Top Issue 1-2024

20 May 1999 Edition

Resize: A A A Print

Tugann ginearál scalladh do na tiarnaí cogaidh

Bhí an Leifteanantghinearál Satish Nambiar ina oifigeach ceannais agus chef de mission ar fhórsaí na Náisiún Aontaithe san ``ath-Iúgslaiv'' (an Bhoisnia, an Chróit, an tSlóivéin agus an Mhacadóin) ó Mhárta 1992 go Márta 1993. Bhí iomlán de 28,000 saighdiúirí faoina cheannas agus bhí caidreamh laethúil aige le foirne Ardchoimisiún na Náisiún Aontaithe um Theifigh agus Chumann Idirnáisiúnta na Croise Deirge. Is ábhar spéise é, mar sin, a bhfuil le rá aige maidir leis an gcogadh a bhfuil na hAngla-Mheiriceánaigh agus a gcomhpháirtithe ag fearadh ar an Iúgslaiv.

I bpáipéar a chuir sé le chéile le déanaí deir sé go bhfuil an deamhnú a dhéanann meáin an Iarthair ar mhuintir na Seirbia mí-ionraic amach is amach. Tharla léirscriosanna áitiúla le linn a théarma sa réigiún ach bhí gach taobh (Boisnigh, Cróitigh agus Seirbigh araon) ciontach. Nochtann sé an t-amhras a bhí air ó thús maidir le críochdheighilt mar réiteach. Luann sé cásanna na hÉireann agus na hIndia beirt mar shamplaí de mhórdhochar de dheasca críochdheighilte. Ach ó rinneadh an cinneadh poblachtaí na Slóivéine, na Cróite agus na Boisnia a scarúint ón Iúgslaiv ní bheadh sé ach ceart a aithint go raibh na cearta céanna chun féinchinniúna ag Seirbigh na Cróite agus na Boisnia agus a bhí ag na pobail eile. Luann sé mar léiriú ar an drogall a bhí ar na Meiriceánaigh glacadh le páirtíocht na Seirbeach i réiteach síochánta nach raibh puinn difríochta idir Comhaontú Dayton agus Plean Liospóin a cuireadh le chéile faoi stiúradh Cuteliero, Aire Gnóthaí Eachtrach na Portaingéile, sular tosaíodh ar an gcogaíocht sa Bhoisnia. Bhí idir Bhoisnigh, Chróitigh agus Sheirbigh sásta Plean Liospóin a shíniú ach dhiúltaigh Washington glacadh leis.

Dá thoradh sin daoradh na céadta chun báis agus ruaigeadh na mílte óna dtithe sa chogadh a lean an diúltiú. Ní bhíonn trácht i meáin an Iarthair ar an 850,000 Seirbigh a díbríodh as an gCróit agus an Chónaidhm Ioslamach-Chróiteach ag tús na 1990í. Dar leis an nGinearál Nambiar ní raibh aon ollphlean riamh ag rialtas na hIúgslaive na hAlbánaigh a ruaigeadh as an gCosaiv, go dtí gur seoladh buamáil ECAT ar chaoi ar bith. Deir sé gur mhaolaigh monatóirí OSEC an foréigean eitníoch, díreach trí bheith i láthair. Níorbh aon chúnamh é do na hAlbánaigh go háirithe iad a tharraingt amach.

Meabhraíonn Nambiar dá léitheoirí go raibh rialtas na hIúgslaive sásta glacadh leis an gcuid is mó ar fad de cháipéis dheiridh Rambouillet, uathriail don Chosaiv san áireamh. Ní raibh ach dhá rud ag déanamh tinnis do na hIúgslavaigh ag an bpointe sin, go ndeimhneofaí stádas na Cosaive mar chuid shlán den Iúgslaiv agus nach lonnófaí fórsaí ECAT in aon áit taobh istigh den chónaidhm Iúgslavach. ``This is precisely what India would have done under the same circumstances,'' a deir an Ginearál Nambiar. Ar 24 Márta 1999 d'ionsaigh ECAT an Iúgslaiv, stát flaitheasach, ball bunaidh de na Náisiúin Aontaithe agus de ghluaiseacht na dtíortha neamhcheangailte agus pobal a bhí chun tosaigh sa ghleic in éadan an fhaisisteachais in am an ghátair. Deir an Ginearál Nambiar: ``I feel that this tragedy could have been prevented if NATO's ego and credibility had not been given the highest priority instead of the genuine grieviences of Serbs in addition to Albanians.''

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland