Top Issue 1-2024

11 February 1999 Edition

Resize: A A A Print

Titeann na micléinn as a chéile...

Tá daoine a deir go maireann micléinn i saol eile ar fad, cosanta ó fhadhbanna an tsaoil mhóir, iargulta ó fhadhbanna normalta an tsochaí i gcoitianta. De bhrí an neamhréalaíochais seo, bíonn go leor leor rudaí tábhachtacha i saol macléinn nach mbeadh tábhachtach i saol duine ó thaobh amuigh na nOllscoileanna agus Coláistí tríú leibheal... ach is maith an cleachtadh atá ann, dóibh, don saol salach polaitiúil ina dhiaidh a gcéimeanna a bhaint amach. Tráth dá raibh bhí aontas ann, idir na micléinn, ach de bharr cúise amháin nó cúise eile, tá an mí-aontas i mbarr réime anois.

Daoibh siúd atá ag leanúint eipice AMLÉ (Aontas na Mac Léinn in Éirinn) le tamall, tuigfidh sibh go bhfuil Uachtarán an Aontais sin ag fanacht ar thoradh vóta mímhuiníne i láthair na huaire. Éiríonn an vóta seo as `stíl cheannaireachta' Dermot Lohan, duine is léir, a chaill meas a Choiste Ghnó tamall ó shin agus atá, chomh maith, ag cailleadh meas na mbaill i gcoláistí agus ollscoileanna ar fud na tíre anois. Tá duine dá Choiste Ghnó, Siobhan Fearon, ina dhiaidh admháil go poiblí nach dtabharfaidh sí tacaíocht do Lohan nuair a pléifear ceist mhímhuiníne i gceann míosa. Taobh le sin, tá Uachtarán Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Trionóide tar éis alt a fhoilsiú i nuachtán a Aontais féin, a ionsaíonn Lohan agus AMLÉ. Dar leis, tá AMLÉ ro-thugtha do pholaitíochtaí AMLÉ féin in ionad bheith ag troid ar son a mball ar fud na tíre. `Creidtear gur eagraíocht náisiúnta í AMLÉ a bhfuil tacaíocht chuile mac léinn sa tír taobh thiar de, a bhíonn ag sreachailt ar mhaithe cuspóirí na mac léinn agus a mbíonn cara sa chúirt agus tionchair ar an Aire Oideachais aici...'' Ach is miotas an leagan sin den scéal, dar leis, agus gan amhras tá boladh na fírinne ina líomhaintaí nuair a cuimhnítear nach bhfuil Aontas na Trionóide féin ina chomhalta den eagraíocht náisiúnta.

I mbliana, chaill AMLÉ reifreann i gCorcaigh a eagraíodh chun an Coláiste sin a thabhairt ar ais sa tréad, agus an tseachtain seo tá micléinn na Gaillimhe ag caitheadh vótaí ar cheist aistarraingt as AMLÉ. Go deimhin, is nós agus traidisiúin anois go mbeadh ar a laghad reifreann amháin gach uile bliain ar cheist ballraíochta nó aistarraingt i measc na gcoláistí agus ollscoileanna, agus tá breis agus fiche bliana ann anois ó bhí na coláistí go léir páirteach san Aontas `náisiúnta'..

Bheadh sé éascaí neamhaird a dhéanamh ar pholaitíochtaí agus chluichí aontais na macléinn, agus ní dhéanann siad aon phioc lena gcás féin a chuidiú. Faoi láthair tá cásanna dlí ós comhair na gcúirteanna idir micléinn agus a n-aontas i nGaillimh (clúmhilleadh) agus in UCD (calaois agus scríbhinn falsa). Tá oifigigh Aontas na Macléinn in UCD ag argóint lena chéile, agus in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, tá oifigigh an Chomhaltas scoilte ar cheist tacaíocht a thabhairt do Lohan nó bata agus bóthar a thabhairt dó.

An rud maith é seo, aontais na macléinn ag tarraing féin as a chéile? Cá bhfuil ionadaíocht na macléinn agus cá bhfuil ceannaireacht na macléinn?

Tá go leor fadhbanna ann do dhaoine óga, ógánaigh ag freastal ar choláistí agus ógánaigh nach bhfuair an deis sin riamh araon. Bheadh sé de dhualgas, cheapfá, ag grúpa amhail AMLÉ ceannaireacht agus treoir a thabhairt chun reiteach a aimsiú do na fadhbanna seo, fadhbanna oideachas, easpa cumhachta polaitiúla, aitheantas, cothromaíocht, frithsheicteachas, frithchiníochas... ach ina áit ceannaireachta níl ann ach easaontas.

Níl AMLÉ féin ná AMLÉ amháin freagrach as an easaontas. Tá claontaí doimhne i gcoláistí áirithe ina aghaidh AMLÉ agus ba chuma ceannaireacht agus uachtarán iontach aige, bheadh daoine i gColáiste na Trionóide ina aghaidh fós. Agus caithfear a rá go bhfuil fadhbanna i ndán d'AMLÉ fiú má faigheann siad reidh le Dermot Lohan. Chaill siad smacht eacnamaíochta ar a gcumann sóisialta, he Furnace, anúraidh; tá drochmheas ag micléinn ar fud na tíre ar an Aontas; tá amhras ar mhicléinn eile an féidir le AMLÉ a gcuid fadhbanna a reiteach muna féidir leo a gcuid fadhbanna inmheánacha a reiteach ar dtús.

Tá spas ann do cheannaireacht nua, le glór polaitiúil aige, a thuigeann fadhbanna daoine óga. Bheadh sé ró-luath fós ualach an dualgais sin, ceannaireacht na macléinn, a leagadh síos d'Ógra Shinn Féin ach níl aon fhath nach mbeadh Ógra ag smaoineadh faoi. Má leanann ceannairí na macléinn ar aghaidh mar atá siad ag dul faoi láthair, ní fada go dtitfidh an tóin as, de bhrí easaontais, cásanna cúirte, easpa treora, agus drochmheas na mball. Tá teip ag teacht ar an eagraíocht `neamhpholaitiúil' AMLÉ, mar gheall ar an iomarca polaitíochtaí inmheánacha. Tá sé in am anois do pholaitíochtaí poiblí agus an nasc a chruthú idir saol neamhréalaíoch na macléinn agus saol réalaíoch, crua, daoine óga ar fud na tíre. Tá an iomarca ama caite, curtha amú leoga, le seafóide. Tig le hÓgra Shinn Féin blas an réalaíochais a thabhairt isteach sna campais anois.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland