Top Issue 1-2024

21 May 1998 Edition

Resize: A A A Print

Ard Fheis Tábhachtach Eile

Uachtarán Nua do Thréimhse Stairiúil


Leis an bheim ar fad a chuir poblachtaithe ar an dhá chuid d'Ard Fheiis Shinn Féin i mbliana, is féidir gur chaill daoine nuacht nó tuairisc ar Ard Fheis tábhachtach eile a thionól le chéile i rith an deireadh seachtaine céanna a raibh Ard Fheis Shinn Féin ann. I mbliana, coicís ó shin, chruinnigh Conraitheoirí Chonradh na Gaeilge in Ostán an Two Mile Inn, Bóthar na hInse i Luimneach fa' choinne Ard Fheis na bliana.

Ina measc na dtéamaí a pléadh ag an Ard Fheis bhí tuairisc an Ard Rúnaí, Seán Mac Mathúna, a scrúdaigh athraithe is seasamh agus feidearachtaí do thodhchaí na Gaeilge. D'fháiltigh an tArd Rúnaí an socrú stairiúil a rinne Éamon Ó Cuív nuair a thug sé reachtaíocht dlíthiúil isteach a chinnteodh go mbeadh cearta bunreachtúla do phobal na Gaeilge deimhnithe sa dlí.

`Tá gá le bille dá leithéid chun cearta a thabhairt do phobal na Gaeilge atá ag iarraidh a ngnó leis an státchóras a dhéanamh trí Ghaeilge' a deir mac Mathúna. `Chuir figiúirí Dhaonáireamh 1996 go mór le dóchas pobal na Gaeilge' arsa sé ag tracht ar an 1 560 000 duine le cumas labhartha na Gaeilge, 26% díobh sin, breis agus 400 000 a labhraíonn Gaeilge go laethúil. Dúirt sé nárbh ábhar iontais é sin do Chonradh na Gaeilge, agus é ag cuimhneamh ar líon na ndaoine as ghlacann páirt in imeachtaí na Conartha, ranganna, Slógadh Ghael Linn, Seachtain na Gaeilge agus an tOireachtas san áireamh.

Cháin an tArd Rúnaí seasamh Chumann Mhúinteoirí Éireann as an mí-úsáid atá siad ag baint as Chaipéis Aoine an Chéasta chun staid chuí na Gaeilge sa chóras bunoideachas a lagú ó bhonn. `Bíodh comhchuraclam i bhfeidhm sa tír uile chun a n-oidreacht Ghaelach a chur ar a súile do gach dalta agus agus deis cheart a thabhairt dóibh sin, nach bhfuil an deis acu faoi láthair, Gaeilge a fhoghlaim. Ná bíodh comhchuraclam mar leithscéal chun múinteoirí gan cháilíocht riachtanach sa Ghaeilge a fhostú agus dá réir sin, daltaí sna 26 Chontae a stopadh ó bheith in ann Gaeilge a fhoghlaim i gceart mar chuid den churaclam comhtháithithe bunscoile' arsa sé.

De réir le tuairisc Mhic Mhathúna, bhí `tagairtí dearfacha, cé go bhfuil siad teoranta agus cáilithe, don Ghaeilge' i gCaipéis Aoine an Chéasta. Ach ní leor go mbeadh tagairtí dearfacha ann nó d'aontaigh na Conraitheoirí go gcaithfeadh beart a chur le briathar sna ceisteanna sin, an `féidearthacht' a dhéanamh níos deimhne agus bille cearta a thabhairt isteach don Ghaeilge. I ráiteas a d'éisigh Gearóid ó Cairealláin, iarUachtarán Chonradh na Gaeilge, dúirt sé go raibh `muid inár seasamh ar tháirseach ré nua'. Dar leis an Caireallánach, a bhí ag éirí as phost an Uachtaráin, bhí dóchas phobal na Gaeilge ar fud na hÉireann níos airde ná riamh. A tagairt d'obair na dtuismitheoirí agus na gníomhaithe Gaeilge, agus ag amharc ar TnaG mar `focas agus pointe spreagtha dochais' dúirt sé go raibh `ceimeanna á nglacadh anois a shlánóidh an Ghaeilge mar theanga bhríomhar phobail san aois seo chugainn'.

dúirt Ó Cairealláin chomh maith go raibh `dóchas áirithe ag lucht na Gaeilge an Tuaiscirt maidir leis na míreanna a bhaineann leis an teanga i gComhaontú Aoine an Chéasta'. Ach thug sé rabhadh do na hAontachtaithe gan a bheith ag iarraidh na moltaí ann a laghdú. `Molann an Comhaontú an chuid is lú atá inghlactha, céimeanna beaga i dtreo aitheantas do theanga na háite sna Sé Chontae'. Dúirt Ó Cairealláin go mbeadh Conradh na Gaeilge `ag brú ar na húdaráis feidhm a thabhairt do na moltaí Gaeilge ón tús' dá nglacfaí leis an Aontas Dé hAoine seo, ba chuma faoi iarrachtaí cuid de na hAontachtaithe a bhí ag cur in iúl go mbeadh athraithe i stadas na Gaeilge `iontach teoranta ar fad'.

Níor sheas Gearóid Ó Cairealláin do thoghchán na hUachtaránachta i mbliana, d'éirigh sé as ina dhiaidh tréimhse trí bhliana. Bhí beirt iarrthóir do phost, Pádraig Mac Fhearghusa, Eagarthóir Feasta agus Tomás Mac Ruairí, a bhí fostaithe trath leis an Irish Press agus atá ina Thuairisceoir Cúirte ó shin. Tóghadh Mac Ruairí, ab'as Ard Macha dó ó dhúchas, ina Uachtarán agus tá beannachtaí agus dea-thoil ag dul chuige don obair mhór atá i ndan dó sa tréimhse stairiúil atá roimhe.


Ná ligimis an fhaill seo tharainn



Seo uair na faille. Agus an fhaill sin a fhreastal is féidir na Sé Chontae a chlaochló as cuimse. Go deo arís ní féidir leis an stát gallda an limistéar a rialú ar an seanbhealach.

Agus é ag labhairt ar RTÉ oíche an 10 Aibreán chaoin an frithphoblachtach néaróiseach Eoghan Harris maidir le hidirbheartaithe Shinn Féin: ``What they have succeeded in doing is to destroy the Britishness of the place.'' Le himeacht ama feicfear géarchúis na tuisceana sin. Ní mhúchfar feasta an glór náisiúnaíoch san oirthuaisceart.

Tá an seanfhalang Oráisteach, a bhí ollchumhachtach tráth, briste brúite. Beidh an tOráisteachas linn go ceann i bhfad, ag scaipeadh a nimhe sa phobal aontachtaíoch, ach is i léig a bheas sé ag dul feasta.

Dá lochtaí é Comhaontú Aoine an Chéasta cuireann sé ar fáil deiseanna nach raibh ann go dtí seo cearta polaitiúla, eacnamaíocha, sóisialta, cultúrtha agus daonlathacha a chur chun cinn. Den chéad uair le breis is 100 bliain beidh an móiminteam ó thuaidh in aghaidh an tseicteachais agus ná déanaimis dearmad gurb í an deighilt sheicteach cloch choirnéil an aontachtais.

Ní bheidh an chéad chéim eile éasca. Glacfaidh sé scil, diongbháilteacht agus foighid na hinstitiúidí nua a bhogadh i dtreo forásach. Beidh gá le raon oilbheartaíochta chuige sin - polaitíocht ar an dul parlaiminteach, agóidíocht sráide, forbairt eagraíochtaí pobail agus taidhleoireacht cháiréiseach. Beidh comhaontais nua ag teacht chun cinn, cuid acu an-sealadach agus bunaithe ar cheisteanna an-teoranta agus cuid eile níos buaine agus níos leithne.

Den chéad uair beidh faill ann tús a chur le hathmhuintearas idir an dá phobal sa tuaisceart, rud a bhí dodhéanta fad is a bhí an ghleic armtha faoi lánseol. Níl aon rud níos treascartaí ar féidir a dhéanamh ná sciaranna den phobal aontachtaíoch a chomhshamhlú isteach i saol cultúrtha agus sóisialta trasphobail. Glacfaidh sé tamall sula scaipfear ceobhrán na miotas maidir le náisúnachas agus náisiúnaithe ón intinn aontachtaíoch ach tarlóidh sé sin má ligtear an t-aer isteach sa laager.

Nílim a rá go bhfuil na hoirc is na hairc geallta i gComhaontú Aoine an Chéasta. Níl ná baol air. Mura tháinig coda de idir tú féin agus codladh na hoíche le seachtainí anuas níl tú aireach - ná ag smaoineamh. Is í an fhírinne nach mbeidh ach vóta amháin le caitheamh amárach (Dé hAoine) maidir leis an gComhaontú, glacadh leis nó diúltú dó. Table-d'hote seachas a la carte! Creidimse go daingean gur mó go mór na buntáistí sa cháipéis seo ná na míbhuntáistí agus dá réir sin tá mé ag moladh go vótálfaí ar a son.

Tá mé orthusan ar thaobh na 26 Chontae den teorainn atá míshuaimhneach faoi na leasuithe ar Airteagail 2 agus 3. Mar sin féin tá difríocht an domhain idir an cineál leasaithe (nó cealú lom) a bhí i gceist tráth ag Garret FitzGerald agus an leasú atá á mholadh mar chuid den phacáiste. Deimhnítear in Airteagal 2 nua cearta mhuintir an Tuaiscirt (agus ní náisiúnaithe amháin) dá saoránacht Éireannach.

Ba dhearmad é an Comhaontú a mheas go hiomlán ar a fhoclaíocht beag beann ar an gcomhthéacs nó ar an bpróisias lena mbaineann sé. Ní rud teibí é an próisias sin. Geallann sé iompú bisigh i saol na ndaoine ó lá go lá. Creidim go gcuireann an comhaontú le dóchúlacht aontú na tíre le mo linn.

Tá gnéithe den socrú a d'fhéadfadh cúrsaí a bhrú ar aghaidh nó ar chúl chomh héasca céanna. Beidh gach comhlacht nó fóram nua, idir thofa agus cheaptha, ina láthair chatha. D'fhéadfadh, ar ndóigh, go dteipfeadh ar an tionscnamh ar fad. B'fhéidir go n-éireoidh leis na haontachtaithe is frithbheartaí é a chosc nó marbh-bhreith an chórais nua a chinntiú. Más mar sin a bheas, bíodh! Beidh sé soiléir nach bhfuil síocháin ná comhionannas uathu.

Ní deireadh gleice a bheas ann an deireadh seachtaine seo ach treisiú ar an ngleic, an ghleic ar son saoirse, comhionannais agus bráithreachais, an ghleic ar son poblachta uile-Éireannaí.

An Aoine seo beidh mé ag caitheamh vóta ``Tá'' ar son an 19ú Leasú (Comhaontú Aoine an Chéasta) agus vóta ``Níl'' i gcoinne an 18ú Leasú (Conradh Amstardam).

Colm de Faoite

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland