AP front 1 - 2025 small

30 May 2024 Edition

Resize: A A A Print

Gael is ea Gael; is cuma dubh, bán ná riabhach

• Foghlaimeoirí i scéim Céad Míle Fáilte

Is sochaí ionchuimsitheach agus ilchineálach atá ó Phoblachtánaithe ina gcaitear le meas le gach duine atá mar bhall den tsochaí sin. Is cuma linn mar Phoblachtánaithe cén cúlra lena mbaineann tú nó cárbh as do mhuintir. 

Ní raibh an Poblachtánachas bunaithe riamh ar eitneacht an duine ach go mbeadh an duine sásta cur le forbairt na hÉireann. In ainneoin tuairimí na heite deise, tá daoine ó chúlraí éagsúla lárnach i scéal na hÉireann agus ag cur leis an náisiún leis na cianta. Tuigeann Poblachtánaithe gur coincheap ionchuimsitheach é náisiún na hÉireann.

Mar a dúirt Thomas Davis: "We champion a concept of nationality which may embrace Protestant, Catholic and Dissenter, the descendants of both the Gael and the Cromwellian Planter—the Irishman of a hundred generations and the stranger newly arrived within our gates". 

Agus do dhaoine le bheith mar chuid den náisiún, caithfidh fáil agus tuiscint a bheith acu ar na luachanna is tábhachtaí a bhaineann leis an náisiún - an poblachtánachas, an streacailt do chomhionannas, agus, dár ndóigh, an Ghaeilge. Faraor, tá daoine ann atá den tuairim gur leor an poblachtánachas agus an comhionannas, agus a amharcann ar an Ghaeilge mar chur amú ama do inimircigh nó fiú mar chonstaic le páirt lárnach a ghlacadh i sochaí an náisiúin. A mhalairt atá ann.

Is í an Ghaeilge an uirlis is tábhachtaí do phobal na hÉireann ó thaobh féiniúlachta de. Nascannn an teanga tú le stair na tíre. Tá gach teanga éagsúil óna chéile agus tugann teanga tuiscint faoi leith duit faoin dóigh ina amharcann pobal ar an domhan.

Ghaeilge2

Mar sin, is uirlis thábhachtach í an teanga do dhaoine atá tar éis cur fúthu in Éirinn. Is tríd an Ghaeilge a fheicfidh inimircigh agus teifigh go raibh fáilte roimh phobail nua i gcónaí. Agus iad ag amharc ar sloinnte coitianta ar nós ‘Doyle’ feicfidh siad gurb é ‘Ó Dubhghaill’ atá ann, ainm a chiallaíonn ‘dark foreigner’, gurb é Ó Gallchóir an leagan ceart ar ‘Gallagher’ agus an chiall atá leis sin ná ‘lover of foreigners’. 

Nuair atá seans ag duine an Ghaeilge a fhoghlaim, tá doras oscailte dóibh chun páirt iomlán a ghlacadh sa tír. Tríd an Ghaeilge beidh deiseanna ann dóibh ó thaobh tuiscint níos fearr a bheith acu ar stair na tíre, ó thaobh iad féin a chur chun cinn agus fiú ó thaobh réimse níos leithne fostaíochta de. 

Tá go leor constaicí os comhair inimirceach cheana féin nuair a thagann siad go hÉirinn. Bealach amháin chun cabhrú leo ná ranganna Gaeilge a bheith ar fáil dóibh, díreach mar atá ranganna Breatnaise ar fáil do na pobail nua sa Bhreatain Bheag. 

Sa chomhthéacs seo, molann muid an obair iontach atá ag dul ar aghaidh ag pobal na Gaeilge timpeall na tíre agus iad ag cur fáilte roimh theifigh agus iarrthóirí tearmainn. Is céim chun tosaigh an tionscadal nua Céad Míle Fáilte atá á eagrú ag Conradh na Gaeilge le dul i bhfeidhm ar na pobail nua uilig.

Ach tá gá le tuilleadh tacaíochta ón stát chun acmhainní teagaisc a chur ar fáil do na pobail nua ó thaobh na Gaeilge de. Leis an tacaíocht chuí, beidh teachtaireacht láidir ag dul amach chuig gach réimse de shochaí na hÉireann gur linne uilig an Ghaeilge, is cuma cé chomh fhada is atá tú in Éirinn. Cuirfidh sin na faisistithe ina dtost.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland