Top Issue 1-2024

19 March 1998 Edition

Resize: A A A Print

Bua do Shaoirse

Buann Feachtas ar son Cearta na gCimí cath aitheantas i gColáiste na hOllscoile Náisiúnta, Gaillimh


le Michael Browne

Tar éis d'aontas an Choláiste i nGaillimh vóta a chaitheadh ag a chruinniú míosúil an tseachtain seo tá aitheantas faighte ag an bhrúghrúpa Saoirse sa Choláiste.

Mar gheall ar an aitheantas seo is féidir le Saoirse - a bhfuil fachtas ar bun aige ag iarraidh go scaoilfí saor na príosúnaigh uile atá faoi ghlas mar gheall ar an choimhlint ó thuaidh - is féidir leo anois cruinnithe poiblí a reáchtáil agus aoíchainteoirí a thabhairt ar an champas. Tá an grúpa gníomhach, chomh maith, ar cheisteanna faoi chearta na gcimí, ag tabhairt freasúra do chuardach lomnochta agus ag iarraidh go n-aistreofar na príosúnaigh atá i Sasana ar ais go hÉireann. De bhrí go bhfuil aitheantas ag an ghrúpa anois beidh siad i dteideal airgead an choláiste a úsáid le híocadh as aoichainteoirí agus imeachtaí a phoibliú.

Níl na fathanna nár tugadh aitheantas do ghrúpa roimhe seo ro-shóiléir ach tcítear go raibh freasúra ann ar Aontas an Choláiste, foChóiste sa Choláiste a bhfuil ionadaithe na mac léinn agus ionadaithe an fhoirinn teagaisc ar aon air. Creidtear gurbh é an ghné polaitiúil d'obair Shaoirse a bhí in chrann spáirne.

Tá aitheantas le blianta ag an Young Fine Gael agus Cumann De Barra (FF) sa choláiste cheanna féin agus aitheantas chomh maith ag an ghrúpa Amnesty International.

De réir le Dáithí Ó Madáin, Cathaoirleach Saoirse i nGaillimh, ní raibh fadhb riamh i measc na mac léinn d'obair Shaoirse. `Tá go leor tacaíocht faighte againn go dtí seo' arsa sé ` agus molaímis ar an líon is mó de mhic léinn bheith páirteach sna himeachtaí agus díospóireachtaí atá eagraithe againn. Tá sé seo go léir ina chuid lárnach den phróiseas síochána'.

Agus cé go raibh freasúra ó Aontas an Choláiste, tá Ó Madáin dóchasach anois faoin tódhchaí. ``Tá sé i gceist againn clár leathan d'imeachtaí a chur ós comhair na mac léinn agus an lucht teagasc anois ar chéist na gcimí agus tá súil againn go gcuideoidh an cinniúint seo le fuinneamh a thabhairt do ghrúpaí i gcoláistí eile atá ag fanacht fós ar aitheantas dá ngrúpaí féin'.

Reáchtaíodh an chéad chruinniú `oifigiúil' ag Saoirse NUIG an tseachtain seo nuair a labhair Edel Kelly (Longfort) agus Eoghan Mac Cormaic, Cathaoirleach Náisiúnta Saoirse le dream mac léinn faoin éileamh go scaoilfí na cimí polaitiúla go léir saor láithreach.


An cam agus an díreach san Afraic Theas



Thug cathaoirleach an Choimisiúin um Chearta Daonna san Afraic Theas, an tUrr Barney Pityana, léargas ar na constaicí ar cheartbhunú an daonlathais sa tír sin agus é ag labhairt i mBaile Atha Cliath le déanaí. Bhí sé ag labhairt le Cumann Afraice Theas na hÉireann faoi na deacrachtaí a bhaineann le hathmhuintearas agus tarfhoirmiú tar éis beagnach ceithre bliana den bhunreacht daonlathach.

Bhí go leor ábhar machnaimh ina léacht, agus ábhar imní freisin. Chuir mé spéis ar leith i gcaint an Dr Pityana mar theastaigh uaim a raibh le rá aige a chur i gcomparáid le tuairiscí a tháinig chugam ó dhaoine iontaofa san Afraic Theas. De réir na dtuairiscí sin tá seanstát an apartheid beo beathach ar go leor bealaí. Deirtear - agus ní lucht histéire ná seicteachais pholaitiúil is foinse leis seo - go bhfuil neart sabaitéireachta ar siúl maidir le feidhmiú polasaithe de, gan trácht ar mhí-éifeacht thubaisteach.

Tuairiscítear freisin go bhfuil buirgéiseacht dhubh tar éis teacht chun cinn agus go bhfuil daoine gorma saibhre ag imirt tionchair thar fóir ar pholasaithe stáit agus an treo ina bhfuil cúrsaí ag dul. Tá daoine ag teacht i dtír ar an réabhlóid nach spéis leo ach iad féin a shaibhriú agus aithris a dhéanamh ar bhéascna na seanaicme thiarnais. Gné den scéal é an chaoi a bhfuil cuid de phríomhrachmasóirí an domhain ag cur a ladar isteach ar chúrsaí na tíre, trí iarracht leanúnach dul i bhfeidhm ar bhaill an rialtais ar bhonn pearsanta mar shampla.

Duine amháin a luaitear sa chomhthéacs sin is ea Tony O'Reilly. Mórimreoir polaitíochta é mar phreasbharún an Raghallach seo againne. Cheannaigh sé Independent Shasana an tseachtain seo caite agus is leis nuachtáin san Astráil chomh maith le hÉirinn agus an Afraic Theas. Agus é á chur féin ar aghaidh mar mhórthacadóir le sochaí ilchiníoch san Afraic Theas tá feachtas gránna ciníoch ar siúl ag an Evening Herald ar leis é.

Dúirt an Dr Patyana ina léacht go raibh an choiriúlacht, an bhreabaireacht agus an íospairt ghnéis forleathan san Afraic Theas. Tá daoine sa státchóras a leanann de ghothaí agus de chleachtais na seanlaethanta, dar leis. Tá an t-idéalachas imithe i léig agus tá an t-indibhidiúlachas agus an féinsaibhriú tar éis a áit a ghlacadh. Tarlaíonn sé fós, go háirithe ar fheirmeacha, go mbuaileann fostóirí oibrithe agus go ndéantar daoine a dhíshealbhú nuair a bhristear as post iad. (Liomsa an achoimre.)

Maidir le cúrsaí athmnhuintearais de dúirt an léachtóir go raibh de dhíth ``a balance between a tradition that enriches and a tradition that tears apart.'' (Abair é sin leosan a théann i muinín an leithscéil ``chultúrtha'' le paráidí Oráisteacha a chosaint!)

Is é atá san athmhuintearas, a dúirt an tUrr Pityana, athbhunú gaolmhaireachtaí a bhí briste ach ní féidir le hathmhuintearas a bheith ann gan tarfhoirmiú. Maidir le Coimisiún na Fírinne de, dúirt sé go raibh sé ag tarlú rómhinic go raibh gníomhartha a rinneadh sa ghleic in aghaidh apartheid á n-áireamh ar aon dul le gníomhartha ar son réimis chiníoch nó go fiú is gníomhartha a d'eascair as an gcoiriúlacht.

Bíonn an cam agus an díreach ar bhóthar na saoirse, fiú san Afraic Theas.

Colm de Faoite


Glacann Ford le Prionsabail Mhic Giolla Bhríde


I ndiaidh d'fheachtas 12 bhliana a chur isteacht in aghaidh na Comhluchta Ford Motors sna Stáit Aontaithe, d'éirigh leis an Irish National Caucus go leor brú a tharraing ar an Chomhlucht Idirnáisiúnta gur chinn Ford an tseachtain seo go nglacfaidís leis na Prionsabail Mhic Giolla Bhríde.

Bhí an INC ag eagrú baghcat i gcoinne Ford ag éileamh go síneodh bainistíocht na Comhluchta na Prionsabail. B'é Seán Mac Giolla Bríde a scríobh na Prionsabail chun stop a chur le tionscail Mheiriceanach ag `maoineadh claonpháirtíochta' sna Sé Chontae.

Ciontaíodh Ford go minic thar na blianta as seicteachas ina mhonarcha ar Bhóthar an Fhionnachaidh. I gcás áirithe amháin gearradh píonós £40 000 orthu nuair a fuarthas amach go raibhh triúr den bhainistíocht sinsireacht ag cur fianaise i bhfolach go raibh claonadh déanta in aghaidh oibrí caitlicigh. Le breis agus trí bhliana bhí `lipeadú' air, gur `caitliceach gníomhach' é.

Cuireadh na prionsabail ar bhun ar dtús ar iarratas ón INC i 1984 agus tá Ford ar an 42ú comhlucht síniú leo, i ndiaidh don INC tionchar a imirt ar dhíolacháin Ford sna Stáit. Agus ag fógairt deireadh leis an bhaghcat, dúirt an tAth Seán Mac Manus rach raibh amhras riamh air ach go síneodh an comhlucht leis na prionsabail lá eicint. `Ní raibh ann ach brú leanúnach a choinneáill orthu.

Agus chur Cisteoir Chathair Nua Eabhrach, Alan G Hevesí fáilte roimh an nuacht ag rá `go gcuireann an síniú seo teachtaireacht láidir amach nach ngeillfí do chlaonadh seicteach riamh'.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland