Top Issue 1-2024

9 July 1998 Edition

Resize: A A A Print

Cúise agus Toradh

- is cuma faoina tuairiscí seimhe



Is léir go bhfuil iarracht ag roinnt mhaith tuairisceoirí i measc na dtuairiscí ar scríobhadh fa' dtaobh champa na nOraisteach ar an Bhóthar Garbh Achaidh `dea-scéal' a chumadh faoi rud seicteach agus bearna a chruthú idir an Ord Oraisteach agus locht do na círeibeacha atá ar súil ar fud na Sé Chontae. I scéal a scríobh Suzanne Breen san Irish Times, maidin Dé Luain, mar shampla, bhí go leor tagairtí ann do rudaí neamhúrchóideacha mar laethanta campála fadó, fadó san `Boys Brigade'; oícheanta nuair a bhí sean Oraisteach `coorting the wife', agus iad ag caitheadh na hoíche i bpuball; oíche faoi dhíon na réalta agus a leithéid. I gCathair na bPuball, dúradh linn, tá spríd ann. Tá daoine ag baint sult as cluiche, agus diabhal dochar atá ann ag deireadh an lae, cheapfá. Chuir tuairisc Suzanne Breen an mhéad sin iontas ar Gerry Ryan agus é ag dul fríd na páipéir maidin Dé Luain ar a sheó raidio gur thosaigh sé ag magadh tuairimí Bhreen. `She makes it sound like Woodstock' arsa Ryan. Thuig séisean, ar an laghad, gurbh aibhéil a bhí ann an suíomh `sona sasta' a dhathaigh sí lena cuid focal.

Ach má scríobh sí mar a scríobh, ní raibh sí ar a haonar. Chuir níos mó ná nuachtán amháin béim ar an taobh soineanta den scéal, den trí nó ceithre mhíle duine a crhuinnigh le chéile ina aice na heaglaise, ag iarraidh brú a mbealach síos bóthar nach raibh fáilte rompu ann. Ní hé nach raibh gnéithe den eacht sort greannmhair. Mar shampla, is fíor go raibh abhar grinn san íomha d'fhear ina shuí ann, i lár Mí Iúil, lena Crann Nollag agus bagairt uaidh go bhfanfadh sé ar an láthair go dtí Lá Nollaig féin dá mbeadh sé riachtanach. Bí ag caint faoi ghlainteachas!

Ins an Belfast Telegraph faoin cheannlíne `Ring of Love' bhí tuairisc faoi lanúin óg a chás ar a céile don chéad uair trí sheachtain ó shin agus a d'éirigh geallta le posadh oíche Luain, ag na constaicí boithre i bPort an Dúin. `It just seemed the right thing to do when we arrived here to support the Orangemen...' arsa an leaid óg. ``It's something we'll never forget' a dúirt an cailín. `You never know, we could get married this time next year at Drumcree.' Agus cá bhfios nach gcaithfaidh siad an t-idirlinn ag cniotáil a gúna bainise i bpuball ar pháirc Dhroma Criadh leis na mná eile. Scéal duineata sona eile, dóchas i lár an eadóchais, grá i lár an ghráinn. Ní féidir scéal níos fearr a fháil - seachas scéal faoi ghrá trasna na constaicí, b'fhéidir. Ach is beag an seans go bhfuil móran grá ag síneadh trasna na constaicí i bPort an Dúin an tseachtain seo.

Agus ansin tá Radio Orange, colceathair Radio Ga Ga, is cinnte, an staisiúin neamhspleách raidio bradach a chraolann gach oíche idir 12.00 meán oíche agus `timpeall a5.00 am'. Lucht eisteachta? Nighthawks ar ndóigh, níl aon choilm i measc an dream úd lasmuigh d'eaglais na Droma Criadh. Craolann Radio Orange, deirtear linn, magadh agus grinn ón DJ fa' dtaobh imeacht Fhoireann na hAlban ó Corn an Domhain. Tá an `grinn' seo dírithe ar reisimint Albanach d'Arm na Breataine atá lonnaithe i bPort an Dúin - innocent fun, mar a deirfeá. Ach ní insíonn an Telegraph dúinn faoi cén saghas ceoil, nó cén teachtaireacht `pholaitiúil' a chraolann an staisiún i rith an chúig uaire a' chloig eile, cé gur féidir linn buille faoi thuairim maith a dhéanamh ar sin.

Tá sé deacair a thuiscint cad atá ar súil sna tuairiscí `deascéil' seo, nó is léir go bhfuil iriseoirí éagsúla ag iarraidh pictiúir a chruthú d'imeachtaí cairdiúla, gan bagairt, scartha ón dubhpholaitíocht a luíonn taobh thiar dóibh. Níl aon cheangail idir cúis agus toradh. Léimid faoi lanúin óg ag céiliúradh ocáid sóisialta ach gan sin a chuir i gcomhthéacs an bhigideachais a tharraing le chéile iad ar pháirc an Gharbh Achaidh, le beith páirteach i fáinne gráine in aghaidh a gcomharsana náisiúnacha. Ring of Love, mar dhea.

`Seo an taobh eile den scéal, an taobh níos dorcha. Tá sé deacair do dhuine Radio Orange a chluinsint le fuaim na ndrumaí Lamh Beaga, ag bodhradh cách sa cheantair 24 uair sa ló, iad bagrach, dúshlánach, náimhdeach. Go deimhin, bheadh sé deacair do dhaoine ina dtithe féin ar an Bhóthar Garbh Achaidh éalú ón torann drumadóireachta cogaidh sin. Agus nuair a scríobh Suzanne Breen faoin saol sna pubaill, nach dtáinig an smaoineadh chuici gur léigear a bhí ann, agus go raibh cúrsaí níos measa dona daoine a bhí glasailte isteach ná don dream a bhí ag cur leigéir orthu? Iad mar teifigh ina dtithe féin? Nó nár smaoin an t-iriseoir a thug an tuairisc faoi Radio Orange go raibh aon nasc idir deireadh craolta an staisiúin ag `timpeall a 5.00 am' agus cruinniú breis agus míle oráistigh óga taobh amuigh de Sheipéal Naomh Phádraig, an seipéal Caitliceach, roimh 7.00 am an maidin dár gcionn?

Le beagnach seachtain anois tá sar-iarracht á dhéanamh ag an mheán an scéal a scaipeadh go bhfuil an tOrd Oráisteach ag éagrú `agóidí síochánta'. Síochánta. Ciallann sé sin nach bhfuil an tOrd ag glacadh aon fhreagracht as na himeachtaí a leanann na hagóidí. Tuigeann na meáin go bhfuil scriosadh gluaisteán, dóadh eaglaisí caitliceacha, bagairtí ar dhaoine as a dtithe féin agus na himeachtaí dorcha ar fad sin fite fuaite le himeachtaí Droma Criadh, ach déantar iad a scaradh óna chéile tríd na tuairiscí soineanta nach ligeann go bhfuil aon rud cearr. Mar a dúirt Oraisteach amháin `I have food and drink.. its just like the Field'. Agus b'fhéidir go bhfuil, lena shaol breagach, samhlaíoch, cathréimeach. Ach ní féidir leis an Ord Oraisteach freagracht don scrios agus don méadú teannais a sheachaint. Níl aon scaradh idir cúis agus toradh, is cuma faoi cad a deirtear nó déantar sna meáin cumarsaide báúla.


Who fears to speak of `48?



Ba é 1848 ``bliain na réabhlóidí.'' An Rúis an t-aon stát san Eoraip a tháinig slán ón gcorraíl a chroith an leagan amach a d'fhág an Comhaontas Naofa agus Comhdháil Vín ar an mór-roinn. D'éirigh an pobal amach ar son an daonlathais i bPáras, sa Bhruiséil agus i Vársá. Cuireadh an lasóg sa bharrach sa Ghearmáin, san Iodáil, san Ostair agus san Ungáir.

Nuair a shroich an nuacht Baile Atha Cliath go raibh an mhonarcacht briste sa Fhrainc chuir an Chónaidhm Éireannach (an eagraíocht a bhunaigh na hÉireannaigh Óga in Eanáir 1847 agus a cuireadh faoi chois cothrom na míosa seo 150 bliain ó shin) toscaireacht de thriúr go Páras le teachtaireacht dlúthpháirtíochta. D'fháiltigh an tUachtarán Gníomhach, Alphonse de Lamartine, rompu. Thug siad abhaile bratach trídhathach, glasuaithne, bán agus flannbhuí, a rinne daoine de shliocht theifigh `98 a chuir fúthu sa Fhrainc.

I bhfad roimhe sin bhí cuid de mhuintir na Cónaidhme tar éis ceangal bráithreachais a bhunú le daonlathaithe níos gaire do bhaile, lucht na Cairte, na Chartists, i Sasana. Bunaíodh Charter Associations i mbailte na hÉireann sa bhliain chinniúnach úd 1848. Thall i Sasana chuir lucht na Cairte in aghaidh reachtaíocht chomhéigin a bhí dírithe ar Éirinn agus d'éiligh siad go mbunófaí coiste fiosraithe faoi staid na hÉireann (a bhí réabtha ag an nGorta Mór).

Lean géarsceimhlitheoireacht stáit go ceann 30 bliana i ndiaidh Éirí Amach `98, rud a chiallaigh nach raibh deis ann gluaiseacht na poblachta a athbhunú ar bhonn náisiúnta. Líon Dónall O Conaill an folús le náisiúnachas Caitliceach a rinne dochar as cuimse.

Thacaigh na hÉireannaigh Óga le coinceap Tone den náisiún. Bhí an Conallach teoranta do ``náisiún'' Caitliceach, rud a chinntigh gur bhraith cuid mhór Protastúnach coimhthíos san fheachtas um Réipéal agus, dá bhrí sin, sa ghluaiseacht um fhéinrialtas i gcoitinne. Bhí na hÉireannaigh Óga agus na Conallaigh ina gcomhghuaillithe ag an tús agus aisghairm Acht na hAontachta mar chuspóir acu ach léiríodh an difríocht bhunúsach eatarthu nuair a féachadh le coláistí ollscoile a bunú i mBéal Feirste, Baile Atha Cliath, Corcaigh agus Gaillimh.

D'fháiltigh Tomás Dáibhís agus The Nation rompu. Bhí géarghá le hinstitiúidí oideachais sa tír. Ní raibh ann d'ollscoil go dtí sin ach Coláiste na Tríonóide. Bhí sé i gceist go mbeadh na coláistí nua saor ó smacht eaglasta agus go mbeidís ar oscailt do Chaitlicigh agus Preisbitéirigh chomh maith le lucht na heaglaise bunaithe. D'ionsaigh Dónall O Conaill seasamh an Dáibhísigh - ``not a Catholic view,'' a dúirt sé. Sheol sé féin agus na heaspaig Chaitliceacha feachtas in aghaidh na gcoláistí ar an mbonn go raibh siad ``godless.'' Cé ba mhó a sheas leo sa dearcadh sin ag an am ach na hOráistigh!

B'in an bhliain chéanna, 1845, inar méadaíodh go mór ar an deontas stáit do Choláiste Phádraig, Maigh Nuad. Sceith urlabhraí Caitliceach, Richard Lalor Shiel, an cur chuige a bhí taobh thiar de sin: ``Are not lectures at Maynooth cheaper than State prosecutions? Are not professors less costly than Crown solicitors? Is not a large standing army and a great constabulary force more expensive than the moral police with which by the priesthood of Ireland you can be thriftily and efficasiously supplied?''

Cuireann sé gruaim ar dhuine, breis agus 150 bliain níos déanaí, a thabhairt faoi deara go bhfuil an t-oideachas chéad agus dara leibhéal go háirithe, thuaidh agus theas, eagraithe i gcónaí ar bhonn seicteach agus go nglacfaidh sé misneach morálta agus polaitiúil thar na bearta an scéal a leigheas.

Go fírinneach, is ar an taobh chéanna atá Joel Patten agus Denis Faul ó tá siad beirt ag iarraidh an eisiacht reiligiúnach a bhuanú. Is uaisle go mór ná teagasc seanchaite na beirte soíscéal an Dáibhísigh.

Colm de Faoite

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland