New side advert

16 September 1999 Edition

Resize: A A A Print

Ceangailte

Bhí an t-am ann, sna seachtóidí, nuair a bhí a fhios agat cá sheas duine má bhí sé nó sí `ceangailte'. San am sin, bhí sé ar an rud is reabhlóidí bheith ceangailte agus bhí a fhios ag cách, nuair a dúradh go raibh an duine seo nó siúd ceangailte, go raibh siad i measc na ngníomhaithe. Déanta na fírinne, bhí sé ar an rud is gníomhaí gurbh fhéidr a dhéanamh sna laethanta sin ná bheith `ceangailte'. Agus cén fath nach mbeadh sé mar sin i gcónaí?

Ar ndóigh, athraíonn ciall focal thar na blianta agus sa lá atá inniu ann ní hionann an `ceangailte' agus an ceangailte a bhí. Ceangailte leis an IRA a bhí i gceist sna seachtóidí ach ceangailte leis an idirlíon atá i gceist agam anois. Agus ná bíodh aon amhras faoi, is rud reabhlóideach é an t-idirlíon céanna.

An tseachtain seo chuaigh thart, nóiméid ina dhiaidh d'fhoilsiú Tuairisc Patten bhí cóip agam imo lámh thiar i gContae na Gaillimhe. Na bac le postas, ná le séirbhís seachadta; na fan ar nuachtáin an lae dar gcionn nó le nuacht téilifíse níos moille sa lá: las an ríomhaire, ceangail le Netscape nó Explorer agus i bhfaiteadh na súl bíonn tú ceangailte le háit ar bith nó oifig ar bith nó foinse eolais ar bith sa domhan.

Ach tá cleachtadh Sinn Féin i gcoitianta cineal measctha maidir le cúrsaí idirlíne. Tá áiteanna sa tír nach bhfuil ríomhaire acu fós gan bac le hidirlíon. Tá áiteanna eile atá ag brath go fóill ar clóscríobhán, agus ar inneal faics, chun an jab a chríochnú agus cé nach bhfuil tada cearr leis na huirlisí sin per se ní féidir a ghlacadh leo a thuilleadh mar na huirlisí cuithe don jab atá le déanamh againn. Tá siad rómhall, agus, creid nó na creid, róchostasach.

Le seirbhís idirlíne, agus le seoladh email ag gach cumann bheimis ábalta, mar pháirtí, scéal a scaipeadh, tuairimí a bhailiú, suirbhé a chruinniú, teachtaireachtaí a scaipeadh, raflaí a thachtadh, agus na baill agus cumainn a dhaingniú ar bhonn reatha agus láithreach. Dá mbeadh ardoifig ag scaipeadh preasráiteasaí, nó moltaí agus pointí díospóireachta ní bheadh aon ghá le páipéar, clúdach, nó stampa post agus ní bheadh aon mhoill idir titim an chlúdaigh i mbosca poist i Sráid Uí Chonaill agus seacadadh na litreach dhá nó trí lá ina dhiaidh sin i mBaile Uí Chonail. Ag obair le liosta `seoltaí email' thiocfadh leis an Ardrúnaí nó an Stiúrthóir Poiblíochta nó Cathaoirleach an Pháirtí fiche litir, caoga litir, céad litir fiú a scaipeadh ag an am céanna ar fud na tíre agus dár gcomradaithe thar lear, go láithreach ar chostas aon ghlaoch guthán amháin, níos lú ná deich bpingín. Ní bheadh ar chomradaí bheith ina sheasamh ag líonadh clúdach le páipéarachas, ní bheadh crann a leagadh gach uair gur mhaith le hardoifig teagmháil a dhéanamh leis na baill agus ní bheadh an bealach seo aon chéim níos measa ó thaobh slándála de ná an bealach eile le clúdaigh mhóra dhonna á scaipeadh thart ar gach teach poblachtánach i gCríocha Fodhla.

Níl aon leithscéal a thuilleadh, a chomradaithe. Thig le duine ar bith ceangail leis an idirlíon anois saor in aisce agus seoltaí email a bheith aige, agus fiú spás a bheith ann ar an ghréasan dá suíomh féin. Saor in aisce! Níl le ceannacht ach ríomhaire agus modem, níl le déanamh ansin ach cúrsa gearr traenála chun na bunscileanna a fhoghlam, rud nach bhfuil chomh cásta agus a ceaptar.

Níl aon leithscéal gan bheith ceangailte anois.

Smaoinigí faoi: m'ás fíor gurb ionann eolas agus cumhacht `sé an t-idirlíon an t-uirlis is cumhachtaí a chruthaíodh ag an cine daonna nuige seo. Nach féidir a rá, mar sin, gur rud frithreabhlóideach é gan bheith ceangailte, agus an mhéad sin cumhacht agus eolas amuigh ansin agus tú ag déanamh neamhaird ar?

 


Dá gcuirfí a leithéid de chóras aonteangach i bhfeidhm i gceart, ní ghlacfadh sé i bhfad go mbeadh aithne mhaith ag muintir na tíre seo ar chuid mhaith áiteanna in Éirinn `i nGaeilge' Pléann an Draoi Rua cás na logainmneacha.

Moladh ár Logainmneacha


Duine ar bith againn ag a bhfuil tuiscint dá laghad ar an Ghaeilge, is cinnte go bhfuil léargas ar leith aige ar logainmneacha na tíre. Cad chuige, mar sin an nglactar le drochBhéarIa seafóideach mar logainmneacha ar chor ar bith?

Ní ghá dom ceacht staire a thabhairt do léitheoirí fa'n dóigh a cuireadh ár dteanga dúchais faoi ansmacht ag na Sasanaigh ach bí cinnte go raibh leatrom forleathan ann. Bhí sé d'aidhm ag na Sasanaigh gach uile nós is traidisiún na nGael a scrios agus mar sin rinneadh iarracht ceol, filíocht, litríocht is acha'n rud dúchasach a chosc. Bhí sé mar chuid den straitéls iomlán seo logainmneacha gallda a chur i bhfeidhm.

Is beag an sólas dúinne a thuigbhéal go ndearna lucht impiriúlach na hEorpa amhlaidh ar fud an domhain. Níl le déanamh againn ach amharc ar léarscail an domhain agus feicimid go bhfuil tromlach na logainmneacha dúchasacha caillte sa Mheiriceá, san Astráil agus roinnt mhaith eile ar iarraidh san Afraic agus san Aise. Ní mór an t-ionadh go raibh an méid a leanas le rá ag Steve Biko:

``The greatest weapon in the hands of the oppressor is the minds of the oppressed''

B'fhéidir gur comhartha é den ansmacht a bhfuil orainn ar fad ón Éirinn go dtí an Afraic go raibh orm tagairt a dhéanamh do ráiteas i mBéarla.

Bhí deis ag an Stat sna Sé Chontae is Fiche ceist na logainmneacha a leigheas ach theip orthu trí polasaí dhá-theangach i dtaobh na logainmneacha, rud nach dtuigim ar aon dóigh.

Bíonn fógraí dhátheangacha le sonrú sna bailte beaga is móra tríd an 26 chontae ach bíonn an Ghaeilge i gcló níos lú, faoin Bhéarla. Leoga, is léir nach bhfuil an dhá theanga ar chomhchéim lena chéile.

Ba chóir do gach rialtais ó 1921 amach leaganacha Gaeilge amháin a úsáid agus gan bacadh leis an drochBhéarla dothuigthe in áit ar bith. B'fhéidir go dtiocfadh a leithéid a chur i bhfeidhm go fóill. Ar aon nós , is beag duine sa tír seo nach dtuigeann leagan Gaeilge dá cheantar dúchais fiú muna bhfuil ach `cupla focal' aige.

Dá gcuirfí a leithéid de chóras aonteangach i bhfeidhm i gceart, ní ghlacfadh sé i bhfad go mbeadh aithne mhaith ag muintir na tíre seo ar chuid mhaith áiteanna in Éirinn `i nGaeilge'. Ní amháin sin, ach dá ndéanfaí é i gceart is cinnte go mbeadh tuiscint thar a bheith níos fearr ag an gnathdhuine ar a chúlra féin nó ní amháin go mbeadh tíreolaíocht na tíre le foghlaim againn i gceart ach is léir go mbeadh neart eile is a thuilleadh curtha ar an eolas againn tríd logainmneacha.

Tá a lán rún éagsúla le fáil taobh thiar de thuiscint na logainmneacha. Leoga, tá dinnsheanchas le foghlam againn ar fad. Tá saibhreas bhreá de scéalta taobh thiar de na logainmneacha, idir scéalta laochais, finnscéalta, scéalta fiannaíochta agus scéalta ar shíoga is ar taibhsí. Ní amháin go bhfuil stair roimh Chríostaíocht ina gcuirtear ár ré arsa phágantach in aithne dúinn ach ní thig le duine ar bith againn ár dtréimhse iar-Chríostaíocht a sheachaint ar chor ar bith (m.s. Sliabh an Iolair an seanleagan ar Chruach Phádraig) . Mar aon leis sin, tugtar léargas spéisialta dúinn ar nósanna is traidisiúin ár shinsir ina léiríonn cuid de na ainmneacha gnéithe ar leith i dtaobh slite bheatha agus talmhaíochta a chuaigh romhainn. Chomh malth leis an méid seo ar fad, léirítear an dúlra dúchasach spéisialta i logainmneacha eile óir tá a lán ainmhithe, coillte is plandaí le fáil iontu.

Le tamall anois, tá clocha snoíte i gceantracha Gaeltachta ag léiriú ainmneacha na mbailte fearann ann. Ba chóir a leithéid de sharobair ó Údarás na Gaeltachta a mholadh toisc go léiríonn sé tábhacht na mbailte fearainn ach nach mbeadh sé iontach gach uile baile fearann in Éirinn a fhógairt ar an dóigh céanna?

De ghnáth, bíonn daoine bródúil as a gceantracha dúchas. Ar an drochuair, ní thuigeann lucht an Ghalltacht brí a gceantracha féin is dá bharr sin tá a bhféinmheas caillte acu agus glactar go forleathan le ainmneacha gallda i mBéarla ar eastait tithe nua is ar sráideanna nuathógtha.

Nárbh fhearrda i bhfad na seanlogainmneacha a athnuacháin sna eastait sin mar an chéad chéim eile in athGhaelú na tíre?

An Draoi Rua

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland
 

Powered by Phoenix Media Group