Top Issue 1-2024

27 May 1999 Edition

Resize: A A A Print

An oíche a chaoin Mary Harney

Barry Desmond bocht! Rachaidh sé dian air déanamh gan a thuarastal mar chomhalta de Chúirt Iniúchóirí an AE. Tar éis sé bliana de bheith ag tuilleamh £120,000 sa bhliain beidh air dul i dtaithí ar bhreathnú ar thaobh na bpraghsanna den bhiachlár.

Ach is bronntanas é do Bertie go mbeidh folúntas Barry le líonadh aige. Teastaíonn ó Mary Harney go bhfaigheadh Des O'Malley an post. Tá Mary ag breathnú amach do cheapachán a d'oirfeadh don Bhuamadóir O'Malley ó theip air sa toghchán don Pharlaimint Eorpach ceithre bliana ó shin. B'in an oíche a bhfuaramar amach nár bhean chrua gan chroí í Mary. Chaoin sí deora nuair a séanadh an ``pinsean'' Eorpach ar an mBuamadóir. Ní gá a bheith i do iniúchóir leis an £120,000 sa bhliain a bhaint amach. D'fhéadfadh Des an jab a dhéanamh agus cur faoi sa Bhruiséil rud a thabharfadh deis dó champagne a ól go rialta i gceannáras ECAT agus comhairle a roinnt leis na ginearáil.

Tá daoine ann a deir nach bhfuil an Chúirt Iniúchóirí ró-iniúchach. Cleachtaítear camaistíl ar scála ollmhór sa Choimisiún Eorpach. B'in ba chúis le turnamh Jacques Santer agus a chomhghleacaithe. Ba é an locht ba mhó a bhí ag an bParlaimint Eorpach ar Santer agus a chuid nach raibh smacht ag na Coimisinéirí ar fhoras an Choimisiúin. Níl aon sóirt chomharthaí ann go bhfuil athrú le bheith air sin.

Níl aon ghné dhaonlathach ag baint le ceapadh ardfheidhmeannaigh an Choimisiúin. Club féin-athnuachana é maorlathas na Bruiséile agus bíonn buiséid ag na Stiúrthóireachtaí-Ghinearálta a sháraíonn a mbíonn ag cuid mhór tíortha. Beag beann ar an gcaimiléireacht lom tuigeann an uile ardfheidhmeannach go bhfuil an coimisiún ann le leas fhathaigh an rachmais dhomhanda a chur chun cinn. Is fiú aird a thabhairt ar a bhfuil le rá ag an Stiúrthóir-Ghinearál um Ghnóthaí an Mhargaidh Inmheánaigh agus um Sheirbhísí Airgeadais, John Mogg, faoin ``ailtireacht airgeadais dhomhanda'' atá á pleanáil ag an G7. Deir Mogg maidir le haon chomhlacht nua a dhéanfadh maoirsiú ar rialacha airgeadais ar scála domhanda go mba cheart dó a bheith ionadaitheach de mhargaí caipitil idirnáisiúnta agus de na mórbhloic thrádála. Teastaíonn uaidh go mbeadh an córas nua ``free from the control of accountants and the domination of existing financial reporting regulators.'' Ní hí an chaimiléireacht ná an géilleadh do leas na dtrasnáisiúntán amháin is ceart a bheith ag déanamh tinnis don phobal agus Comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa á dtoghadh coicís ó amárach (11 Meitheamh). Is ceart gach iarrthóir a cheistiú faoin an seasamh atá acu faoi ról míleata AE, go háirithe an tacaíocht a tugann sé do bhuamáil bhrúidiúil agus mhídhleathach na hIúgslaive.

Ní hamháin gur féidir leis an bParlaimint Eorpach ardán a thabhairt do dhaonlathaithe ach d'fhéadfadh sé a bheith ina fhóram ina ndéanfaí plé ar threochtaí na hEorpa, idir an Eoraip bheag (an AE) agus an Eoraip mhór. Ar ndóigh ní parlaimint í ó cheart mar ní comhlacht reachtais í go bunúsach. Is é an Coimisiún neamhthofa a cheapann dlíthe an AE. Ní miste a bheith soiléir céard is daonlathú ann i gcás institúidí an AE. Is céim i dtreo daonlathais é aon bhogadh a thabharfadh cinnteoireacht níos gaire don phobal. Ba threisiú ar dhaonlathas é aistriú cumhachta ón gCoimisiún neamhthofa go dtí parlaimint thofa ach ba lagú ar dhaonlathas é aistriú cumhachta ó pharlaimint náisiúnta go dtí foras den AE, fiú má bhíonn sé tofa.

Colm de Faoite


Keane Tú Féin, a Fhealltóir



Fad is a bhí na tráchtairí polaitiúla ag caint agus ag scríobh faoi bhéalscaoileadh Terry Keane an tseachtain seo chuaigh thart, agus an mhéad a dúirt sí ar an Late Late agus in áiteanna eile faoina caidreamh le Cathal Ó hEochaidh, bhí poblachtánaigh ag cuimhneamh, is dóigh liom, faoi imeachtaí eile a tharla le linn réimis Uí Eochaidh a d'fhág rian fadtéarmach ar an tsreachailt phoblachtánach agus saoirse in Éirinn.

Taobh amuigh de chaint adhairte Uí Eochaidh agus Keane faoin gheilleagair, nó faoi straitéis tóghchánaíochta Fhianna Fáil nó faoin Buíon 22 agus gluaiseacht frithEochaidh láistigh d'Fhianna Fáil, ar labhair siad faoi impleachtaí a gcaidrimh ar neamhspleáchas Uí Eochaidh féin agus an oscailt a bhí ann do dhúbhmháil?

Ná bac leis an bhéalchráifeacht dochreidte - agus domhaite - a bhain leis Ó hEochaidh ag léachtóireacht faoi `chrois a fhaisceadh' agus é ag ithe béiltí a chosnaigh breis agus £2000 in aghaidh na seachtaine; nó faoi cholscaradh agus dlithe an teaghlaigh agus é ag maireachtail dé-shaoil, `siad na himpleachtaí idirnáisiúnta a d'éirigh as sin ba cheart a scrúdú.

Cuimhnigh ar chuairt Uí Eochaidh ar Shráid Downing agus pota tae airgid luachmhaire faoina bhacall aige mar bhronntanas do namhad na tíre seo, Thatcher. An bhfuil éinne in ann a rá linn anois nach raibh a fhios aici roimh reidh faoi iompar Cathal agus Terry? Do mheas nach raibh MI5 nó MI6 nó craobh eile de na seirbhísí rúnda ag cúléisteacht leis an bhréagadóir agus a shearc, ag tap-áil an tap-adóir féin, nó nach raibh cóip ina seilbh acu den ghrianghraf sin a foilsíodh an tseachtain seo de Keane ag pogadh Uí Eochaidh, nó cé fios, grianghraf níos sóiléire fós den bheirt. Le grianghraf mar sin, nó le cruthúnas den saol dúbáilte á bhí aige, nach mbeadh tionchar iontach thar chinniúintí Thaoiseach na tíre nuair ba ghá? Cinniúint faoin Tuaisceart, faoi chinnsireacht, faoi eiseachadadh agus araile? Nuair a cuireadh Robert Russell trasna an teorann, go lámha an RUC agus nuair a scairt sé leis na ceamaraí go raibh Ó hEochaidh ina fhealltóir, cé fios anois nach raibh sé níos cóngaraí don fhírinne ná mar a cheap muid ag an am. Bhí Ó hEochaidh comhgheallta, lag, ar fáil, agus de réir dealraimh, saor don saghas dúmhála a ligfeadh do naimhde na tíre seo a rogha polasaithe a bhrú fríd le toil drogallach an taoisigh. Is feall é gan amhras post cumhachtach agus freagrach, lán de dhualgais, a ghlacadh nuair is léir nach bhfuil tú neamhspleách don phost a dhéanamh.

Ach an raibh Ó hEochaidh ar a aonar san fheall seo? Nó an raibh a fhios ag a dhóthain dá chomhleacaithe - i bhFianna Fáil agus i bpáirtithe eile - le clúdach moralta a thabhairt dó nuair a bhí a fhios acu cad a bhí ar shiúl? Deir Keane féin gur chaith sí deireadh seachtaine i dteach samhraidh Uí Eochaidh i gcomhluadar Mhícheál Uí Chinnéide agus a bhean chéile. Cé mhéad teachtaí eile a bhí eolach faoin chaidreamh `rúnda' agus a mhair an saghas `bréagshaol' a's a mhair Ó hEochaidh féin. Cé mhead acu, fríd an bhéalchráifeacht sin a lig agus a chuidigh le ceannaire na tíre é féin a nochtadh do dhúbhmháil?

Tá go leor leor gnéithe de shaol Chathal Uí Eochaidh a chaithfear iniúchadh go fóill, agus is fiú iad a ghrinnscrúdú. Tá seans, faraor, go dtiocfar ar an toradh, ag deireadh an lae, go raibh an ceart ag Deasún ó Máille agus Garret Fitzgerald tráth, nuair a dúirt siad a dúirt siad faoi Ó hEochaidh, `flawed pedigree' agus `low standards in high places'. Má tá orm teacht in aontas leis an bheirt sin, ní mhaithfidh mé Ó hEochaidh riamh as.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland