Top Issue 1-2024

18 December 1997 Edition

Resize: A A A Print

Bhuaigh an Chlub Carbóin in Kyoto

Le Colum de Faoite

BA é David Pearlman an té ba chumhachtaí in Kyoto an tseachtain seo caite. Níos cumhachtaí ná Al Gore. Níos cumhachtaí ná príomheadránaí na Stát Aontaithe, Stuart Eizenstat. Níos cumhachtaí ná Príomh-Aire na Seapáine, Ryutaro Hashimoto.

Ba é Donald an buaiteoir in Kyoto. Is ´´Pearlman ``rí an Chlub Carbóin,'' an brúghrúpa ag lucht dúshaothraithe breosla iontaise (fossil fuel). Dream iad siúd a thugamnn an Comhaontas Aeráide Domhanda orthu féin. Is teideal thar a bheith íoróineach é (gan trácht ar a bheith ciniciúil) mar ní hí an aeráid atá ag déanamh tinnis dóibh ach leasa lucht truaillithe na haeráide.

Airgead idirnáisiúntán, comhlachtaí ola agus lucht déanta carranna go háirithe, atá taobh thiar den chomhaontas céanna. Is é an port atá acu nach bhfuil lucht comhshaoil ag iarraidh teacht teann mioscaise idir rachmasóirí na dtíortha forbartha agus tuilleadh brabaigh.

Abair é sin leis na hoileánstáit bheaga atá i mbaol a ndíothaithe fisiciúil san chéad nua romhainn má leanannan téamh domhanda, toradh ar róshaothrú breoalaí ionaise!

Éist le cri de coeur a n-ionadaithe siúd in Kyoto. Arsa Kinz Clodumar, Uachtarán Naurú, oileán san Aigeán Ciúin nach bhfuil ach dhá mhéadar os cionn leibhéal na farraige: ``We are trapped, a wasteland at our back, and to our front, a terrifying, rising flood of Bibilical proportions ... Island countries are on the front lines of the global climate catastrophe.'' Dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha Samoa, Tuala Sale Tagaloa: ``:We are your coral reefs, your early warning system that only the negligent would ignore.''

I gcomhthéacs na dtíortha beaga seo atá ar thairseach Lá an Luain tá gáirsiúlacht ag baint le doicheall na Stáit Aontaithe, an Aontais Eorpaigh agus Seapáine céimeanna radacha a ghlacadh lena leithéid de thubaiste a sheachaint.

Bhí Kyoto ag cur thar maoil le fimínteacht. Is bealach é le ciorrú brúchtanna (emissions) de gháis teach gloine a mhaolú ``boileag an AE'' a thabharfadh deis do thíortha AE áirithe cur lena gcuid brúchtanna. Bealach eile éalaithe an moladh go mdéanfaí trádáil ar bhrúchtanna, is é sin go mbeadh deis ag na truaillitheoirí móra ``cuótaí tíortha'' eile a cheannach.

An aon iontas é nach raibh an tSín, an India agus tíortha i mbéal a bhforbartha sásta géilleadh do shrianta a mhéadódh an bhearna mhaoine idir iad agus an Tríonóide Naofa (Washington, an Bhruiséil agus Tóiceo), an Astráil agus Ceanada.

Leanann an phráinn agus an phraiseach in ainneoin chomhaontú Kyoto. Agus leanfaidh go dti go dtagann athrú meoin sna Stáit Aontaithe, go dtí go dtuigeann daoine ansin an praghas éiceolaíochta atá le híoc as carr a bheith ag an uile dhuine agus teas lárnach a bheith acu ó maidin go hoíche.

Is é tionscal gluaisteán an namhaid is mó atá ag an aeráid. Tá sé admhaithe ag John Z. DeLorean (ag a bhfuil cuimhne air i mBeal Feirste): ``When we should have been planning switches to smaller, more fuel efficient, lighter cars in the late 1960's in response to growing demand in the marketplace, GM [General Motors] management refused because `we make more money on bigger cars.'''

Ní thagann dada as dada. Bíonn costas éiceolaíochta i gcónaí le dúshaothrú an dúlra. Claochaítear ábhar: ní chuirtear ar ceal é. Ní féidir neamhshuim a dhéanamh de dhramhaíl. Ní dhéanfaidh sí neamhshuim dínne!

Tráth a raibh dúirt Engles gurbh í an difríocht ba bhunúsaí idir an duine agus an t-ainmhí go gceansaíonn an duine an dúlra. Ach chuir sé caveat leis sin: ``Let us not, however, flatter ourselves overmuch on account of our human victories over nature. For every such victory, nature takes its revenge on us. Each victory, it is true, in the first place, brings about the results we expected, but in the second and third place it has quite a different unforseen effects which too often cancel the first.''


Briseann conspóid ar áit ar chóir foinsí a dhíriú



By Marcas Mac Ruairí

TA cogadh focal tar éis titim amach mar gheal ar ionsaigh san Irish Times ar Uachtarán Conradh na Gaeilge as alt a scríobh sé ag lochtú an bhealaigh a dtugtar deontaisí don Ghaeilge sna Sé Chontae.

Ina alt i Lá mhol Gearóid O Cairealláin go gcuirfear an Gaeilge chun cinn agus saol na Gaeilge a dhéanamh níos tarraingtí inti féin, in áit iarrachtaí speisialta a dhéanamh chun Protastúnaigh a mhealú chun na cúise.

Sé a dúirt an Caireallánach gur chóir go mbeadh gnó agus ealaíona as Ghaeilge ann.

Ag scríobh lena theanga ina leiceann, chúisigh sé hiarrachtaí le Protastúnaigh a mhealú as dochar a dhéanamh don teanga agus rinne sé comparáid leis na daoine a mholann seo agus na daoine siúd a ndéanann iarracht cimí poblachtánacha a choinneáil i bpriosún agus Alt 2 agus 3 a chur ar leathaobh.

Dúirt sé go marófar an teanga le léachtaí agus seimineáir ar cheist Phrotastúnaigh agus an Ghaeilge.

Ach ag scríobh dó san Irish Times, dúirt Pól O Muirí gurbh fheidir an'7th Cavalry' a thiomáint fríd na poill in alt an Chaireallánaigh.

Deir an Chaireallánach go bhfuil sé chun an dlí a chur ar an Irish Times as é a mhílua.


O chompardachas Baile Atha Cliath go dtí an mhothar i Meisciceo theas



Le Marcas Mac Ruairí

TAR éis do chlann Éireannach an tsamhradh a chaitheadh i gChiapas, Meicsiceo, áit ar chónaigh siad leis na bocht sa mhothar Lacondonach, tá TnaG chun clár faisneise a chraoladh ar a dtaithí agus caidé mar a chuaigh sé i bhfeidhm orthu.

Inseoidh an clár scéal turas Eamonn O Doherty, a bhean Deirdre Horgan agus a mbeirt iníon agus iad ag taisteal go sráidbhaile i Meicsiceo theas, ceantar a thacaíonn le ceannaircigh Zapatistigh.

Tá na Zapatistigh ag streachailt le talamh agus saoirse a bhaint amach i gChiapas, gan suim acu i gcumhacht stáit.

D´Éirigh siad amach inn 1994 agus nuair a chonaic an Rialtas chomh láidir is a bhí a dtacaíocht, eagaíodh sos chogaidh a mhaireann go foill d'ainneoin brú.

Tigeann Eamonn ó chúlra aicme oibre i mBéal Feirste sna 60í agus 70í. D'fhreastal sé ar Choláiste na Tríonóide agus chaith sé treimhse dhá seachtain i bpriosún mar gheall ar feachtas agóide a bhí idir lámha ag na mic léinn ag an am. Is Baile Cliathach Deirdre ag a bhfuil sium láidir i gcothromas, cóir shóisialta agus i dtuiscint saolta daoine, cáilíocht a threoraigh go Meicsiceo í.

Bhí Eamonn agus Deirdre gníomhach i bpolaitíocht radacach agus iad ina n-óige, ach mhothaigh siad gá le nasc a dhéanamh leo siúd insan Tríú Domhain a fhulaingníonn athraithe domhanda an lá atá innue ann.

Nuair a d'iarr sean chara, atá ina iriseoir, orthu dul chuig an mhothar i Meisciceo, chonaic siad faill féidearthachtaí úra polaitíochta a scrudú. Ach níor ullmhaigh léitheoireacht ar bith iad dona coinníollacha a bhí rompu.

Ag fágáil bruachbhaile compordach Baile Atha Cliath, i gChiapas dháil siad teach úrlár clábair le clán dúchasach i nDiez de Abril. Leanann an clár a scéal agus a dtaithí le cultúr na ndúchasaigh - clann Gaeilgeoirí ag iarraidh cumarsáid a dhéanamh le daoine a labhraíonn Tzeltal, mionteanga í féin.

Tá an turas lán de chontúirt - coinníollacha an Tríú Domhain, aimsir treochreasach, arm naimhdeach an Mheicsiceo agus cogadh salach.

Déanta ag an chomhlact úr Vinger Hill Productions, taispáineofar é ar Tna G, 8.30in Lá na Bliana Uir.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland