24 February 2026
Ard Fheis stairiúil Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste
• Teachtaí ag vótáil chun gníomú ar son Éireann Aontaithe
Beidh daoine ann sna glúnta romhainn a thabharfaidh a mionn leat go raibh siad i láthair ag Ard Fheis stairiúil Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste 2026. An Ard Fheis, deirfimis, nuair a ceartaíodh botún mór a rinneadhi leasú bunreacht na heagraíochta thiar i 2008.
B’in an bhliain ar bhaineadh ráiteas dearfach as bunreacht an Chonartha go raibh Éire Saor agus Gaelach, Gaelach agus Saor mar chroí-chuspóir Chonradh na Gaeilge - fís ní mór a rá a cuireadh in earrach 1915, a bhlathaigh i 1916 agus na blianta réabhlóideacha ina dhiaidh agus a thug treoir do go leor conraitheoirí sna blianta ina ndiaidh. B’áit agus ba dheacair a thuiscint riamh gur stoitheadhbun-aidhm bunreachta chomh luachmhar i 2008, deich mbianq i ndiaidh Comhaontú Aoine an Chéasta. Má bhí ráiteas soiléir dearfach de dhíth riamh bhí siad de dhíth ag an am sin agus muintir na hÉireann ag iarraidh an rud ar aontaíodh i 1998 a fheidhmiú (in aghaidh cos-tarraingt na nAontachtóirí).
Ach má amharcann cuid daoine ar athrú bunreachta mar a nuacht mór, b’fhéidir gurbh é athbheochain an Chonartha agus teacht na hóige chun cinn a bheidh i gcuimhne daoine eile. Ba léir ón spiorad agus fuinneamh agus an muinín le mothú san Europa oíche Aoine seo chaite go raibh glúin nua ann anois agus bhí siad réidh leis an eagraíocht a chur ar ais ar threo deimhneach agus bhí ionchas le plé agus toradh an chéad rúin ar chlár an márach go mbeadh an Conradh ‘ag gníomhú i dtreo Éire aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta.’

• Eoghan Mac Cormaic
“Tuar maith”, a nótáil cuid dena teachtaí go raibh 32 rún ar an chlár i mbliana. Tuar eile a bhí ann ná chomh leathan agus a bhí údair na rún sin, idir craobhacha réigiunda, craobhacha eagraíochtúla, craobhacha ollscoile agus fiú rún ó Craobh Bilbo i dTír na Bascach. Cuimhneoidh daoine amach anseo chomh maith ar aois próifíl na dteqchtaí bhí gliondar agus sceitimíní na hóige ar fud na háite agus deirim sin mar dhuine a d’aithin go leor leor de mo ghlúin féin i láthair taobh leo, ach mar a scríobh léirmheastóir d’Ard Fheis eile beagnach tríocha bliain ó shin, “bhí idir seanfhondúirí agus ógfhondúirí ann” agus má bhí mo chorp i gcampa amháin bhí mo chroí sa champa eile.
Bhí go leor gnó eile ar imeall vótáil ar na rúin ar ndoigh agus cuireadh tús le himeachtaí na hArd Fheise ar an Aoine le seiminéar idirnáisiúnta faoi stiúr Eibhlín Nic Cormaic le haoi-chainteoirí ón Chatalóin, an Bhreatain Bheag agus Tír na mBascach, Elena Jiménez, Colin Nosworthy, Martxelo Otamendi, a mhínigh go sóíléir an nasc idir cearta teanga agus neamhspleáchas. Chaith Martxelo tréimhsí mar eagarthóir ar dhá nuachtán a cuireadh faoi chois ag rialtas na Spáinne, agus nuair a cúisíodh é as nasc le ETA, céasadh é ag péas na Spáinnear feadh cúig lae.

• Aitheantas do Feargus Ó hÍr ó Uachtarán an Chonartha Ciarán Mac Giolla Bhéin
An tráthnóna céanna labhair Róisín Nic Liam ar thaighdeatá críochnaithe aici don Chonradh ar ‘Éire Aontaithe mar dheis chneasaithe: ré nua don Ghaeilge agus don Ghaeltacht’. Bhí torthaí an taighde sin mar chuid den phlé, gan amhras , ar ullmhú don rún a bhí ag teacht maidin Satharn, agus ag seiminéar dlí tráthnóna Aoine pléadh ‘An Ghaeilge, an Dlí agus an tAthaontú’ le páinéal ina raibh an Breitheamh Bronagh Ní Anluain agus abhchóidí mar Catherine Donnellly, Ciarán White agus Daithi Mac Carthaigh.
Níos déanaí ansin sheoil Máirtín Ó Muilleoir ‘Beart agus Briathar’ (leis an údar seo), leabhar a scrúdaíonn ról an Chonartha le linn feachtais phríosúin idir 1971 agus 2000, scéal a léiríonn gur mhinic go raibh an Conradh páirteach i bhfeachtas polaitiúil a bhí bunaithe i gceisteanna cearta daonna/cearta teanga.
Oíche Aoine thug Pól Deeds a chéad chuairt ar Ard Fheis mar Choimisinéir Gaeilge agus mhínigh cuid de na pleananna – agus na dúshláin agus neartanna – atá roimhe, agus gan dabht tugadh ana-fháilte roimh Pól mar aithnítear ceapachán Pol mar chéim thar a bheith tábhachtach sa streachailt do chearta ionann teanga don Ghaeilge. Plé páinéal eile a lean ar sin faoi stiúr an iriseora Máirín Ní Ghadhra, le hionadaíocht Declan Kearney (Sinn Féin), Garret Kelleher (Fine Gael), Naoise Ó Cearúil (Fianna Fáil) agus Patsy McGlone (SDLP) ag leagan amach a gcuid smaointe faoi thodhchaí na Ghaeilge agus tíre araon.
Ach is ar an Satharn go aird na dteachtaí an díriú agus go poncúil ag a naoi maidin Sathairn chruinnigh idir teachtaí agus cuairteoirí, baill craoibhe agus baill aonaracha le chéile i seomra balla an Europa. Bhí cuid plé straitéiseach ar dtús le rúin faoi cead agus fad cainte agus ba léir nach raibh an tUachtarán Ciarán Mac Giolla Bhéin ag iarraidh no ndearfaí amach anseo gur cuireadh cosc ar phlé oscailte.
Leathnaíodh cead cainte go trí nóiméad an duine agus cuireadh tús le díospóireacht faoin rún. Ach dá ba dhíospóireacht í, agus Mac Giolla Bhéin ag iarraidh cainteoirí an dhá thaobh faoi seach níor fhada go raibh an meá ag claonadh le taobh amháin nuair a labhair cainteoiri ndiaidh cainteora i bhfábhar an rúin. Thug triúr nó ceathrar teachta iarracht an dushlán a thabhairt ach ba ag snámh in aghaidh easa a bhí siad. Dúradh go mbeadh impleachtaí do mhaoiniú, agus do stádas carthanachta an Chonartha. Dúradh go raibh rún a cheangail an Conradhle mian d’Éire Aontaithe ag cur constaice, ag dúnadh amach ón eagraíocht go deimhin, 30% de dhaoine ó dheas agus 60% de dhaoine ó thuaidh nár aontaigh (de réir an chainteora) le haontú na tíre.

• Róisín Nic Liam
Dúradh nár chóir don Chonradh bheith ‘polaitiúil’ ach arís agus arís eile tháinig freagra sóiléir, láidir ó lucht tacaíochta an rúin ag díriú ar argóintí (nárbh mó ná tuairimí i ndáiríre) faoi dheontais agus stádas carthanachta, nó faoi imeallú daoine a bhí glan in aghaidh na Gaeilge cibé ar bith. Ní bheadh an Ghaeilge ná an Ghaeltacht slán riamh, a dhearbhaigh cainteoirí fad a’s go raibh críochdheighilt sa tír. ‘Seachas san cheist a chuir faoi daoine a dhúnadh as an Chonradh, cén cinéal teachtaireacht a bheadh diúltú don rún ag tabhairt do mhuintir an Sé Chontae?’ a d’fhiafraigh cainteoir amháin. ‘Éirím gach maidin le hobair a dhéanamh ar son na Gaeilge’, arsa cainteoir eile, ‘agus is obair frith-chóilíneach é sin.’ ‘An tríúr atá ag labhairt in aghaidh an rúin seo, níor shiúil sibh i mbróga muintir an tuaiscirt le céad bliain de chiapadh, slád, cos ar bholg,’ arsa cainteoir nach raibh, deirimis, i mbláth na hóige fiú má bhí nocha faoin chéad de chainteoir i bhfad níos óigená Comhaontú Aoine an Chéasta.
Bhí blasanna ag teacht ó gach cearn den tír ag tacú leis an rún agus ón mhéid a chonaic mé, bhí mná óga chun tosaí agus chun cinn sa díospóireacht. Nuair a chuireadh an rún don chrann sa deireadh, bhí breis agus céad teachta i bhfabhar, níos lú ná cúigear in aghaidh agus dar le mórlach an tseomra bhían Conradh ar ais san áit stairiúil a bhíodh, mar eagraíocht ar son teanga agus saoirse na hÉireann.
Ard Fheis thar a bheith tábhachtach, le cruinnithe, cainteanna, oiliúint agus bronntaí thar dhá lá. Labhair Aindrias Ó Cathasaigh faoi Ard Fheis 1915 agus Dubhghlas de hÍde, ag díbirt go leor den mhiotas a mhaireann faoin Ard Fheis stairiúil sin; labhair Niall Comer faoi céad bliain den iris An tUltach agus oíche Shatharn cuireadh clabhsúr d’imeachtaí le bronnadh aitheantas ar iarUachtarán Feirsteach eile, Gearóid Ó Cairealláin a fuair bás ag deireadh 2024. Tugadh aitheantas chomh maith de shaol gaelach, feachtasaíocht agus fiúntas Feargus Ó hÍr nuair a bronnadh Gradaman Uachtaráin air os comhair slua de bheagnach 300 Gaeil. Mar imeacht de shraith imeachtaí Gaeilge i mBéal Feirste (an tOireachtas, an Ard Fheis agus níos déanaí i mbliana Fleadh Ceoil na hÉireann) bhí an Ard Fheis seo stairiúil, torthúil agus taitneamhach d’aon duine a bhí ann- nó a deirfidh linn fíche bliain amach romhainn - go raibh siad ann.
Ar ndóigh, má chaill aon leitheoirí An Phoblacht deis cuairt a thabhairt ar an chathair, beidh deis eile ann nuair a fhilleann Ard Fheis Sinn Féin Béal Feirste i Mí Aibreán nuair a bheidh, gan amhrás, fáilte roimh chách.
Follow us on Facebook
An Phoblacht on Twitter
Uncomfortable Conversations

An initiative for dialogue
for reconciliation
— — — — — — —
Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures




