10 August 2026
Féile agus Fleadh - Béal Feirste abú!
• I lár na cathrach
Cúig bhliain agus caoga ó shin ar an 9ú Lúnasa cuireadh imtheorannú gan triail i bhfeidhm sna Sé Chontae. Mharaigh Arm na Breataine deichniúr i mBaile Uí Mhurchú, Béal Feirste agus bhí na céadta ar an mbealach go dtí an Cheis Fhada, cuid acu á céasadh ag fórsaí an choróin.
Inniu i mBéal Feirste tá Fleadh Cheoil na hÉireann ag teacht chun deireadh tar éis gur thug na céadta míle daoine cuairt air le seachtain anuas. Tá an náisiún, an cultúr, an teanga a bhí faoi chois i 1971 beo, bríomhar, láidir i 2026. Lasmuigh de Halla na Cathrach, áit inár ionsaíodh comhairleoirí fadó nuair a labhair siad Gaeilge, bhí amhráin Gaeilge á chanadh ar stáitse ollmhór agus an teanga á labhairt go forleathan ar fud na cathrach.

• Ceoltóir óg ag an Fleadh
Ní fhaca an chathair riamh na sluaite, an ceol agus an gliondar a bhí ann, le daoine ó gach cearn den tír agus ó thar lear, agus, ar ndoigh ó gach ceantar i mBéal Feirste féin. Daoine ag damhsa, ag canadh, ag seinm ceol ar na sráideanna. Agus chun cur leis, bhí Féile an Phobail ar siúl ag an am chéanna. Deirfinn gan an Fhéile - atá á eagrú le blianta fada - ní bheadh an Fleadh ann mar thug an Fhéile an taithí agus an féin-mhuinín don phobail chun rud chomh mór seo a chur ar siúl sa chathair.
Ní bhfuair mé féin ach blas den bhFleadh agus den bhFéile thar cúpla lá ach bhí sé ar fheabhas. D’fhreastal mé ar léacht faoin Phoblachtánch Éireannach agus ceannaire cheardchumainn i SAM ó no 30í go 1966, Mike Quill. Agus bhí mé i láthair ag caint faoi feachtas ciorrú cine ar na Pailistínigh ag Iosrael sa Bhruach Thiar. Ní raibh ansin ach dhá chinn dena céadta imeachtaí ag an Fhéile.

• Seisiún i dTí Mhadáin
Isteach liom ansin go lár nq Cathrach don bhFleadh. Ar an Déardaoin chuala mé ceol iontach ar stáitse i Margadh Sheoirse. (Smaoinigh mé ar an dá sean-mhargadh atá againn i mBaile Átha Cliath - an Iveagh agus an Margadh Torthaí ague Glasraí - agus muid fós ag fanacht ar athnuachan agus forbairt cuí iontu.)
Chonaic mé comórtaisí cheoil ar siúl i halla mór na bPreisbitíreach; thug mé cuairt ar teach tábhairne nua - the Benjamin Franklin - le téama na nÉireannach Aontaithe aige. Dona seisiúin cheoil bhíos i dTí Mhadáin, áit ar bhuail mé le chairde ó fud fad na tíre - roinnt sean-Fhíníní ina measc. “Croí na fleidhe” a dúirt duine acu faoin bpub sin.

• Lorcan Collins agus John Samuelson in Áras Uí Chonghaile ag Féile an Phobail
Tá rud an stairiúil tar éis titim amach i mBéal Feirste an mhí seo agus creidim go mbeidh toradh mór dearfach air amach anseo, agus ní hamháin go mbeidh an Fleadh ar ais sa chathair i 2027. Léirigh sé cé chomh oscailte atá cultúr na hÉireann, conas is féidir linn maireachtáil le chéile ar an oileán seo, muid féin a eagrú, agus eiseamláir a thabhairt don donhan. Bhí na hÉireannaigh aontaithe ar sráideanna Bhéal Feirste.

• Ceol i Margadh Sheoirse


