Top Issue 1-2024

10 June 1999 Edition

Resize: A A A Print

Claíomh Simplí na Fírinne....

B'é George Orwell a luaigh cumhacht na Bréige Móire, tráth, agus an chumhacht a bhaineann leis. Ní fiú d'am a chur amú ag inseacht bréaga beaga inaimsithe nuair is féidir ceann mór dobhréagnaithe a chumadh - agus má's fíor an teoiric, is éascaí é don phobal creidmheas a thabhairt don Bhréag Mhór ná dá comradaithe beaga.

Is cinnte go bhfuil Jonathan Aiken ag cuimhneamh ar an chomhairle sin an deireadh seachtaine seo agus é ar tí tús a chur lena sheal faoi ghlas as ucht na bréige (simplí) a d'inis sé ceithre bliana ó shin ag séanadh gur íoc cara Arabach leis bille ostáin le linn cuairte go Paras. Nuair a d'fhoilsigh an Guardian an scéal agus nuair a bhréagnaigh an Feisire Coimeadach sonraí ar chuireadh i gcló ag an nuachtán, d'fhoilsigh siad arís é agus thosaigh sé cás clúmhillte in aghaidh an nuachtáin.

Cuimhneofar go deo ar an bholscaireacht agus an bladhmaireacht a tháinig mar aiseag ó bhéal an bhréagadóra nuair a chur sé tús leis an cás: bhí sé chun `bréaga' na cumarsáide a throid , agus dá mba é féin a bheadh ann, ar a aonar, i dtulach na troda, rachadh an Daithí calma seo amach ina aghaidh Goliath na n-iriseoirí le `claíomh simplí na fírinne'.

Claíomh simplí na fírinne, mar dhea.

Má's féidir botún Aiken a shainmhíniú, b'é gur iarr sé bréagadóirí eile a thabhairt isteach sa scéal leis, mar fhianais dá cháis. D'iarr sé ar a chéile, a chomharsa agus faoi dheireadh ar a iníon dul os comhair na cúirte agus bréaga a inseacht ar a shon ach mar a thuig Orwell, gheibhtear na bréaga beaga amach sula bhfaightear An Bhréag Mhór amach agus níorbh fhada - 10 lá go deimhin - go dtí gur theip ar an cás clúmhillte agus go raibh air admháil gurbh éisean an bréagadóir agus gur chás falsa a raibh á chur ar aghaidh aige sna cúirteanna.

Tharla sé sin dhá bhliain ó shin, ag am nuair a bhí Aiken a lua mar dhuine a bheadh ina Phríomhaire na Breataine amach anseo, ach dá bhrí a admhála chaill sé an fuip Coimeadach i dTeach Pairliminte Westminster. Sna tóghcháin a lean ar sin chaill sé a shuíochán - cé go raibh ioncam aige go fóill a lig dó £11 000 a chaitheadh in aghaidh na míosa - agus an tseachtain seo thit an casúr nuair a éisteadh leis an cás mionna éithithe ina choinne. Fuarthas ciontach é agus gearradh téarma príosúnachta 18 mí air.

De ghnáth, ceiliúrann muid cásanna clúmhillte a bhuaitear in aghaidh nuachtán nó tuigimd cé chomh binibeach is a bhíonn nuachtáin ar shaolta príobhaideacha daoine. An uair seo, áfach, beidh daoine sásta gur chaill an achomharcóir agus gur bhuaigh an cúisí, nó is ionadaí Aiken den taobh is measa den fhás lofa i gcroílár na polaitíochta, agus den saghas duine a thabharfadh breithiúnas ar dhaoine eile gan a lochtanna íolmhaire féin a aithint. Cuimhním ar fhocal Sean Mac Manus ag Ard Fheis Shinn Féin i mbliana agus é ag caint ar sleaze i bpolaitíocht na hÉireann ` má's gá go gcaithfidh na gadaithe agus polaiteoirí lofa tréimhse in áit níos crua, bíodh sé sin mar a bhíodh...'. Tá Aiken, dar le cách, ag baint toraidh na síl a chuir sé.

Tá an Guardian sa tóir ar Aiken anois ar iarraidh costaisí an cháis chúirte ar thóg sé ina aghaidh sa chéad dul síos a athaghabháil, agus luaitear figiúir de dhá mhilliún punt d'fhiacha. D'fhógair Aiken é féin ina chlisiúnach an tseachtain seo, ach tá súil dlíodóirí an Ghuardian ar sheilbh agus teach an iarfheisire (luach £1.8M) mar chúiteamh a gcostaisí. Chaill an fear bocht a uaireadóir Rolex agus a lúibíní cufa le déanaí nuair a tháinig an Sirriam ar a lorg. Níl fágtha anois aige ach Claíomh Simplí na Fírinne... ach ní fios cén luach a thabharfaidh an teach gill ar chlaíomh chomh teimhlithe sin.


De Brún i dTaobh Doimhin an Linn Snámha



     
Má bhí bá agus chomhbhá againn do Mhichelle de Brún riamh níor choir duinn ligint don bhá sin mearbhall a chur ar ár mbreithiúnas féin anois agus maithiúnas neamhthuillte a thabhairt di ar bhonn a náisiúnachais
Tá sé deacair bá a ghairm suas do dhuine a bhris an cód spoirt agus a d'úsáid drugaí, agus dá bhrí sin is uaigneach an saol é do Mhichelle Smith de Brún an tseachtain seo agus toradh a hachomhairce foilsithe ag dearbhú gur chuir sí isteach lena cuid samplaí agus go raibh sí, ar chúinse an cur isteach sin, ciontach as mífheidhm drugaí. Ar ndóigh níl an snámhaí í féin ag admháil tada, agus séanann sí go fóill go ndearna sí aon rud mídhleathach. Is laige a séanadh sin anois, áfach, agus toradh aonghuth na cúirte achomhairce againn agus ag pointe éigin caithfidh muid glacadh leis go bhfuil sí ciontach.

Déanfar cás de go bhfuil gach duine neamhchiontach go dtí go `gcruthaítear' a mhalairt. Má ghlacann muid leis an riail sin, caithfidh muid glacadh leis an smaoineadh, chomh maith, go bhfuil `cruthúnas' inchruthaithe ag pointe éigin agus go bhfuil slat tomhais an chruthúnas sin leagtha síos, go neamhspleách, ag coiste, cúirteanna agus bordanna ceaptha ag na himreoirí spoirt féin. Ní hionann séanadh láidir de Brún agus neamhchiontacht.

Sa tsóchaí seo, san aois seo, bíonn cúirteanna de gach saghas leibhéal agus cumhachta ag feidhmniú - cuid mhaith acu faoi stiúr agus ar mhaithe grúpa beag daoine ar leith a bhfuil an spéis céanna acu. Go minic b'é an grupa ar leith a bhunaigh an chúirt ionas go mbeadh féinrialú ann, nó go dtuigfead an pobal lasmuigh den ghrúpa go raibh caighdeáin intuigthe, inghlactha agus inoibrithe acu agus gurbh fhéidir leis an chuid eile dínn glacadh go raibh an grúpa ag feidhmiú ar bhonn cothromais. Tóg, mar shampla, an Chúirt Oibre, nach bhfuil cumhachtaí aici taobh amuigh de ghnéithe a bhaineann le fadhbanna oibre. Nó An Bord Snúcair nach gcuireann isteach orainn ar chor ar bith mura bhfuil muid inár n-imreoirí snúcair. Nó FINA, a leagann síos rialacha do imreoirí spoirt agus a eisteann lena ngearáin agus a scrúdaíonn le gearáin ina n-aghaidh.

Má's maith leat snámh i gcomórtais caithfear glacadh le rialacha FINA agus tá ar an chuid eile againn glacadh leis go ndéanann grúpa amhail FINA a ghnó i módh macánta agus proifisiúnta... agus go nglacfaidh muid lena dtorthaí ag deireadh cáis. Fiú nuair is cás in aghaidh laoich spoirt Éireannaigh atá faoi chaibidil. Fiú nuair is cás i gcoinne Michelle Smith de Brún atá i gceist. Fiú nuair a gheibhtear ciontach í. Go háirithe nuair a gheibhtear ciontach í.

San amhrán The Men Behind the Wire, tá an líne dodhearmadta, `being Irish means you're guilty, so we're guilty one and all'. Chreid mé sa líne sin ar feadh na mblianta mar, is doigh, a chreid go leor leor daoine eile. Agus b'fhíor dó - i gcásanna polaitiúla. Ach níorbh fhíor é i gcásanna neamhpholaitiúla; níorbh fhíor don mhalairt gurb ionann Éireannachas agus Neamhchiontacht, `being Irish doesn't necessarily mean you're innocent'. I gcás de Brún ní féidir glacadh le polaitiú an cháis agus cúis simplí a dhéanamh cásta dá bhrí. Nuair a cheangail sí an Seisear Birmingham nó an Ceathrar Guilford isteach lena cás féin anúraidh, rinne sí drochsheirbhís do chás na nÉireannach neamhchiontach úd. Má bhí bá agus chomhbhá againn do Mhichelle de Brún riamh níor choir duinn ligint don bhá sin mearbhall a chur ar ár mbreithiúnas féin anois agus maithiúnas neamhthuillte a thabhairt di ar bhonn a náisiúnachais.

Glacaim féin leis an toradh. Glacaim leis go raibh sí ag baint feidhme as drugaí spoirt neamhcheadaithe.

Is trua di, mar dhuine, go raibh sí chomh ocrasach sin do bhoinn agus don mhír churaidh go raibh uirthi feidhm a bhaint as drugaí, ach ba mhó an trua anois dá ndéanfaimis `maithiúnas' náisiúnta di agus dearmad a dhéanamh ar an dochar a rinne sí do sport in Éirinn. Scriosann drugaí saolta, agus scriosann drugaí spoirt saolta agus gura fada uainn `laoch' a úsáideann drugaí. Bhí sí ina `role model' do go leor leor páistí agus scriostar go leor brionglóidí óga mar gheall ar an toradh seo.

Ní locht domhaite é sin, cé gur deacair an damáiste a mhaitheadh, ach deirtear gurb í an chéad cheim i dtreo maithiúnas ná aithreachas. Ba mhaith an rud é maithiúnas a thabhairt di, ach caithfidh an maithiúnas sin a thuilleadh. Fanaimis anois ar athrú an aithrí.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland