Top Issue 1-2024

20 August 1998 Edition

Resize: A A A Print

13ú Slógadh Shinn Féin

Tá Slógadh bliantúil Shinn Féin ag druidim go tapaidh linn aris i mbliana.

Cá hait? Ostan Creighton. Cluain Eois. Co. Muineacháin.

Cá huair? Aohne 25ú-Domhnach 27ú Meán Fómhair.

Costas £50.

Beidh an clár ar fáil ar ball. Idir an dá linn, seo roinnt eolais faoi imeachtaí an tSlógaidh. `Sé priomhthéama an tSlógaidh Éirí Amach 1798, agus chuige sin beidh dhá dhíospóireacht faoin cheist seo ar an Sathairn: Mná 1798; agus Cad a thug nu Protastúnaigh agus na Caitlicigh le chéile i 1798 (agus cad a d'easaontaigh iad ó shin i leith). Tráthnóna Dé Sathairn beidh camchuairt ar na láithreáin stairiúla a bhaineann le 1798 i gceantar Chluain Eois. Lena chois seo, beidh dhá dhiospóireacht eile ann le linn an tSlógaidh: ceann faoin Bhille Cearta don Ghaeilge ó dheas agus ceann faoin ghá leis an athrú polaitiúil bunúsach ó thuaidh. Beidh craic agus ceol ann fosta - seisún ceoil oíche Aoine agus céile mór oíche Shathairn.

Cad chuige a bhfuil muid ag tabhairt aghaidh ar Chluain Eois? Ceantar atá ann a bhfuil bunadh na háite ag obair go dian dícheallach ar son na Gaeilge - i measc na bhforbairtí éagsúla, tá Gaelscoil bunaithe acu. Ba mhaith le Sinn Féin tacú leis na hiarrachtaí seo.

Tá súil agam go mbeidh daoine in ann freastal ar an Slógadh i mbliana. Is féidir áit a chur in áirithe ach an fhoirm thíos a líonadh isteach agus a chur, le hearlais £10 an duine, chuig Rioinn An Chultúir, 5-7 Conway St. Belfast 12.


Ba mhaith liom go gcuirfi áit in áirithe dom ag Slógadh 1998 i gCluain Eois, 25-27 Meán Fomhair.
Iniata leis seo tá earlais £10.

Ainm .......................................................................

Seoladh......................................................................

......................................................................................

.......................................................................................

Seol ar ais chuig Roinn An Chultúir 5-7 Conway St. Belfast 12


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland