Top Issue 1-2024

1 October 1998 Edition

Resize: A A A Print

Acht Teanga mar éilimh ag Slógadh Shinn Féin

Acht Teanga nua a chur i bhfeidhm sna 26 Chontae, stadas ceart don Ghaeilge sna Sé Chontae, agus athnuachan ar pholasaí agus gníomhaíocht na Gaeilge ag Sinn Féin - b'shin iad na téamaí polaitiúla ba mhó ag an Slógadh i gCluain Eois ag an deireadh seachtaine seo thart.

Cuireadh tús leis an Slógadh oíche Aoine le díospóireacht ar an gá le Bille Cearta/Acht Teanga don Ghaeilge. Leis an Comhairleoir Pádraigín Uí Mhurchadha, Baile Mhuineacháin, sa chathaoir labhair Uachtarán Chonradh na Gaeilge Tomás MacRuairí, an dlíodóir Daithí MacCarthaigh agus Caoimhghín O Caoláin TD. Mhol Tomás MacRuairí do dhaoine feachtas a dhéanamh ar son Acht Teanga nua. Léirigh Daithí MacCarhtaigh conas is féidir Acht mar sin a chur i bhfeidhm, ag tabhairt samplaí ó Cheanada. Tá Daithí ina eagarthóir ar leabhar a foilsíodh i mbliana I dTreo Deilbhcháipéise D'Acht Teanga Éireannaigh (foilsithe ag Coiscéim).

Chuir Caoimhghín O Caoláin fáilte roimh an Plécháipéis Maidir le hAcht Tenaga a d'fhoilsigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge an seachtain seo caite. D'iarr sé ar an rialtas Bille Teanga a chur os comhair an Oireachtais sa téarma seo agus dúirt go mbeadh sé ag cur an éilimh sin i dTeach Laighean. Oíche Aoine seoladh leabhar nua filíochta ag Collette Nic Aoidh Ball Seirce (Coiscéim).

Ag oscailt an Slógadh go hoifigiúil maidin Shathairn dúirt Caoimhghín O Caoláin go raibh moladh tuillte acu siúd uile a rinne sár-obair ar son na Gaeilge i gContae Mhuineacháin agus i gContae an Chabháin, ach go háirithe daltaí, tuismitheoirí agus múinteoirí an cheathair Ghaelscoil atá anois sa cheantar.

Bhí an béim ar 1798 maidin Shathairn agus thug staraí Loch Garman Brian O Cléirigh caint spéisiúil ar Phoblacht Loch Garman. Dúirt Breandán MacSuibhne, léachtóir staire i gColáiste Ollscoile BAC, go raibh an iomarca béim ar 1798 mar fheachtas míleata agus gan béim ar na cúrsaí polaitiúla a bhí mar chúlra don Eirí Amach. Léirigh sé cé chomh láidir is a bhí na hÉireannaigh Aontaithe i measc na daoine i dTuaisceart Ulaidh. Mhínigh Gordon McKoy conas a tháinig an scoilt idir Caitlicigh agus Protastúnaigh tar éis an Eirí Amach. Dúirt sé go raibh alán suim i measc Protastúnaigh inniú i roinnt ceantair den Tuaisceart i gcúrsaí 1798 agus gur chóir é seo a spreagadh.


Slógadh Shinn Féin (an dara leath)



le Micheál Mac Piarais

I ndiaidh lón bhí camchuairt stairiúil le Brian McDonald, stairí áitiúil i gCluain Eois.

Thug Brian lucht an Slógadh ar turas leathan ó ré na gCeiltigh, trí am Eirí Amach 1798, agus na nithe a thug le chéile na hÉireannaigh Aontaithe.

Thosaigh an camchuairt i lár an baile ina d'fhás fealsúnacht polaitíochta raidiceach na bpoblachtánach ag deireadh an 18ú aois. De réir Brian, de bharr an teagmháil trádála a cruthaíodh idir an baile agus Béal Feirste trí mhean an tionscail línéadaigh, forleathnaigh dlúthbhaint idir polaitíocht an dá áit. Ag an am céanna foilsíodh an Northern Star, nuachtlitir reabhlóideach, a craolaigh smaointe úrnua. Tar éis tamaill, d'eirigh i bhfad níos fearr leis an nuachtlitir seo ná an Ba leis na Cosantóirí (Defenders) an áit úd ag an am, ach bhí tionchar mór ag na smaointí nua ar Caitlicigh na h-áite chomh maith. Taobh istigh de cúpla bliana, áfach, chuiredh an seicteachais ar leathaobh don aontas a bhí á lorg ag na hÉireannaigh Aontaithe.

Lean an cuairt ar aghaidh trí Co Fear Manach, thar pointe seiceála na fórsaí Breatanacha agus trí na céadta bliana de stair saibhir na háite.

I ndiaidh dinnéir bhí díospóireacht eagraithe faoin téama ``An t-athrú polaitiúil ó thuaidh'' agus straitéis na gluaiseachta i dtaobh an athrú sin. Labhair Cathaoirleach Sé Chontae Shinn Féin Gearóid O Héara agus oibrí don dteanga Séamus Mac Seán ag an cruinniú, le Ard Rúnaí an Páirtí Lucilita Bhreathnach mar Cathaoirleach.

Dúirt O hÉara gurbh é príomh aidhm Sinn Féin san tionóil ná chun críchdheighilt na hÉireann ``a chur bun ós cionn''. Labhair Mac Seán ar ``spiorad an dá mhéar'', ``go dtig linn i gcónaí an dá mhéar a thabhairt''. Dúirt sé go raibh súil aige nach gcaillimid riamh é.

Ag deireadh gabh Eagraitheor an Slógadh, Micheál Mac Giolla Ghunna go raibh cabhair ó Roinn An Chultúr ó lucht poblachtánaigh a bhfuil suim acu san teanga, agus mhol sé Ogra Shinn Féin. ``An t-aon ball a tháinig ina sluaite ná Ogra Shinn Féin''.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland