New side advert

17 June 1999 Edition

Resize: A A A Print

Tuatha de Dana

Tuatha de Dana


     
Gheall Dana i rith an fheachtais go rachadh sí go príosún i dtacaíocht na bhfeirmeoirí. An bhfuil aon rud nach ndéanfadh Dana ar mhaithe vóta?
Bhí a fhios agam, go moch maidin Dé Sathairn, go dtoghfaí Dana ina Feisire Eorpach. Ní raibh an t-amhránaí féin i láthair san ionad comhairimh nuair a tháinig mé den tuairim sin ach, na vótaí agus páipéir reifrinn á sortáil agus a roinnt idir toghcháin Chomhairle Chondae, Comhairle Cathrach, Pairlimint na hEorpa agus Reifrinn, ba léir go raibh vótaí Dana ag teacht ó fud fud na háite. Agus ag méadú.

Ní raibh spéis ag lucht déanta na dtáillí ó Fhianna Fáil nó Fhine Gael sna páipéir Eorpacha, maidin Dé Sathairn san ionad sortála i nGaillimh. B'fhéidir go raibh muinín acu ina lucht tacaíochta féin, b'fhéidir nach ndearna siad macnamh riamh ar fhéidireachtaí go dtoghfaí iarrthóir eile. Ach a fhad agus go raibh muidne a bhí ag déanamh táillí Shinn Féin ag fanacht ar oscailt na mboscaí dár n-iarrthóir áitiúil, chruinnigh muid táillí na hEorpa do vótaí Chathair na Gaillimhe agus ba léir go raibh sí ag baint vóta cathrach láidre. Fiú i gceantracha `lucht oibre' bhí vóta de 25% aicí. I mbosca amháin bhí vóta de 33% aicí agus bhíothas á smaoineamh go dtoghfaí í ar an chéad chomhaireamh dá leanfaí leis an phatrún sin ar fud an toghcheantair.

Toghadh í go compórdach i ndeireadh an lae, cé nach ar an chéad chomhaireadh a tharla sé, agus sa triú áit a roghnaíodh í. Ach mar a dúirt duine liom ina dhiaidh fógairt an toraidh, `táimid stuck lei anois ar feadh cúig bliana mura bhfuil scannal éigin ann a chuirfidh brú uirthi éirí as...'. Is beag seans go mbeadh scannal ann agus is lú seans go ndéanfadh sí botún mór a chaillfeadh bá agus tacaíocht an dream úd a chinntigh bua dí. Tá Dia, go bhfoire Dia linn, i gcampa Dana.

Tá daoine ag iarraidh bua Dana a mhíniú agus a thuiscint ó toghadh í, nó is ionann `míniúchán' anois agus leithscéal ar an neamhaird a tugadh ar fheachtas na mná i rith na dtoghchán. Tá Fianna Fáil ag caint anois faoi `fheachtas dofheicthe' agus `gné dothuigthe' dá feachtas. Níor mhaith leo milleán a chur ar an vóta tuathánach nó méara a dhíriú ar chumhacht na muineal dearg, nó ba mhaslach é sin do vótóir a thiocfadh leo teacht ar ais, lá éigin, go Fianna Fáil mura mbeadh Dana ná a leithéid ann. Ach dar liom féin ní féidir vóta Dana a mhíniú i dtéarma tuaithe / cathrach amháin mura ndéantar athsainmhíniú ar Chathair na Gaillimhe mar baile tuaithe in áit cathrach soifisticiúla... rud nach gcuirfeadh mórán sásaimh ar shaoránaigh na Gaillimhe. Amharcann cuid mhaith acu orthu féin mar dhaoine nua-aimseartha, iarchreideamh, liobrálach. Ní shuíonn bua Dana, agus an pháirt a d'imir an chathair sa bhua sin, go sámh ar ghuaillí lucht Fhéile na Gaillimhe; bunaitheoirí Macnas; Cúirt; Féile na Scannán nó go leor leor imeachtaí liobrálacha eile.

Lonnaigh Dana a cheannáras toghchánaíochta i nGaillimh ag tús an fheachtais agus is go Gaillimh a thiocfaidh sí nuair a fhilleann sí ó na Stait Aontaithe chun a baile a bhunú arís in Éirinn. Nach léiríonn sé sin go n-aithníonn sí rud coimeadach, den éite dheas, faoin chathair na n-aithníonn lucht na cathrach féin fiú? Chuartaigh sí votaí na dtuataí chomh maith, ar ndóigh, lena scéalta agus a teachtaireacht simplí, a raibh blas na seanmóra orthu uaireanta in ionad ráitis polaitiúil. Ach nuair a labhair sí go díreach leis an phobal, ar an raidio nó ar an teilifís, mheall sí lena glortha iad.

Ag caint dí ar Galway Bay FM seachtain roimh na dtoghchán, cuireadh ceist uirthi faoi na SACs nó Special Areas of Conservation. B'fhéidir go raibh a fhios aici cad a bhí i gceist, b'fhéidir nach raibh a fhios aici tada faoi, ach labhair sí, go bog, go caoin, go mealltach. `Dá mbeifea liom inné' arsa sí `i gcistín beag Paddy Egan i Ros Comáin... Níl cead ag Paddy a thuilleadh móna a bhaint... Agus dúirt Paddy liom go rachadh sé go dtí an príosún féin mar gheall ar na dlithe seo. Agus deirimse libh anois, go rachaidh mé féin go príosún leis...' Ar ndóigh, bhí an lucht féachána soifisticiúla sa stiúideo sna trithí gáire faoin bholscaireacht agus bladhar ach i gcistíní na míltí macasamhail de Phaddy Egan ar fud Connachta, i Ros Comain, i Maigh Eo agus i nGaillimh bhí éisteoirí ag macnamh faoi, agus ag déanamh intinne suas an vóta a thabhairt do Dhana.

Is trua an admháil, ach b'fhéidir gur toghadh í toisc gur dhúirt sí a raibh ó na vótóirí... amaideacht simplí, abairtí dobhréagnaithe toisc nach bhfuil aon substaint iontu, geallúintí nach líonfaí ach atá níos suimiúla, níos greannmhara fiú, ná na geallúintí ó na páirtithe eile. Agus táimid `stuck' lei anois, agus leis an choimeadachas agus an frithghníomh agus leis an meon eite dheas sin uaithi. Cérbh é a dúirt gur choinciap contúirteach é an vóta daonlathach?

Fáinne Inmheánach



Deirtear go bhfuil Gaeilge ag breis agus 150 ball den RUC anois. Scrúdaíonn Eoghan Mac Cormaic iarracht eile a rinneadh trath chun Gaeilge a fhorbairt - i measc bardaigh na Ceise Fada!

Chuir mé spéis sa tuairisc an tseachtain seo chuaigh thart a dúirt go bhfuil timpeall 150 ball den RUC i ndiaidh Gaeilge a fhoghlaim. Chuir sé sin i gcuimhne domh faoin am gur chaith grúpa bardach i gCampa na Ceise Fada tamall, tráth, ag freastal ar ranganna Gaeilge - cé nár foilsíodh riamh torthaí a gcuid staidéir nó ar éirigh leo riamh an Ghaeilge a fhoghlaim i gceart.

Tharla go raibh údaráis an phríosún sna Blocanna H ana-fiosrach ag an am faoi chómhrá na gcimí, a bhíodh ag scairteadh teachtaireachtaí trasna go rialta idir na sciatháin nó uaireanta idir na blocanna féin, agus, ar ndóigh, ba as Gaeilge a scairtidís. An rud ab'aistí faoi chinniúint na n-údarás príosún ná, leoga, gur thóg sé chomh fada sin dóibh tús a chur leis na ranganna Gaeilge. Níor bhac siad le ranganna ar chor ar bith i rith tréimhse na hagóide plúide, agus mar is eol, ba bheag Béarla a labhródh na cimí tríd na doirse, nó idir sciatháin sna blianta sin. Ba mhinic a cheap muid ag an am gur chinnte, chinnte, go mbeadh cuid de na coimheadóirí ag foghlaim Gaeilge chun fáil amach cad a bhí á phleanáil agus á sheiftiú againne, nó bhí orainne gach uile rud a phlé go hoscailte dá bhrí go raibh muid faoi ghlas 24 uair in aghaidh an lae.

Ach níor fhoghlaim. Is féidir linn a bheith réasúnta cinnte faoi sin anois, agus muid ag amharc siar, nó bhí údaráis an phríosún i gcónaí dall ar ár straitéis agus ár bpleananna. Fiú sna huaireanta nuair ab'fhéidir leo ár bpleananna a sharú - dá dtuigfidís an treoir a bhí á thabhairt amach trí Ghaeilge ag na doirse - níor bhac siad, agus ba mhinic ionadh orthu nuair a bheadh na fir phlúide sna sciatháin agus blocanna éagsúla go léir ábalta aon bheart nó buille amháin a dhéanamh ag an am céanna. Agus ionadh orainn faoi ionadh s'acusan.

Ach nuair a bhí an agóid thart, ar fath amháin nó ar fath eile, bhunaigh na coimheadóirí ranganna Gaeilge. B'fhéidir gur shíl siad gur chinnte go raibh rudaí tábhachtacha á scairteadh idir na sciatháin i nGaeilge. Is beag an sólás dóibh anois, ach admhóimis go raibh úsáid na Gaeilge cosúil le húsáid gutháin phoca... meastar go mbaineann daoine feidhm as gutháin phoca le teachtaireachtaí práinnneacha agus tábhachtacha a sheoladh. Ach de reir le staidéar a rinneadh le déanaí, baintear níos mó feidhm as na gutháin chun teachtaireachtaí simplí, amaideacha, neamhthábhachtach, a sheoladh: `ná déan dearmad pionta bainne a thabhairt abháile leat anocht..., tá mé ar mo bhealach, tcífidh mé thú i gcean cúig nóimead' agus araile. B'amhlaidh an cás do Ghaeilge sna blocanna cuid is mó den am, ach bhí amhras na mbardaigh muscailte agus bheadh orthu Gaeilge a fhoghlaim.

Is cinnte, áfach, go raibh Gaeilge na mbardach ag brath i gcónaí ar an chaighdeán múinteoireachta a fuair siad. Agus an caighdeán teangan. Nuair a chinn Oifig Thuaisceart Éireann ranganna a bhunú do na coimheadóirí, níor mhínigh éinne dóibh go bhfuil a leithéid de chanúintí éagsúla in Éirinn, agus mar a tharla sé nuair a thosaigh siad ag foghlaim, b'í Gaeilge na Mumhan a mhúin an múinteoir sa rang. Ní gá domh a rá ná go raibh Gaeilge na Mumhan an-úsáideach do na bardaigh sna Blocanna H.

Ar ndóigh, bhí bardaigh ann a chuir le fios gur thuig siad Gaeilge, cuid acu a d'inis dá gcomhleacaithe go raibh siad beagnach líofa, go deimhin. Chluinidís sinn ag scairteadh focal áirithe arís agus arís eile agus ina dhiaidh tamaillín, ar dóigh, thuigfidís an corr focal. Uaireanta, chluinfidís leasainmneacha á scairteadh agus fiú mura dtuigfidís ciall na leasainme, bheidís in ann aithint cé leis an teidéal. Is cuimhin liom bardach amháin darbh ainm Nurse, a gheall go raibh cumas na Gaeilge aige, agus a d'inis sin go rialta do choimheadóirí eile. Blianta ina dhiaidh na hagóide, tharla go raibh sé mar duine d'fhoireann cuardaigh a tháinig isteach mo chillín lá. Bhí roinnt leabhar Gaeilge sa chillín agus thosaigh sé ag breathnú tríothu, rud a chuaigh i bhfeidhm ar na bardaigh eile a bhí in einneacht leis.

`An dtuigeann tú Gaeilge, a Shéamaí?' a d'fhiafraigh duine acu, i mBéarla.

`Tuigim í, cinnte' arsa sé. D'amharc sé orm ach níor dhúirt mé tada leis. `Agus', ar seisean lena leathbhádóirí, `tá ainm Ghaeilge orm, fiú'. Mhuscail mo spéis.

`Caidé an t-ainm atá ort, mar sin?' arsa a chomradaí leis.

`Páiste suirí' arsa sé go brodúil. `Nach bhfuil an ceart agam?' arsa sé liom.

`Oh, gan amhras', arsa mé. `Is tusa an páiste suirí ceart go leor.'

Do mheas go bhfuil sloinnte dá leithéid i measc `Ghaeil' an RUC?

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland
 

Powered by Phoenix Media Group