Top Issue 1-2024

1 October 2010

Resize: A A A Print

Glórtha fós ag glaoch

AG an am seo den bhliain bím gnóthach le hullmhúchán agus teagmháil le coistí ar fud na tíre atá ag dul tríd mholtóireacht Glór na nGael. Is bliain ar leith atá ann i mbliana nó beidh Glór na nGael ag comóradh 50 bliain dá chomórtas le linn 2011 agus i measc na gcoistí atá páirteach, fós, tá cuid a bhí páirteach i bhfad siar sna blianta nuair a rinneadh an chéad mholtóireacht.
Tá go leor athraithe sa tír ó chuireadh an comórtas ar bun. Cumann na Sagart (Pádraig Ó Fiannachta, Tomás Ó Fiaich agus a leithéid) comórtas nua ar bun mar chuid de chomóradh bliain cuimhneachán Naomh Pádraig. Ba é ‘glór’ Ghlór na nGael ná na glórtha a mheall Naomh Pádraig ar ais go hÉirinn: glórtha Gaeilge is dócha agus bhí an comórtas ann chun aithint a thabhairt do choistí ar fud na tíre a bhí ag iarraidh an Ghaeilge a chaomhnú agus a fhorbairt. Bheadh sé deacair a shamhlú anois, 50 bliain níos déanaí, go dtiocfadh leis an chléir na mílte daoine a spreagadh chun a bheith páirteach i gcomórtas ar bith ach, sna laethanta sin tháinig fás agus borradh ar an chomórtas ón tús.

Duaiseanna ar fud na tíre agus thar lear
Mar chuid den chomóradh tá Glór na nGael ag ullmhú leabhair chuimhneacháin agus mar chuid den taighde chuige sin osclaíodh seanbhoscaí grianghraif ag dul siar go dtí tús na seascaidí.
Is léir gur imeacht mór i saol an phobail a bhí ann, tráth, nuair a bronnfaí an Duais Náisiúnta ar bhaile nó ceantar. Bhíodh Uachtarán na hÉireann i láthair, bhíodh Meitheal Bratach, méara, píobairí agus ar ndóigh an pobal féin cruinnithe ar na sráideanna don bhronnadh.
Thar chaoga bliain bronnadh an Duais Mhór (agus na mílte duaiseanna eile) ar choistí agus grúpaí i ngach carn den tír seo agus ar ghrúpaí Gaeilge thar lear. Le blianta beaga anuas tá rannóga úra tugtha isteach sa chomórtas (Comórtas do mhic léinn an tríú leibhéal, comórtas idirnáisiúnta Glóbal Gaeilge) agus i mbliana de bharr tacaíocht ón nuachtán Foinse beidh comórtas eile ann do dhaltaí na scoileanna iarbhunoideachais ar an oileán. Agus ag croí gach coiste (pobal, scoile, coláiste..) tá pleanáil, feidhmiú agus deiseanna labhartha na Gaeilge á gcur chun cinn.
Seolaimis beannachtaí agus mianta rátha chuig na coistí éagsúla a bheidh páirteach i mbliana, agus na coistí ar fad a bhí páirteach sna blianta roimhe seo. Is iad a choinnigh (go deonach, gan aitheantas go minic) an teanga beo ó ghlúin go glúin nuair a bhí gach rud eile sa tír ag athrú. Nára balbhófaí na glórtha sin riamh.

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland