Top Issue 1-2024

8 April 1999 Edition

Resize: A A A Print

Ros na Rún

Ar feadh míos bhí na Gaeil go léir ag caint faoi; bhí clár díospóireachta ar Raidio na Gaeltachta faoi; bhí sraith litreacha i bhFoinse faoi.. agus dá bhrí sin cén fath nach scríobhfadh colúnaí APRN abairt nó dó faoi chomh maith. Tá mé ag tracht, ar ndóigh, faoin scéal-líne úd sa sobaldráma TnaG, Ros na Rún ina raibh ménage á trois aerach idir trí charachtar sa tsráidbhaile finscéalaíochta; nuair a bhris lánúin as a chéile dá bharr na mhídhílseachta; agus nuair a chríochnaigh an scéal i dtragóid, caoineadh, deora agus.... scéal-líne nua dona seachtainí ina dhiaidh.

Ag leibhéal amháin d'fhéadfaí an sobaldrama a thréaslú as cheist ar aerachais nó homaighnéasachais a thabhairt isteach i mbéal an phobail, agus an cheist a ardú lena lucht féachána i stíl `taitneamhach', neamhúrchóideach, cairdiúil. Mura gcuireann ceisteanna faoi ghnéasachas, agus homaighnéasacas ach go háirithe, isteach ort bhuel níl aon bhealach níos cairdiúla ná an cheist a shleamhnú isteach i sobaldráma nó tuigeann chách, gan amhras, nach bhfuil aon rud fíor, i ndairíre, faoi shaolta na gcarachtair i sobaldrámaí. Níl aithne agam ar mórán Astrálaigh ach chuirfínn geall air nach bhfuil siad go léir chomh dathúil, griandhóite, ábhar snámhóirí agus dímhaoin agus a léirítear iad i Neighbours nó sobaldrámaí mar é. Tuigeann gach duine nach bhfuil orainn an scéal-líne a chreidiúint nó na fadhbanna, a pathos agus an bathos a mhothú i ndiaidh an chláir, agus nach bhfuil ann ach `ábhar chainte' don tabhairne an oíche sin.

Mar sin, níl aon dochar ann nuair a ardaíonn TnaG (nó lucht déanta Ros na Rún) an cheist. ... ach tá sé sin ag brath ar chén cheist atá i gceist agat, má a thuigeann tú mé. An í ceist an homaighnéasachais nó ceist an ménage á trois, ceist na mídhílseachais is mó atá ag buaireamh muintir (Gaelach) na hÉireann faoi láthair.

Mar gheall ar an phóg a thug carachtar amháin do charachtar eile phléadh an scéal-líne sna meáin agus d'éirigh deighilt i measc an phobail faoi, má's féidir na meáin féin a chreidiúint. Dar le taobh amháin den deighilt sin bhí na Ros-na-Rúnaithe ag dul thar fóir nuair a mheall siad bá an phobail i dtreo carachtair a bhí, deirimis, neamhGhaelach. Dar leis an dream sin, bhí an scéal-líne ar strae rud beag ó fhíormheon an phobail i leith an homaighnéasachais. Má a bhí, is mór an trua é.

I sráidbhaile Ros na Rún, bhí acha'n duine báúil agus tuisceanach ar feadh cupla bliana anois, faoin bheirt aerach ina measc. Go deimhin, bhí siad níos mó ná báúil. Bhí siad compórdach faoi, ghlac siad leo mar a ghlacfaí le aon lánúin eile agus ní raibh imeallú ná maslaí ná béadán ina gcoinne. Anois, áfach, tá gach rud athraithe agus athraithe ina iomlán i dTír TnaG. Bhí an tsráidbhaile ina chíor thuathail faoin `adhaltranas' agus ar feadh míosa bhí an lucht féachána - agus lucht gan locht nár fhéach riamh ach ar mhaith leo tuairim a thabhairt cibé scéal - scoilte faoi cad is ceart agus cad nach bhfuil ceart faoin sobaldráma.

Tá daoine ann a deirfidh gurb é an rud is tábhachtaí faoi seo ná go bhfuil daoine ag caint faoi homaighnéasachas. Dar leis an mheon seo, cuidíonn aon tagairt nó caint - agus díospóireacht phoiblí, oscailte, macanta ach go háirithe - faoi aerachas leis an balla a bhriseadh síos agus cás na homaighnéasach a fheabhsú, nó mar a deirfeadh Oscar Wilde tráth, is fearr cáiniú ná neamhiontas.

Ach an gcuidíonn díospóireacht scaoilte amhail díospóireacht i leith Ros na Rún le haon rud? Cuimhnigh go bhfuil daoine ar an dhá thaobh den cheist seo ag caint go teoiriciúil, faoi rud a tharla i sobaldrama. Ciallann sé sin gur féidir aon rud a rá faoi, gan cruthúnas, gan bunús agus ag deireadh an lae níl siad ag plé an fhíorshaoil ach finnscéil.

Is deacair saol an duine homaighnéasaigh in Éirinn, de réir leis an mhéad a chluintear faoi. Ar feadh tamaill, cheaptaí go raibh cás an aeraigh ag dul i bhfeabhas ach le fás an chiníochais, agus spás úr d'fhuath de gach cinéal, tá homafhuath ag méadú chomh maith. Agus tá orainne go léir bheith cúramach, mar gheall ar fhás na faisisteachais sin, nach ndéanann muid aon rud nó nach ndeireann muid aon rud a chothódh fuath ná míchaoinfhulaingt.

Le tamall anuas, bhí aicme amháin de phobal na Gaeilge, Gaeil na meán chumarsáide, brodúil go raibh siad oscailte, agus leathanaigeanta faoi cheisteanna gnéasachas, agus go dtí gur tugadh dushlán dóibh, ní raibh aoinne in ann an tuairim sin a bhréagnú. Anois, áfach, tá frithhomaighnéasachas dá nochtadh féin (arís) i measc pobal na Gaeilge agus `sí an íoróin atá ann ná gur tugadh an deis don homafhuath teacht chun chinn mar gheall ar iarracht leis an cheist a phlé i modh báthúil.

Táispeánann sé an chontúirt atá ann má a measctar an fhinscéalaíocht leis an fhírinne nó bíonn an fhírinne searbh. Ba chóir dúinn bheith ag súil nách chun dochar in ionad chun sochar na homaighnéasaigh a chuaigh scéal-líne Ros na Rún, má's chun dochar a chuaigh sé, b'fhada an deis an damáiste sin a leasú.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland