Top Issue 1-2024

3 September 1998 Edition

Resize: A A A Print

Leanfar de Chogadh Ghúna Mhonica

Smaoiním na laethanta seo ar an gCaptaen Robert Jenkins. Sa bhliain 1739 bhain scata mairnéalach Spáinneacha an chluas de Robbie bocht. Scéal brónach é nach bhfuil cuimhne dá laghad ag aon duine ar an ainniseoir ach gur as a ainmníodh Cogadh Chluas Jenkins nuair a chuaigh na gunnabháid sa tóir ar na Spáinnigh tar éis don Domhan Sibhialta (agus, gan dabht, ``all right-thinking people'') bheith curtha trína chéile leis an mbeart gránna.

Mairg do Mhonica Lewinsky! Ní móide go mbeidh cuimhne dá laghad uirthi sa 22ú haois ach go ndéanfaidh corrstaraí (nó iriseoir corr!) tagairt do Chogadh Ghúna Mhonica.

Ní dócha go bhfuil aon duine beo a chuala faoi na hionsuithe ar an Afganastáin agus ar an Súdán nár thuig an ceangal idir gúna Mhonica agus ár san Afraic agus san Aise.

Bhí na hionsuithe sin chomh mídhleathach céanna agus a bhí siad barbartha. Ag scríobh dó sa New York Times ar 23 Lúnasa dúirt an t-ollamh le dlí idirnáisiúnta in Ollscoil Michegan: ``No state has the right to exact retribution through an armed attack on another country. Even the Security Council of the United Nations can order an attack only in the interests of restoring peace and security, not to punish. Nor does any country have the right to launch missiles against a country it believes to harbour terrorists.''

Neartaíonn an beart tapadóireach seo an eite dheis sna Stáit Aontaithe agus tá an tUachtarán Clinton tar éis an-dochar a dhéanamh dó féin agus do na cúiseanna dearfacha atá luaite leis. Iompóidh pobal na Stát níos mó agus níos mó ina choinne de réir mar a thuigeann siad go raibh monaracha poitigéireachta Al Shifa ag soláthar 80% de chógais leighis na Súdáine agus gur maraíodh 26 duine san Afganastáin nach raibh aon bhaint acu le Osama bin Laden.

Níl an deamhnú obann seo ar bin Laden gan ábhar grinn. Sháraigh Clinton é féin nuair a thug sé le fios go raibh bin Laden ar bís leis an bPápa a mharú! Ní haon ionadh é gur tuairiscíodh go raibh ``perplexity'' sa Vatacáin faoin líomhain.

Duine d'uasaicme na hAraibe Sádaí é bin Laden a d'armáil agus a chothaigh an Peinteagán ar feadh na mblianta. Ghríosaigh siad é in aghaidh na Sóivéadach san Afganastáin agus thacaigh siad leis ina fheachtas leis an rialtas saolta a bhí i gcumhacht in Kabul a dhíbhunú agus réimeas bunúsaíoch Ioslamach a chur ina áit. Chaill siad spéis ann nuair nach raibh sé úsáideach dóibh a thuilleadh.

Níorbh é sin an t-aon rud a chuir olc ar bin Laden. Ghoill sé air gur loic na Poncánaigh ar an ngeallúint phoiblí a thug siad i 1990 nach bhfágfaidis a bhfórsaí san Araib Shádach tar éis Chogadh na Muarascaille. Méadaíodh an ding idir é féin agus a sheanphátrúin níos mó fós tar éis léirscrios Quana ar 18 Aibreán 1996 nuair a mharaigh na hIosraelaigh 106 sibhialtach Liobánacha (i ngar do bhunáite Éireannach). Rinne Washington iarracht tuarascáil de chuid na Náisiún Aontaithe a mhúchadh mar gur léirigh sé gur d'aon ghnó a rinneadh an léirscrios.

Ba é an ráiteas ba shuntasaí a rinneadh go dtí seo faoi Chogadh Ghúna Mhonica a ndúirt Madeleine Albright: gurb é seo ``cogadh na todhchaí.'' Tabhair faoi deara nach ndúirt sí ``cogaíocht na todhchaí'' ach ``cogadh.'' Is é an meon atá ag lucht straitéise sa Rúnaireacht Stáit gur cuid den aon chogadh amháin céanna na ruathair a bheas á ndéanamh ó thráth go chéile feasta ar thíortha an domhain theas. An rud céanna a bhí i gceist ag Jacques Chirac nuair a thagair sé do ``chogaí acmhainne na 21ú haoise.''

Cuireann an scéal seo drochbhlas ar chuairt Bill Clinton ar Éirinn an deireadh seachtaine seo. Beidh sé deacair glacadh lena chuid comhbhróin agus cáinte faoi léirscrios na hOmaí agus a fhios againn gurb eisean an buamadóir is mó ar domhan. Ar an taobh eile ní féidir (agus níor cheart) an stair a athscríobh maidir leis an bpáirt dhearfach a d'imir sé sa phróisias síochána go dtí seo agus ba cheart tathaint air fanacht amach ó thionchar Oifig Eachtrach Shasana maidir le ceist na hÉireann de. Ní polaitíocht go codarsnachtaí!

Colm de Faoite


File mar Finné



Cad is file, ag deireadh an lae, ach finné. Má scríobhann file do lucht léitheoireachta níos leathna ná a chairde/cairde féin, ba chóir go mbeadh scéalta le hinsint, eachtra le miniú, smaointe le spreagadh ionainn. Agus go minic, `sé cleas agus bua an fhile na smaointe seo a ríomhú i mbealach úr, agus i mbealach `fó-ráite', a fhagann an léitheoir ag macnamh ina dhiaidh an smaoinimh. Is iomaí dán maith a bhfuil dhá chiall ag baint leis... ach fírinne amháin ann.

Nuair a sheol Louis de Paor leabhar filíochta Colette Nic Aodha, `Baill Seirce', i gClubaras na nGael i nGaillimh an tseachtain seo chuaigh thart chuimhnigh sé go bhfuil níos mó ná ciall amháin ins an teideal féin, nó, ar a laghad, ins an fhocal seirce . Tagann an teideal as líne de na dánta atá sa díolaim, Túir Ghranna, dán íorónach, cliste, ina bhfuil an teachtaireacht fó-ráite ach ana-shóiléir le haimsiú. Cé a cheapfadh túir ghránna mar bhaill seirce? Cé eile ach `foghlaithe na banríona'. Nuair a instear gur túir fháire na túir ghránna i ndán Colette, tuigfear gur dán polaitiúil an dán seo. Déanta na fírinne, tá cuid mhaith de dhánta Baill Seirce ina ndáin pholaitiúla, agus b'fhéidir a rá gur leabhar dhá chuid é, gan tracht ar dhá chiall, an leabhar féin.

Ní abhar éascaí príomhabhar pheann Nic Aodha; tá pian, diultú, briseadh, deireadh, aiféaltas agus fearg ins na dánta. Ach má's minic a scríobh filí faoina gnéithe sin den saol roimhe seo is fiú glór Colette a chluinsint ag insint a leagan-sa, ag cuimhniú a taithí-se de stoirm mhothúcháin an tsaoil seo. Sna dánta pearsanta - agus tá go leor acu sa bhailiúchán - ní fhagann an t-údar aon ní i bhfolach uainn. Ina dán Oíche mar shampla, tá foiréigin ina aghaidh mná:

Nuair a rug sé ar sciúch orm / thit gach réalt ón spéir
D'imigh an fharraige / síos an doirteal
Is dódh chuile tráithnín féir.

Dúradh nár gortaíodh éinne / maraíodh mé i ndáiríre:
``An bhfeiceann tú?...'' a dúirt sé /Shíl sé nach bhfaca,
Ach chonaic don chéad uair riamh.

I ndánta eile tá smaointe aorúla, agus mar atá a fhios ag cách is láidre aor ná ár uaireanta. Ceistíonn Colette seantraidisiúin creidmheacha (Bandia Á Lorg) agus tá argóint mhaith feimineach i ndán eile `As an Nua'.

Le gairid chuala trácht / ar iarsmalann as an ngnáth.
Iarsmalann an mhíostraithe.
Cad a bheadh ar taispeáint ann? / Óngceirt go Super Tampax?
Tá fear ina bhainisteoir air.

Bí ag caint faoi íoróin agus fó-ráiteas!

`Sé sin taobh amháin, má's maith leat, den leabhar. Baineann an taobh eile le polaitíochtaí, agus le cearta daonna ó thuaidh agus ó dheas. Fóilsíodh cuid de na dánta seo cheanna in irisí éagsúla, Saoirse, iris Roinn an Chultúir Shinn Féin ina measc. Agus is fiú á n-athfhoilsiú i bhfoirm leabhair anois agus tá comhghíardeas ag dul go Colette as an fhoilsiú. Tríd, beidh deis ag lucht léitheoireachta níos leathna dánta mar an cheann thíos (Cothrom na Féinne) a léamh, dán a insíonn scéal `baill' eile, ach baill nach bhfuil searc ag baint leo in aon chor.

Thit sé nuair a bhí sé faoi ghlas:
Sin mar a gortaíodh a chloigeann.
Bhuail sé a ghnúis ar an doras -
Sin an chaoi a briseadh a shrón.
Shleamhnaigh sé sa seomra folctha
Sin an fath a bhfuil fuil lena bhéal...

Admhaím nach raibh an t-ádh dearg leis
Ach níor fhág aon bhall den fhórsa seo méar air...

Mura raibh an t-ádh dearg leis bhí an t-ádh dearg linn nuair a tháinig Colette ar a bua: filíocht a scríobh. Ní bhíonn an léitheoir ar a suaimhneas ina dhiaidh cuid dena píosa seo a léamh, ach ní dóigh liom gur shuaimhneas a bhí in intinn an údair agus í á scríobh. Gura bhfasa smaointí míshuaimhneacha ionainn: dár le scéalta Colette Nic Aodha tá go leor leor nach bhfuil suaimhneach ná cothrom sa saol seo agus ní theipeann uirthi ina ról mar fhinné ar sin.

Baill Seirce
Coiscéim
£4.00

E.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland