Top Issue 1-2024

13 May 1999 Edition

Resize: A A A Print

Tithe do Theifigh

Molann iarrthóir Sinn Féin i nGaillimh Vincent Forde, gur chóir go mbeadh an rialtas teach atá in mí-úsáid le tréimhse blianta áirithe a ghábhail chuige agus é a dháileadh amach ar ais ar dhuine a bhfuil díth air nó uirthi le haghaidh teach cónaithe.

Mo lean sibh a theifigh Cosobhá, sibh a tháinig go Corcaí agus go Ciarraí an tseachtain seo agus didean na hoíche a mbronnadh oraibh i seanchaisleán athnuaite. Tá go leor fadhbanna romhaibh: teanga, airgead, ciníochas, cliarlathas agus eile gan an dallamullóg a chur oraibh go bhfuil caisleáin mar theach cónaí ag na hÉireannaigh nó, go deimhin, go bhfuil cead ag Éireannaigh dul isteach i bhfórmhór na gcaisleán in Éirinn fiú.

Beidh na teifigh ag stopadh, de reir tuairiscí RTÉ ag tús na seachtaine, i seanchaisleán atá i seilbh Oifig na nOibreacha Póiblí nach raibh teastas sláinte tine aige fós oíche Dé Luain agus na teifigh ag bordáil na n-éitleán thall. Ar ndóigh, tá go leor a deirfidh gur chuma teastas sláinte tine do na teifigh agus nach mbeadh uathu ach áit sábháilte ó bhuamaí NATO agus saighdiúirí Mhilosovich. B'fhéidir gur cheap duine den Séirbhís Sibhialta nach mbeadh foirgneamh le cuma níos sábháiltí le fáil thar seancháisleán. Nó b'fhéidir gur tháinig an smaoineamh faoina caisleáin as mhíthuiscint nach bhfuil aon áit eile saor, agus ar fáil, seachas a leithéid.

Ach tá áiteanna eile ann, nach mbeadh leath chomh mhínádúrtha agus a bheadh caisleán, inarbh fhéidir leis an rialtas na teifigh a chur agus a mharódh an dhá éan le chéile nó go gcuideodh sé le beocht a thabhairt ar ais d'áiteanna faoin tuath ag an am céanna.

Meastar go bhfuil timpeall 800 sraidbhaile tréigthe in Éirinn, sraidbhailte beaga, crosbhóthrúla cuid acu, tréigthe dá bharr eisimirce agus dífhostaíochta agus tarraing na mbailte móra. Go deimhin, tá daoine ann a deirfidh leat go bhfuil 800 sraidbhaile tréigthe i gConnachta féin; agus mura bhfuil, go bhfuil an líon tithe folmha scaipthe ar fud na Cúige a dhéanfadh 800, nó, 8000 sraidbhaile dá gcuirfí le chéile iad.

Is annamh gur féidir teacht ar baile fearann, faoin tuath, anois nach bhfuil tithe folmha ann. Ar ndóigh, tá cuid de na tithe seo ina luí folamh le fíche bliana agus droch chaoi orthu anois dá bharr na haimsire, beithigh agus forsa an dúlra. Ach tá go leor acu a bhfuil cuma agus caoi maith orthu i gcónaí agus nach mbeadh mórán airgid de dhíth chun leictreachas a athcheangail, nó fuinneog nó sclata briste a dheisiú ionas go mbeadh teifigh in ann stopadh iontu.

Ach, a deirfidh an rialta, ní tithe tréigthe iad na tithe seo: is le duine éigin gach teach acu, duine áirithe a thiocfaidh ar ais ag lorg an tí ar ais lá éigin. Agus ní féidir leis an rialtas aon rud a dhéanamh faoi sin, a deirtear.

Is scanall é go bhuil an liosta feithimh um tithíochta ag fás i ngach baile in Éirinn a fhad a's go bhfuil na tithe seo ina luí, folamh, treigthe, agus ag dul i meath ar fud na tíre. Molann iarrthóir Sinn Féin i nGaillimh Vincent Forde, gur chóir go mbeadh an rialtas teach atá in mí-úsáid le tréimhse blianta áirithe a ghábhail chuige agus é a dháileadh amach ar ais ar dhuine a bhfuil díth air nó uirthi le haghaidh teach cónaithe. Déanfaí é seo faoi acht um feirmeacha tréigthe agus talamh a athdháileadh ar dhaoine a bhfuil se de dhíth orthu mar thithe cónaithe. Ar ndóigh, tá go leor leor impleachtaí seilbhe i bpleán cosúil le sin, agus tá seans ann go saródh pleán mar é an bhunreacht. Ach níl aon fath ann nach féidir leis an rialtas an pleán a scrúdú le tithe gearrthéarmacha do na teifigh faoi chaibidil acu. Níor chóir go mbeadh tithe ina luí folamh, agus titim as a chéile dá bharr faillí.

Ní hionann cás na dteifeach agus cás lucht an liosta feithimh i mBaile Atha Cliath, nó Corcaigh nó bailte eile. Níl éinne ag moladh go mbeadh ar dhaoine an príomhchathair a fhágáil chun seanteach iarghúlta a líonadh i gConamara. Ach tá na teifigh saor ó fhréamhacha in Éirinn agus rachaidh siad a seolfar iad.

Ba cheart seilbh a ghlacadh ar chuid des na tithe folmha anois agus deis a thabhairt do na teifigh bheith páirt den chomhphobal in ionad bheith scartha ón phobal i gCaisleán na nGall. Mura ndéanfar sin, tiocfaidh na daoine bochta as an caisleán lá breá amach anseo agus tcífidh siad na mílte tithe tréigthe mórthimpeall orthu. Sílfidh siad go bhfuil siad ar ais i gCosobhá.


Manannaigh ag dréim le briseadh le Sasana



Agus seoladh pharlaimint na hAlban agus chomhthionól náisiúnta na Breataine Bige go mór a nuacht an tseachtain seo ní miste breathnú ar thír eile sna hoileáin seo a bhfuil gleic náisiúnta ar siúl inti. Sin Manainn, oileán sa Mhuir Meann, tír dhúchais na tríú Gaeilge, an Mhanannais.Bhí uachtarán Chomhdháil Cheardchumann Mhanann, (atá aitheanta mar chomhdháil náisiúnta ar leith ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair sa Ghinéiv), Bernard Moffatt, ina aoíchainteoir ag cruinniú den Chomhaontas Ceilteach i gColáiste na Tríonóide le déanaí. Tá Moffatt ina leaschathaoirleach ar pháirtí náisiúnaíoch Mhanann, Mec Vannin [Mic Mhanann] agus ina ardrúnaí ar an gConradh Ceilteach. Tháinig an ghluaiseacht náisiúnta Mhanannach ar an bhfód ag an tráth céanna le bláthú ghluaiseacht na Gaeilge céad bliain ó shin. Cé gur ghlac an ghluaiseacht Éireannach bóthar na polaitíochta uirthi féin d'fhan an athbheochan Mhanannach ina cló cúltúrtha amháin go dtí na 1960í nuair a bunaíodh Mec Vannin.

Chuir an cumann sin roimhe neamhspleáchas a bhaint amach. Ag an tráth sin ba shlánaonad coilíneach é Manainn a cheil a dhúchas féin. Bhíodh Dúlais, an ceannbhaile, clúdaithe leis an Union Jack agus bhíodh naimhdeas ag go leor de na Manannaigh féin don Mhanannais agus don fhéiniúlacht Mhanannach. Bhíodh an nimh san fheoil ag daoine do Mec Vannin. Eascraíonn fuath as eagla agus bíonn eagla an domhain ar phobal coilínithe roimh shaoirse. Ach d'imigh sin agus tháinig seo. Is beag d'Aprún an Bhúistéara atá le feiceáil ar phromanád Dhúlaise i mbliana agus tá polaiteoirí den ``lár'' ag caint go fabhrach faoi neamhspleáchas.

Tá stampaí agus nótaí dá chuid féin ag Manainn anois agus feictear comharthaí Manannaise ar bhóithre agus sráideanna, ar árais agus ar fheithiclí. Fós féin tá stádas fíoraisteach ag Manainn i gcúrsaí bunreachta. Spleáchríoch Corónach é nach bhfuil sa Ríocht Aontaithe ná san Aontas Eorpach. Tá ``oireachtas'' Mhanann, Tynwald, comhdhéanta as an Thie Keere Feed [House of Keys] (24 comhaltaí tofa ag an bpobal) agus an Chomhairle Reachtais (naonúr neamhthofa). Is é monarc Shasana faoin teideal ``Tiarna Mhanann'' an ceann stáit, socrú a thugann cúis do rialtas Londan a ladar a chur isteach i gcúrsaí inmheánach an oileáin trí ``Orduithe sa Chomhairle.'' Ar an gcaoi choilíneach sin tugtar isteach ó thráth go chéile gnéithe de dhlí Shasana agus, níos minice na laethanta seo, rialacháin de chuid Aontas na hEorpa.

Bíonn Manainn taobh thiar i gcónaí d'fhoráis agus cearta i gcúrsaí dlí a ndéantar talamh slán díobh ar fud iarthar na hEorpa. Níl ann ach le déanaí a cuireadh pianós an bháis ar ceal ar an oileán. Níl sé chomh fada sin ó shin ó bhí sé de rogha ag na deemsters (breithiúna) an slat beithe a úsáid mar phianós. I láthair na huaire tá dlíthe in aghaidh chleachtadh an hómaighnéasachais á n-aisghairm. Agus an ghleic armtha ar siúl in Éirinn rinneadh aithris i Manainn ar gach dlí smachtúil a tugadh isteach sa Bhreatain ach níor léiríodh aon díograis le heiseamláir Westminster a leanacht nuair a bhí reachtaíocht fhorásach i gceist i gcúrsaí sóisialta. Bíonn an leagan amach ar chúrsaí ceartais, airgeadais agus rialtais áitiúil i Manainn éagsúil go maith ón Ríocht Aontaithe ach ní i gcónaí a bhíonn an leagan amach sin le moladh. Is é a deir D.C. Kermode (in Devolution at Work, University of Liverpool Press) gurb é atá i gcóras rialtais an oileáin ``the best and worst that devolution can offer.'' Níl ach tuairim is 1% de ráta dífhostaíochta ag Manainn - an ``tíogairín Ceilteach''? - ach bíonn na tuarastail i gcoitinne íseal agus an costas maireachtála ard. Is ábhar gearáin é gur ag daoine ón taobh amuigh - suasóga Éireannacha orthu - atá na poist is airde tuarastail. Agus é ag labhairt i gColáiste na Tríonóide ní dhearna Bernard Moffatt a dhá leath de gur mian le Mec Vannin gach ceangal le coróin Shasana a bhriseadh agus poblacht a bhunú. ``Irree seose Vannin'' [Éirigh suas, a Mhanainn] is mana don pháirtí. Ní bocht an aisling í Éire, Albain agus Manainn araon saor agus iad i gcomhaontas le chéile.

Colm de Faoite


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland