Top Issue 1-2024

24 June 1999 Edition

Resize: A A A Print

Thuas seal, síos seal

Mura mbeadh go leor fadhbanna ag tionóntaigh in eastait agus suíomhanna tithíochta poiblí cheana féin, is measa an cás anois - agus is laige cumhacht na dtionóntach dá bharr - i ndiaidh rialú Cúirte an tseachtain seo a thaobhaigh le teaghlach mangaire drugaí i gCorcaigh in éadán an bhardais a bhí ag iarraidh fáil reidh leo.

I mí Márta i mbliana cuireadh ordú díshealbhaithe ar chlann Heaphy imeacht as an teach bardasach atá acu i mBóthar Rathpeacon i gCathair Corcaigh. Bhí clú agus taifead coirpeach ag fear an tí, John Heaphy, as mangaireacht drugaí agus ní raibh muintir na háite sásta cur suas leis a thuilleadh. Tá fadhbanna móra i gCorcaigh le blianta anuas le húsáid, leathnú agus díoladh drugaí. Ar ndóigh nuair a thosaigh an comhphobal féin ag iarraidh beart a dhéanamh faoi, tháinig an dlí anuas orthu, fad a's a bhí na mangairí ag baint a mbrabúis as a gcoireanna frithphobal. Déanta na fírinne, tá cúiseanna á gcur fós in aghaidh daoine áitiúla i gCorcaigh, poblachtanaigh ina measc, as ucht na hagóidíochta a rinne siad ina aghaidh na mangairí le blianta anuas.

Ag tús na bliana seo, áfach, ba léir nárbh fhéidir leis an Garda súil dall a thiontú ar ghníomhaíochtaí na clainne Heaphy níos mó. Thug an Bardas cás cúirte ina haghaidh bean an tí agus i bhfianaise a thug sé don chúirt, dúirt Cigire Bleachtaire in Aonad na nDrugaí i gCorcaigh gurbh ionann teach Heaphy agus ollmhargadh drugaí, agus go raibh LSD, Cannabis agus ecstasy ar fáil go héascaí ann. Bhuaigh an Bardas cás chun an bat agus bóthar a thabhairt do Heaphy as ucht a drochiompair frithshóisialta.

Cuireadh iachall imeachta ar an chlann faoi choinníollacha Acht 1997 a thugann cumhachtaí do bhardas áitiúil tionóntaigh áirithe a dhíbirt den teach, ach thóg bean an tí, Helen Heaphy, achomhairc ina aghaidh cinniúint na cúirte ar an bhonn go bhfuil an Acht sin `neamhbhunreachtúil'. Bhuaigh sí an chéad chéim den achomhairc seo an tseachtain seo nuair a tugadh cead do athbhreithneamh, próiseas a thogfaidh suas go bliain sula gcríochnaíonn sé. Agus, má theipeann ar an achomharc tá Heaphy ag rá go leanfaidh sí ar aghaidh don Chúirt Uachtarach. San idirlinn, de reir le dlíodóir na Heaphy, ní bheidh cead ag bardais áitiúla, nó udárais áitiúla tionóntaigh eile a dhíbirt óna dtithe go dtí go mbeidh reiteach ar an cás áirithe seo. De reir leis, níl aon fasach dó agus de bhrí sin b'ionann é agus stop ar aon cásanna ar feitheamh.

Ach má tá stop `dlíthiúil' ar iarrachtaí chun fáil reidh leis na mangairí ,níl aon sos in aghaidh na mangairí ón chomhphobal féin. Le seachtain anois, tá agóidí ar siúl gach oíche ar na sráideanna taobh amuigh de thithe na mangairí i gceantar Faranree - ina bhfuil teach Heaphy suite - i dtuaisceart chathair Chorcaigh, comheagraithe ag an Comhairleoir Sinn Féin nua thofa Don O Leary ( ina ról mar chathaoirleach COCAD) agus ag comhchaidreamh na dtionóntach i Faranree. Tá siad ag seasamh an fhoid in aghaidh na mbuíonta mangairí atá ag díol a nimhe, agus ag bagairt ar theaghlaigh áitiúla go fóill, fiú ina dhiaidh solas na poiblíochta orthu, agus fiú leis an hagóidí faoi lán seol.

Tugadh an Acht 1997 isteach ionas go mbeadh cumhacht ag bardas áitiúil cuidiú le mianta agus toil na dtionóntach chun éastait glan ó dhrugaí a chruthú. Roimhe sin ní raibh de chumhacht ag na tionóntaigh ach cumhacht morálta, agus iad ag cruinniú le haghaidh picéadaí lasmuigh de thithe daoine contúirteacha; iad ag cur a saolta féin ar an líne ar mhaithe a bpáistí; iad ag déanamh jab nach raibh an stat sásta a dhéanamh. De bhrí rialú na cúirte an tseachtain seo tá an cumhacht dlíthiúil caillte acu arís ar feadh tamaill. Beidh siad ag brath, arís, ar a neart morálta, an neart a choinnigh iad le chéile go dtí seo agus a chinnteoidh, is léir, go mbuafaidh siad an cogadh in aghaidh na mangairí. Tá sé suas seal, síos seal; cumhacht buaite, cumhacht caillte, céim ar aghaidh agus céim siar. Ach buafaidh siad sa deireadh. Agus cuirfear ruaig ar na mangaire báis.


Daoine Fíor Éireannach?



     
Tá `cinéal nua tírghrá' á moladh ag Fine Gael. Saibhreas. Agus tá an t-íomha á chruthú gur maith an rud é saibhreas thar an coitianta - gan aon ceisteanna ar cé as a tháinig an saibhreas.
Bhí sé de mhí-ádh agam dul ar chúirt, Dé sathairn seo chuaigh thart, ar theach cara liom le linn de chraoladh theilifís na bainise ríoga i Sasana. Bhí an scaileán teilifíse lán de hataí móra ar chinn seandaoine críonna, roctha a fuair bás fiche bliana ó shin ach a bhfuil a gcorpanna saillithe in alcól ó shin agus le fir cheannchapallach... déanta na fírinne, níl suim agam in imeachtaí na clainne Windsor ach amháin mar abhar spoirt a d'fhóirfeadh dom mar phíosa aoir nó grinn in alt nuachtáin nó mar phíosa craic i gcómhrá d'oíche ólacháin. Ach tá suim ag mo chara sna imeachtaí seo ar fad.

`Fan go bhfeice tú seo' a deirfeadh sé liom. `Féach cé atá ag teacht anois..'

Bhí an liosta aíonna ina iomlán foghlamtha de ghlan mheabhair aige, agus bhí a fhios aige cé bhí le cé agus cén fath... Tá mé ag insint duit, bhí an scéal go léir aige agus é cíocrasach d'fhiricí eile dá leithéid. Bhí an bhainis, dar leis, níos fearr ná sobaldráma - toisc na `caractair' bheith beo, agus nuair a bheadh argóint, díbirt, nó fuil doirte bheadh a fhios aige nach ficsean a bheadh ann ach an fhírinne.

`An bhfuil spéis agat sa teaghlach ríoga?' arsa mé nuair a thug mé fa' dheara nach raibh sé chun an teilifís a mhuchadh. `Shíl mé gur duine thú a bheadh in aghaidh aicmeachais'.

`Sin ceart' arsa sé. `Ach `seo an eisceacht. Is maith liom feiceáil cé atá i bhfabhar agus cé nach bhfuil i bhfabhar in imeachtaí mar seo. Fírinne a rá, is cosúil le bailiú fianaise atá mé'.

Níor chreid mé é ar ndóigh. Agus dá mb'fhíor, bhuel cad chuige fianaise a bhailiú faoi ríocht eachtrannach, gallda. Ba léir domh go raibh sé ag amharc ar na saibhre toisc go raibh suim aige iontu, per se. Bhí, leoga, níos mó ná suime i gceist. Bhí sé meallta leis an seó ar fad.

Is nós aisteach é seo in Éirinn, ag dul i sodar na saibhre. Do phobal a d'fhulaing an iomarca ón uasaicme, tá suim marfach againn, nó i gcuid againn, in imeachtaí uasaicme na Sasana. Agus anois tá an leagan áitiúil ar fáil.

Cupla seachtain ó shin foilsíodh don chéad uair iris nua Éireannach a mhacasamhail de Hello na hÉireann. Nach trua é nach bhfuil aon fhocal amháin againn do Hello? Ní shuífeadh `Dia Dhuit' ro-chompórdach ar bharr irise, is cuma cé chomh `chic' is atá an Ghaeilge na laethanta seo. Mar sin, roghnaigh foilsitheoirí na hirise ainm eile di, VIP. Ciallaíonn na cinnlitreacha Béarla sin Daoine Fíor Éireannach de reir le dealraimh.

Daoine Fíor Éireannach, cluinim sibh ag rá. Cén saghas daoine iad na fíor-Éireannaigh seo?

Bhuel, is féidir linn bheith cinnte nach daoine boichte iad. Ní VIP é nó í an seanfhear bhocht a shuíonn taobh na sraide ag iarraidh deirce, nó an bhean bhocht i scuaine taobh amuigh d'oifig leasa sóisialta. Ní VIPs iad ach an oiread na hoibritheoirí sraide, monarchana, nó seirbhís a choinníonn an tír ag gluaiseacht. Nó 98% den daonra, déarfainn, nach mbeidh a n-aghaidheanna riamh ar chlúdach VIP nó a scéalta á n-insint istigh ann.

Agus na déan dearmad ar chiall na litreach `I' sin i VIP... ní tábhachtach, ach Éireannach atá i gceist - dar leis na foilsitheoirí. Fíor Éireannach, mar dhea.

Tá slát tomhais an Fhíor Éireannachais athraithe faraor, agus in aois seo an tiogar ceiltigh ní fíor Éireannach thú mura bhfuil tú ar na daoine is saibhre sa tír. Bhí tráth ann nuair a b'ionann tír ghrá agus fíor-Éireannachas, ach fiú i manaí toghchánaíochta na laethanta seo léimid faoin `cinéal nua tírghrá' á moladh ag Fine Gael. Saibhreas.

Tá an t-íomha á chruthú anois gur maith an rud é saibhreas thar an coitianta - gan aon ceisteanna ar cé as a tháinig an saibhreas - agus tig leat bheith cinnte de go neartóidh agus go ndluthóidh iris mar VIP an t-íomha sin. Tabharfaidh iriseoirí agus grianghrafadóirí na hirise cuairt ar thithe na saibhre, agus tcífidh muid tithe dathúla, seomraí dathúil, troscan agus ornáidí dathúla, páistí dathúla agus daoine dathúla mar gheall ar na cuairteanna seo. Fíor Éireannachas? Ní dóigh liom é, ach sin é an t-íomha a moltar dúinn a leanúint, an bréag-Éireannachas samhlaíoch nach bhfuil aon bochtanas ann agus ina bhfuil sé nadúrtha go bhfuil níos mó caite ar éadaí in aghaidh na míosa ná mar atá mar ioncam ag formhór na dteaghlacha sa tír seo i mbliain.

Is cinnte go mbeidh mo chara meallta ag léamh VIP amach anseo. Agus mar leithscéal, beidh sé ag rá liom gurb ionann an spéis sna saibhre agus saghas bailiú fianaise futhu. B'fhéidir go bhfuil ciall ina amaideacht. B'fhéidir gur chóir dúinn go léir níos mó suime a thabhairt in imeachtaí na saibhre - agus tairbhe a bhaint as an fhianaise ina dhiaidh!


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland