a bhí ann, ná go raibh údarás na heaglaise sa Róimh ag iarraidh smacht a choinneáil ar gach uile rud. Leoga, ní raibh siad ábalta na seantraidisiúin ceilteacha a smachtú.

Tharla go raibh tréimhse I stair na heaglaise go raibh scoilt ag forbairt I bhfad sula raibh trácht ar a leithéid de Martin Luther ná a dháth

Bhí an oiread sin mainistreacha bunaithe ag mainigh Eireannacha ar fud na hEorapa agus iad uilig ag cleachtadh seannósanna na Gaeil a bhí bunaithe ar traidisiúin na gCeiltigh go formhór. Bhí údarás na heaglaise sa Róimh i gcónaí ag iarraidh smacht a choinneáil agus a nósanna féin a chur in áit na seantraidisiúin dúchasacha. Ar ndóigh, tuigtear gur bhrúigh an Eaglais Caitliceach Laidin ar gach tír dúchasach a tháinig faoina cumhacht. Ar aon nós, bhí coimhlint cumhachta idir dream na Róimhe is an dream ceilteach a mahir roinnt mhaith de bhlianta. Ní gá dom a rá ach gur bhuaigh scaifte na Róimhe an achrann ag deireadh an lae.

B'íoranta an rud é ach cluintear ráitis anois is arís ó lucht an údaráis go bhfuil dearcadh nua-aimseartha forbartha ag an eaglais l'aird an phobail a mhealladh sa lá inniú. Cé go raibh moltaí is rúin raidiceacha curtha chun tosaigh ag Vatican II, níor tháinig mórán d'fhorbairt orthu thar tríocha bliain. Cad is fiú tuairimí eile a chur os comhair mhuintir na tíre inniú nuair a leanann údarás na heaglaise le seandearcadh coimeádach a chleachtadh?

Cibé ar bith, má táimid sásta glacadh le gach uile focal ó lucht an údaráis, nil seans ar bith againn mar Gaeil Ceilteacha neamh a bhaint amach. Bhuel, is dócha go mbeadh seans éigin ag na fir is saibhre atá inár measc.

An Draoi Rua.


Nirvana Oraisteach




Táinig Eoghan Mac Cormaic trasna suíomhanna in ómos dilseoireachais agus é ag surfáil le déanaí, ach ní bhfuair sé móráon ionspráide iontu...


Tá daoine a deirfidh nár chóir do phoblachtanach rá riamh `go raibh am saor aige/aicí' agus an mhéad sin rudaí atá le déanamh i gcónaí agus an easpa daoine leis an dua a chomhlíonadh. Bíodh sin mar atá, chruthaigh mé `am saor' domh féin le déanaí le linn domh bheith ag scríobh m'alt don pháipéar seo. Tharla go raibh mé ag iarraidh píosa eolais áirithe a chinntiú don alt agus rinne mé amach nach bhfuil eolaire níos foirleathaine, níos uilechumhachtaí ná an t-idirghréasan. Shuigh mé síos os a chomhair ag súil go mbeadh freagra le fáil ann do mo cheisteanna.

Bhí mé ag lorg eolais a bhain le dílseoirí, dáta áirithe a chreid mé go mbeadh tagairt déanta air ar cheann de na `suíomhanna' dílseoireachta. Chlóbhuail mé an focal `loyalist' sa bhosca ar leith a dhéanann cuardach den idirghréasan agus i bhfaiteas na súile bhí liosta fada de shuíomhanna leagtha amach domh, gach ceann acu ag tabhairt fáilte romham, gach ceann acu ag céiliúradh gnéithe éagsúla de dhílseoireachas. Nirvana Oraisteach.

Daoibh-se a thuigeann an t-idirghréasan, aithneoidh sibh an cineal ainmneacha a bhí le féiceáil ann... Orangenet, orangeweb, loyalweb agus mar sin de. Ní raibh mé ag smaoineadh faoi am ar bith a chaitheamh ag surfáil a leithéid de shuíomhanna ach ina dhiaidh cupla bomaite, `siúd mé, gnóthach ag léamh - agus ag gáire. Ní bheadh a fhios agat an dairire nó ag magadh atá `údair' na suíomhanna seo uaireanta agus an seafóid a chrochtar ann. Caithfimid glacadh leis go bhfuil siad i ndáirire ach ag an am céanna bíonn siad ina gceap magaidh mar gheall ar na tuairimí a bhíonn le léamh ann.

Ina measc na suíomhanna is mó suas chun dáta tá ULIS net. Seirbhís Eolais Dílseoirí Ulaidh.

Eolas, ar dhúirt mé? Is suíomh é seo in ómos do Billy Wright cé go bhfuil meascan de stuif eile ann chomh maith. Tá pictiúir bhrea de Johnny Adair ann, mar shampla agus ar eagla go mbeadh aon amhras ort faoi seasamh nó ceangail idir an LVF agus an Adair céanna tá amhrán molta ann do Johnny freisin.

Ar ndóigh, níl aon srian nó smacht ar an idirghréasan agus dá bhrí sin bíonn `suíomhanna scathan' ina bhfadhb mhór... `Seo iad suíomhanna a chuireann le fios go bhfuil siad in onóir duine nó cúis ach le fírinne go mbíonn ag obair ar chlár gnó dá gcuid féin. Tá ULISnet buartha faoi láthair go bhfuil suíomh eile ann a chuireann le tuiscint go bhfuil sé in ómos Wright ach atá báúil do phoblachtanaigh! Is léir go bhfuil `an scoilt' leathnaithe amach anois don idirghréasan féin. Bheadh Brendan Behan ana sásta leis an fhorbairt sin.

Ar na rudaí is greannmhaire faoin suíomh áirithe seo tá `clár na bhfógraí', roinn ar leith inarbh fhéidir le `cuairteoirí' don tsuíomh teachtaireachta a fhágáil. Faoin am gur tháinig mé féin air, bhí teachtaireachtaí ann ó beagnach 240 duine ach ní raibh siad ar aon intinne, ar chor ar bith, faoi theachtaireacht an tsuímh. Bhí go leor leor teachtaireachtaí ann ó dhílseoirí ag moladh ciníochais, agus náisiúnachais Breatánaigh agus go leor leor acu ag críochnú leis an mana `Hail Billy Wright!' Ach má bhí siad ann, bhí fógraí eile ag cáineadh na dteachtaireachtaí lán d'fhuath. Níor bhain mo rogha féin de na teachtaireachtaí le rudaí chomh dáirire sin, áfach. B'iad ainmneacha pinn na gcuairteoirí a thug cúis gáire domh: maslaí ó Pádraig ó Maolchraoibhe agus Gerry Adams, dán in onóir Wright ó Crip Mc Williams agus mar sin de. Nuair a léann cuairteoir na teachtaireachtaí níorbh fhéidir an chuid eile den tsuíomh a ghlacadh i ndáirire.

`Sí an fhadhb is measa faoin surfáil ná go gcaithfea uair a chloig i ngan fhios duit féin ag cur d'ama amú agus mar a dúirt mé, tá daoin ann a gheallann nach bhfuil am againn mar phoblachtanaigh chun chur amú. Ach nach fiú an t-am é nuair a thagann tú ar sheoda mar seo, ó shuíomh dílseoireachta eile a théann faoin teideal `Ireland Music', agus atá lán d'amhráin dílseoireachta/ciníocha/lán d'fhuath. Cuimhnigh go bhfuil siad i ndáirire faoi seo, agus iad féin a chuir an béime ann.

Hello hello, (bellow loudly)
we are the Billy Boys
hello hello
you'll know us by our noise
we're up to our necks in fenian blood
surrender or you'll die
`cos we are the Billy Billy boys
(repeat until arrested)

Bellow loudly?. A la Paisley, b'fhéidir?

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland