Top Issue 1-2024

29 October 1998 Edition

Resize: A A A Print

Mol an óige agus Tiocfaidh sí

Níl aon dabht ná go raibh fearg ar leith ar na Gardaí an tseachtain seo chuaigh thart nuair a d'ionsaigh siad ar bhaill de Shinn Féin Youth ina dhiaidh Chomhdháil SFY i mBaile Átha Cliath. Níl aon amhras ach an oiread ná go raibh SFY `ciontach' as na Gardaí a chur le cuthach. Cén fath eile a d'eagródh na Gardaí luíochán do na hóganaigh agus go mbualfaidís ar na príosúnaigh ar ar ghabh siad? `Sea, ciontach. Tá Sinn Féin Youth ró-fhorleathan, ró-cháiliúil, ró-eagraithe do na Gardaí agus dar le meon smachtach an stait seo, an rud nach bhfuil faoi smacht an Gharda is bagairt é, agus tá an duine nó na daoine atá taobh thiar den leithéid de bhagairt ag gríosadh freagra na láimhe laidre ó na Gardaí. Tá sé chomh shimplí sin.

Tá stair na bPoblachtánach Óg seo, baill anois de SFY, breactha go leor. Is iomaí uair roimhe seo gur theip ar an Ghluaiseacht an spas cuí agus an tacaíocht ba cheart a thabhairt d'óg ghluaiseachtaí a bhí ag iarraidh bheith páirteach - ar a gconlán féin - sa tsreachailt pholaitiúil. Go deimhin, ba mhinice an Ghluaiseacht a tachtadh in áit a chothú, bíodh sé sin de thaisme nó d'aon ghnó. Ceapfaí `stiúrthóirí' agus `úrlabhraithe' don `éite óg' ach má a ceapadh, ní minic a bheidís in inmhe glór na ndaoine óga a chluinsint nó a thuiscint i gceart. Déanta na fírinne, ba mhór an bac é seo ná an chabhair nó ní raibh caoi á thabhairt don óige a mbealach féin a aimsiú agus a gcomhairle féin a chluinsint.. go dtí anois.

Ón bhliain seo chuaigh thart amach, ó thosaigh dream óganaigh arna n-eagrú féin faoi theideal Sinn Féin Youth, is léir go bhfuil chuile rud athraithe agus athraithe ina iomlán. B'iontach an beart é dá mb'fhéidir le grúpaí eile, istigh Sinn Féin, sampla na hÓige a leanúint. Dá mbeadh, bheadh na mná eagraithe i gceart, bheadh na Gaeil eagraithe i gceart, agus bheadh an eagraíocht ina iomlán i bhfad níos laidre, níos saibhre as mar pháirtí.

D'éirigh go maith leis cuid is mó de na himeachtaí a d'eagraigh an grúpa ó cuireadh ar bhun iad. Ar ndóigh cuimhneofar an liosta cainteoirí a labhair mar bhaill de SFY ag Ard Fheiseanna na bliana seo. Taobh le sin, shínigh Sinn Féin Youth amach i dtreo páirtithe agus grúpaí eile, in Éireann agus thar lear. D'éirigh leo bheith páirteach i gcainteanna le haondachtóirí agus dílseoirí araon ag seiminéar i nGleann Crí agus tá nascanna cruthaithe, a mhaireas, idir SFY agus Jarrai, ógGhluaiseacht na mBascach. Agus tá an focas go léir sna teagmhálacha seo dírithe ar theachtaireacht Shinn Féin a chraobhscaoileadh.

Le bliain anois, ní bhíonn aon imeacht phoblachtanach ann nach mbíonn úrlabhraí SFY ar an liosta cainteoirí ar an bhonn céanna leis na cainteoirí eile. In eagrú imeachtaí, bíonn áiteanna sa tír ag brath, anois, ar SFY le cabhair a thabhairt don eagrú. Ó cuireadh atheagrú ar an fheachtas Saoirse bíonn SFY fite fuaite le slógaidh, le himeachtaí poiblíocht, agus leis na gníomhaíochtaí níos dushlánacha mar seilbh a ghlacadh ar dhíon an Waterfront nó Halla na Cathrach, Bhéal Feirste.

Agus ní raibh imeachtaí SFY teorannta don Sé Chontae. Go deimhin, is gluaiseacht í i measc na hÓige i mBaile Átha Cliath chomh maith agus bíonn imeachtaí SFY sna coláistí, scoileanna, ar na sráideanna, ag cruinnithe poiblí, trí cúrsaí oideachas do dhaoine óga agus le daoine óga. Ní nach ionadh, mar sin, go bhfuil imní ar ghardaí an stait seo nó feiceann siad an t-athrú ag teacht chucu agus mar choimeadaithe chuile áit tá siad ag iarraidh stop a chuir leis an athrú sin. Ach tá sé ró-mhall, ró-mhall monuar agus níl SFY ar tí imeachta.

Níor chóir, áfach, go mbeadh SFY fagtha ar a aonar lena gcearta féin mar ghrúpa pholaitiúil a chosaint. Tá dualgas ar dhaonlathaigh ciapadh leanúnach an Gharda Síochána ar bhaill agus ghníomhaithe Shinn Féin Youth i mBaile Átha Chliath a cháineadh. Ó cuireadh tús leis an eagraíocht i mBaile Átha Cliath tá lámh láidir an Gharda Síochána ag luí orthu. Bíonn Gardaí ag fanacht taobh amuigh tithe baill de SFY, ag tabhairt cuairte ar a dtuismitheoirí, ag faire agus ag breacadh síos ainmneacha de dhaoine óga a fhreastalann ar chruinnithe nó himeachtaí SFY. Caithfear an ciapadh a stopadh agus a stopadh anois. Ar ndóigh caithfear admháil gur comhartha agus cruthúnas é, an feighlí polaitiúil leanúnach seo, go bhfuil ag éirí le Sinn Féin Youth. Murach sin, ní bheadh spéis dá laghad ag an Gharda iontu. Ach má's moladh ann féin é sin, tá sin in am anois stop a chur leis an moladh agus ligint don Óige teacht.


Glacann eaglaiseach seasamh náisiúnaíoch



Tamall ó shin chuir Joe Duffy agallamh ar Raidió 1 ar dhuine de na hagóideoirí Oráisteacha i nDroim Crí. Bhí sé thar a bheith spéisiúil. Mheas an fear seo go raibh an Vatacáin taobh thiar de gach a raibh ag tarlú ar domhan. Luaigh sé trioblóidí an Uachtaráin Clinton ach go háirithe. Dar leis go raibh na cairdinéil sa Róimh taobh thiar de Monica Lewinsky. Eagraíodh an céapar ar fad, más fíor dó, toisc gur dea-Bhaisteach é William Jefferson seo againne!

Níl an mhuinín chéanna agam i gcumas na hEaglaise Caitlicí i reachtáil an domhain is atá ag ár gcomhshaoránach Oráisteach ach tá meas mór agam ar ghéarchúis an aos eaglaise nuair a bhíonn straitéis pholaitiúil fhadtéarmach i gceist. Bhí an ghéarchúis sin le brath in óráid a thug príomháidh Caitliceach na hAlban, an Cairdinéal Thomas Winning, sa Bhruiséil le déanaí.

Bhí an Cairdinéal ag cur na cosa de faoi ``a new Scotland in a new Europe'' nath a bhfuil macalla ann de pholasaí Pháirtí Náisiúnta na hAlban, Albain neamhspleách taobh istigh de AE. Mar is eol do mo léitheoirí rialta tá an colúnaí seo suite de go bhfuil neamhspleáchas na hAlban dosheachanta, inmhianta agus riachtanach. Má tá an Dr Winning ar son neamhspleáchais - agus sin mo léamh ar a óráid - fáiltím roimhe ar bord.

Thagair an cairdinéal do ``rebirth of ancient nationhood in a cradle of modern democracy.'' Lean sé leis: ``An age-old yet new nation is taking its place once more in the world stage with its legal system, democratic institutions, respect for human rights, educational facilities and all the rest already in place.''

D'fhéadfá go leor a rá faoi chaint an chairdinéil. Is cosúil nach bhfaigheann sé locht ar bith ar an déanamh impiriúlach arb é AE é. Ansin, más fearr é córas dlí na hAlban ar mhionbhealaí ná an córas i Sasana is córas aicmeach agus stálaithe é ar ceart a athrú ó bhonn agus ní ceart a bheith maoithneach faoi. Agus nuair a thosaíonn easpag ag moladh áiseanna oideachais tá sé in am a bheith aireach.

Is de bhunadh Éireannach iad an chuid is mó de thréad an Chairdinéil Winning cé go bhfuil pobal Caitliceach de Ghaeilgeoirí dúchasacha i ndeisceart Inse Gall. Cleachtaíodh an prionsabal ``Cuius regio eius religio'' in Albain tráth an Reifirméisin. Ghlac na daoine a reiligiún óna dtiarna nó óna gceann feadhna. Sin an fáth go bhfuil an Ghaeltacht ansin roinnte idir ceantair Chaitliceacha agus ceantair Phrotastúnacha.

D'fhulaing pobal Caitliceach na hAlban formad seicteach i ngach gné den saol anuas go dtí an lá inniu. Chuir iompórtáil an Oráisteachais ó Éirinn san aois seo caite nimh nua sa dú-Phrotastúnachas dúchasach. Faoi dheireadh tá an seicteachas sin ag maolú. De dheasca an tseicteachais bhí ding curtha idir na Caitlicigh agus cuid mhór eile de phobal na hAlban agus b'fhéidir go raibh doicheall áirithe orthu páirt iomlán a ghlacadh sa náisiún Albanach. Níl call lena leithéid de dhoicheall agus sa chomhthéacs sin tá tábhacht ar leith le hóráid an Chairdinéil Winning.

Imríodh an cárta ``divida et impera'' in Albain arís agus arís eile. Níl sa deighilt sheicteach ach cuid den scéal. Is mó fós an dochar atá déanta leis an deighilt idir tuaisceart agus deisceart sa tír sin. Ar feadh na gcianta bhí an dá dhream in adharca lena chéile, rud a chuir bac le forás an náisiúin. Toradh tubaisteach amháin ar an deighilt sin is ea go mbraitear gur teanga í an Ghaidhlig a bhaineann leis na hoileáin agus na Garbhchríocha amháin agus nach n-aithnítear coitianta í fós mar chuid dhílis de dhúchas an náisiúin uile.

Tá clár gnó fada roimh mhuintir na hAlban. Ar bharr an chláir tá neamhspleáchas náisiúnta agus ní rófhada ón mbarr atá díothú an tseicteachais.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland