AP front 1 - 2025 small

30 May 2024 Edition

Resize: A A A Print

Droichid na hÉireann ar son na Palaistíne

Éinne a thaistealaíonn ar sheachbhóthair Chathair Chorcaí tráthnóna Dé hAoine le leathbhliain anuas ní féidir leo a mhaíomh go bhfuil siad aineolach ar chinedhíothú Iosrael ar ár gcairde Palaistíneacha. Ó dheireadh seachtaine na Samhna anuas bíonn Agóidí Droichid ar siúl ag dhá cheann an tseachbhóthair chéanna le haird a tharraingt ar shlad na Síónach ar phobal dúchasach na Palaistíne. 

Agus iad ag tarraingt ar an chathair buaileann na tiománaithe agus na paisinéirí le grúpa Mhachain ag ceann thoir an bhealaigh mhóir seo agus ar imeacht siar i dtreo Mhá Chromtha téann siad faoi dhroichead coisithe EMC, mar a thugtar go háitiúil air, áit a mbuaileann siad le muintir Fheachtais Comhghuailíochta Bhaile an Chollaigh leis an bPalaistín (BPSC).

Bhí BPSC ar an chéad ghrúpa áitiúil a thosaigh ar fud Chontae Chorcaí go luath i Mí Dheireadh Fómhair 2023 nuair nár leor le daoine mórshiúl seachtainiúil na cathrach a thiteann amach ar 13:00 gach Satharn ar Shráid an Chapaill Bhuí.  Bheartaigh muid i dtosach ar Bhigil sheachtainiúil a dhéanamh ar phríomhshráid an bhaile gach Luan ag tosú ar 16 Deireadh Fómhair. 

I ndiaidh coicise rinne grúpa Mhachain teagmháil linn agus mhol go ndéanfaimis an dá dhroichead coisithe a chlúdach ar an Aoine chomh maith. Fuair muid meirge mhór (STOP THE GENOCIDE) agus bratacha agus rinne muid an chéad agóid droichid ar 27 Deireadh Fómhair, go díreach sular ndeachaigh na cloig siar; níor samhlaíodh do dhuine ar bith againn go mbeimis fós ar na droichid sin nuair a rachadh na cloig chéanna chun cinn arís. 

Ba é an 26ú hagóid dúinn Dé hAoine seo a chuaigh thart (19ú Aibreán) agus tá glactha againn leis gur dócha ná a mhalairt go bhfeicfimid na cloig ag gabháil siar arís san fhómhar ar ár ndroichead.

Cé go bhfuil 30 ball nó mar sin ag BPSC, is dream beag a bhíonn ag agóid an droichid; idir seachtar agus dhá dhuine dhéag a théann in airde air de ghnáth agus is leor sin. 

Ar 16:30 a thosaímid agus leanaimid ar aghaidh go 18:30 de ghnáth ag brath ar an trácht.  Is é an dúshlán is mó na meirgí a chrochadh amach agus a thabhairt isteach arís agus is le ceangail chábla a fheistímid i gcónaí iad.  

De thairbhe gurb í críoch an débhealaigh í bíonn scrogall tráchta thíos fúinn an chuid is mó den am, rud a thugann deis don dream atá sna gluaisteáin, leoraithe, agus busanna ár meirgí a léamh agus freagairt dúinn. 

Agus freagraíonn siad; séideann siad bonnáin na gcarr, béiceann siad aníos linn, splancálann siad na soilse, agus ó fuair muid solas an lae ar ais croitheann siad a lámha linn.

Ghaeilge Palestine2

Soineann nó doineann, ní raibh aon Aoine nach raibh muid ar ár droichead. Bhí muid ann le linn an fhólairimh aimsire oráiste féin i Mí na Samhna. Bhí oícheanta ann agus b’eagail linn go síobfadh an ghaoth léi na bratacha agus na meirgí agus oícheanta nuair is ar éigean a bhí siad ar foluain ar laige na gaoithe.  Bhí siocán agus flichshneachta ann agus bhí sé dorcha.  Ina ainneoin seo d’fhorbair muid dlúthchairdeas eadrainn ar fad; cé nach raibh aon aithne ag duine ar bith againn ar a chéile roimhe, tá muintearas cothaithe eadrainn a mhairfidh i bhfad ina dhiaidh seo.  

Leanadh d’fhorbairt na ngrúpaí feachtais áitiúla ar fud an chontae agus is beag baile nó sráidbhaile i gCorcaigh nach bhfuil grúpa dlúthpháirtíochta ann. I dtrátha na Nollag thosaigh baill ghrúpa Mhá Chromtha ag teacht linn ar dhroichead Bhaile an Chollaigh agus chinn grúpa an Chóibh ar agóid droichid dá gcuid féin a chur ar bun ar dhroichead Belvelly ar an bhealach isteach is amach as an bhaile sin.

Dá dhroim sin eagraíodh coiste Whatsapp idirghabhála don chontae agus bunaíodh agóidí droichid ar fud an chontae. Um an taca seo, gach Aoine chomh maith le hagóidí Bhaile an Chollaigh, Mhachain, agus an Chóibh bíonn bearta ar dhroichid i Mála, i gCionn tSáille, in Eochaill, i Mainistir na Corann, i Mainistir Fhear Maí, i nDroichead na Bandan; agus cuirtear leis an liosta in aghaidh na seachtaine. Ina dteannta sin bíonn bigilí áitiúla ar siúl sna sráidbhailte Domhnach agus Dálach sa tslí go mbíonn ar a laghad dhá bheart agóidíochta ar siúl ag gach gníomhaire le linn na seachtaine chomh maith le mórshiúl an tSathairn sa chathair.

Tá tionchar na mionagóidí seo le braithstint ar mhóragóid na cathrach. 1100 duine a shiúil suas Sráid Phádraig Dé Sathairn beag seo, an 28ú mórshiúl.  Nuair a tosaíodh amach ar na mórshiúlta seachtainiúla ba í an eagla a bhí ar lucht a n-eagraithe go rachadh siad i léig le himeacht aimsire, rud nár tharla. 

Is dóigh linn gur chuidigh na hagóidí contae go mór leis seo ar dhá chúis. Sa chéad áit beartaíonn gach grúpa bualadh le chéile ar an Satharn agus siúl lena meirge féin, agus, níos tábhachtaí, go bhfeidhmíonn na hagóidí áitiúla mar ghairm do mhórshiúl an tSathairn; go bhfeiceann an pobal sinn agus go spreagtar chun gnímh iad.

Ní i gCorcaigh amháin atá na hagóidí droichid ar ndóigh.  Tá siad i gCill Dara, i gContae an Chláir agus rinneadh teagmháil linn an tseachtain seo a chuaigh thart go bhfuil daoine i bPort Láirge ag tosú roimh i bhfad; níl aon amhras ná go bhfuil níos mó ann. 

Is é an rud ba mhaith linn a dhéanamh anois, áfach, agóid droichid 32 chontae a comhordú ag Deireadh Seachtaine Saoire Bainc Mhí an Mheithimh.  Tá grúpa Whatsapp cruthaithe againn idir grúpaí Bhaile an Chollaigh agus Mhá Chromtha: Droichid32. Más spéis le héinne bheith linn seol scéala chuig an Ghrúpa le hainm do bhaile, do chontae agus do shonraí teagmhála.

Ghaeilge Palestine2

Iarphríosúnach poblachtach agus léachtóir é Ciarán Dawson

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland