Top Issue 1-2024

19 August 1999 Edition

Resize: A A A Print

1969: Freagracht Shasana le feiceáil go lom

Is cuid den mhiotas anois é, i measc lucht cosanta an chorais reatha ar aon chuma, gur chuir Náisiúnaithe an Tuaiscirt fáilte roimh saighdiúirí na Breataine nuair a thángadar ar na sráideanna i mí Lúnasa 1969. Tá sé le tuiscint ag an gcuid eile againn gur rud nádúrtha é sin, is gurbh é caimiléireacht na Sealadach amháin a chuir an pobal in aghaidh na saighdiúirí céanna. Go deimhin go mbéadh an fháilte chéanna ann murach imeaglú ó lucht na ngunnán.

Bhuel, tá ruainne den fhírinne sa tuairim seo; ach i ndáiríre is mó osna faoisimh a ligeadh ná fáilte a fearadh. Faoiseamh mar gheall ar na hionsaithe armtha a bhí ar siúl le roinnt laethanta ag an RUC, na B-Specials is forsaí eile na nAontachtóirí.

Agus buadh a bhí ann. Ní hamháin gur sheas Náisiúnaithe ar fud na Sé Chontaetha le muintir Dhoire Cholm Cille a bhí faoi ionsaí, ach briseadh an RUC i nDoire. Ba le teann díoltais agus frustrachais a thug Aontachtóirí faoin bpobal Náisiúnaíoch go háirithe i mBéal Feirste.

Agus buadh a bhí ann leis, mar go dtí sin bhí rialtais na Breataine á gceilt taobh thiar den Ghnás Westminster, sé sin nach bhféadfaí cúrsaí inmheánacha na Sé Chontaetha a phlé i bpairliméad Westminster mar gur faoi Stormont a bhí freagarthacht ar na cúrsaí sin. Bealach deas le fíor-fhreagracht na Sasanach as a gcóilíneacht in Éirinn a sheachaint!

Ach nuair a shiúl na saighdiúirí Sasanacha ar shráideanna Bhéal Feirste is Doire, bhí deire leis an ngnás sin, agus bhí freagracht Shasana le feiceáil go lom os comhair an domhain.

Tuar dóchais a bhí ann mar sin nuair a tháinig na saighdiúirí ar an gcéad iarraidh. D'fhógair Rúnaí Ghnóthaí Bhaile Shasana, Jim Callaghan, an Forógra Sráid Downing, a gheall leasaithe cuimsitheacha - ina measc dí-ármáil is dí-mhíleatú an RUC, deire leis na B-Specials, daonlathas sa gcoras vótála, agus i riaracháin áitiúil, cúrsaí tithíochta is eile, ionannas cearta is mar sin de.

Agus an chéad scliúchas idir na saighdiúirí sin agus an pobal áitiúil, ba ar Bhóthar na Seanchille é nuair a rinneadh ciréib in aghaidh an Fhorógra, faoin rosc catha ``Is muide an Pobal''.

Ag breathnú siar air seo, is ait an rud é a thabhairt faoi ndear, cé go bhfuil athraithe móra ar an gcómhthéacs, gurbh iad na leasaithe céanna a gealladh i 1969 atá uainn go príomhdha inniu: forsa daonlathach póilíneachta, ionannas cearta, dí-mhíleatú, deire le caimiléireacht is leatrom sa gcoras riaracháin is fostaíochta; agus mar chuid de go n-aithneódh na hAontachtóirí nach iad amháin an pobal, nach iad ach cuid den phobal.

Ach más é toradh 1969 go raibh freagarthacht na Sasanach le feiceáil go lom anois, ba léir óna tharla insna míonna ar aghaidh go raibh deacrachtaí inmheánacha ar an taobh Sasanach.

Bíonn muid inniu ag labhairt faoina securocrats, an lucht slándála, a mbíonn a gclár oibre féin acu - clár a bhaineann le muintir na hÉireann a chur faoi chois agus an ruainne bheag seo den impireacht a choinneáil amhlaidh.

Tháinig na forsaí céanna chun tosaigh i 1969. Cómhghuaillíocht a bhí ann idir oifigigh an Airm ( agus an lucht faisnéise MI5 is MI6 ina measc) agus státseirbhísigh, go háirithe ó Oifig Ghnóthaí Baile is ó Oifig an Chommonwealth.

Ní raibh sé de mhisneach ag Páirtí an Lucht Oibre, faoi Harold Wilson, dúshlán na bhfrithbheartach seo a thabhairt, agus píosa i ndiaidh phíosa tosaíodh ar an gcúlú.

An chéad chéim a bhí i gceist acu, ar ndóigh, ná cosaint na gceantracha Náisiúnaíocha a bhaint den phobal. Rinneadh sin le cabhair ón Eaglais Chaitliceach. Agus ansin thosaigh an tArm ag cur isteach ar an bpobal. Stopadh leads óga ar na bóithre, tugadh droch-íde dóibh, d'éirigh sé soiléir nach raibh sé i gceist Forógra Sráid Downing a chómhlíonadh.

Ní don chéad uair in Éirinn é, ach bhí na Sasanaigh ag dul siar ar a bhfocal. Ach i ndáiríre, ní fhéadfadh sé gan a bheith amhlaidh. Cé gur bhris éileamh na gcearta sibhialta cumhacht na nAontachtóirí, ní raibh tuiscint chruinn ag an bpobal Náisúnaíoch ag an am faoin socrú fad-théarmach ba cheart dóibh a lorg agus cén chaoi, agus ní raibh tacaíocht chinnte ar bith acu ó rialtas an tSaorstáit i mBaile Atha Cliath.

Sé sin le rá, go raibh gá le feachtas polaitiúil ón bpobal a aontódh forsaí ar fud na hÉireann, sa mbReatain féin fiú agus go hidirnáisiúnta a chuirfeadh d'iachall ar na Sasanaigh leasaithe bunúsacha a thabhairt isteach, leasaithe i ndáiríre a chuirfeadh deire le réimeas Shasana in Éirinn.

Rinneadh iarrachtaí é sin a dhéanamh. Chuir Gluaiseacht Chearta Sibhialta an Tuaiscirt tús le sraith máirseálacha is agóideacha, ach sa deire b'é an freagra a thug na Sasanaigh air sin uilig ná imtheorannú agus Domhnach na Fola i nDoire Cholm Cille. B'fhiú do lucht cáinte an fhoiréigin cuimhniú air sin!

Is léir óna tharla i ndiaidh 1969, nach raibh dúil an phobail Náisiúnaígh, i saoirse múchta an tráth sin. Ní rabhthas ag rá gurbh fhearr a bheith rialaithe ag Sasanaigh ná ag Aontachtóirí; ach thuig na daoine, fiú mura dtuigeann na hiriseóirí inniu (nó b'fhéidir nach dteasataíonn uatha a thuiscint), gur céim i bproiséas na saoirse a bhí ann.

Go dtí sin bhíodh cead a gcinn ag an RUC; mharaíodar is bhuaileadar mar a thaitin leó; agus cé gur ghlac an tArm Sasanach leis an ngás céanna, ní mar sin a bhí cúrsaí nuair a thángadar ar na sráideanna ar dtúis.

Ach sé an cheacht is tábhachtaí ná nach ionann fonn díoltais ná an lámh láidir agus bua a chur i bhfeidhm. Cailleadh an aontacht a bhíodh ag an bpobal Náisiúnaíoch le haghaidh cearta sibhialta, is bhí na Sasanaigh in ann na difríochtaí idir taobhanna éagsúla den ghluaisacht náisiúnta a mhéadú is a úsáid ar mhaithe lena bpleananna féin.

Agus is é an dara cheacht ná, nach amháin nach féidir muinín a chur ariamh i bhfocal na Sasanach, ach gurbh é an t-aon gheallúint is an t-aon chosaint ar chearta na ndaoine ná a ngríosadh i a n-eagrú. Ní fiú socrú ar bith, is cuma cé cómh foirmeálta is atá sé, mura bhfuil an pobal féin eagraithe, aontaithe, gníomhach is faoi fhéin-smacht.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland