AP front 1 - 2025 small

30 May 2024 Edition

Resize: A A A Print

Lá mór Gníomhaíochta Ógra Shinn Féin 

• Dlúthpháirtíocht Ógra leis an bPalaistín agus le Tír na mBascach

Tháinig poblachtánaigh óga le chéile Dé Sathairn an 20ú Bealtaine i mBaile Átha Cliath - poblachtánaigh óga ó gach cearn den tír, tiomanta do shaoirse na hÉireann, agus d’fhíorú na Poblachta lenár linn. D’eagraigh ceannaireacht nua Ógra Shinn Féin an Lá Náisiúnta Stráitéise chun fuinneamh a chur insan eagraíocht agus sinn ag atógáil an eagrais ar fud na hÉireann.

Cuireadh tús leis an lá le caint ó urlabhraí tithíochta an pháirtí agus iar-Chathaoirleach Ógra Shinn Féin, Eoin Ó Broin, a labhair linn maidir le cúrsaí tithíochta, agus cúrsaí polaitíochta i gcoitinne. Téann an ghéarchéim tithíochta i bhfeidhm ar an nglúin óg go háirithe - tá costas an lóistín ag dul ó smacht, níl tithíocht ar fáil, agus tá cuid mhór daoine óga ag tabhairt aghaidhe ar an Astráil, ar Shasana agus ar Cheanada. 

Leag Eoin a fhís amach don todhchaí, agus an plean a chuirfeadh Sinn Féin i bhfeidhm más é a bheidh mar Aire Tithíochta insan chéad rialtas eile ó dheas. Ina theannta seo, rinneadh plé ar ról Ógra Shinn Féin sa pháirtí, agus ar na feachtais a eagraíodh nuair a bhí Eoin ina bhall - an feachtas ‘Saoirse’, mar shampla, ar son saoirse do na cimí polaitiúla a bhí fós i ngéibheann tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta.

I ndiaidh an chomhrá spreagúil le hEoin, chualamar ó Jim Gibney ó Choiste Éireann Aontaithe an pháirtí. Tá Jim ina bhall gníomhach de Ghluaiseacht na Poblachta le breis is caoga bliain, agus labhair sé maidir le forbairt na streachailte le linn na tréimhse sin. 

Mar Ghaeil óga, tuigimid an dualgas ollmhór atá orainn tógáil ar an dul chun cinn a rinne glúin Jim, agus an streachailt seo a bhuachan sna blianta beaga amach romhainn. Tuigeann Ógra Shinn Féin lár-sprioc ár ngluaiseachta - reifreann a bhaint amach ar Éirinn Aontaithe, é a bhuachan, agus an Phoblacht a thógáil bunaithe ar aisling Fhorógra na Cásca. Aithníodh insa chomhrá seo ar Éirinn Aontaithe gur gá go mbeadh an Ghaeilge ag croílár na físe seo - i bhfocail an Phiarsaigh, “ní hamháin saor, ach Gaelach. Ní hamháin Gaelach, ach saor.”

Ó thosaigh an slad is déanaí ar mhuintir na Palaistíne mí Dheireadh Fómhair seo caite, tá muintir na hÉireann, agus poblachtánaigh na hÉireann, soiléir inár dtacaíocht don Phalaistín. Tá Ógra Shinn Féin tar éis páirt a ghlacadh i léirsithe agus i bhfeachtais eile. 

Ogra SF 2

• Jim Gibney

Seasaimid go daingean le ceart na bPalaistíneach troid in aghaidh fhorghabháil a dtíre agus filleadh ar a dtalamh féin. Sa chomhthéacs sin, bhíomar fíorbhuíoch do Martina Anderson, Ionadaí Shinn Féin chun na hEorpa, as an turas a dhéanamh ó Dhoire chun ceist na dlúthpháirtíochta idirnáisiúnta a phlé linn. 

Mhínigh Martina go bhfuil dhá thaobh leis an dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta - an tacaíocht a thugaimid do streachailtí éagsúla ar fud an domhain, agus an tacaíocht a fhaighimid dár streachailt féin anseo. Labhair sí faoin turas a thug sí le déanaí ar an gCordastáin, agus ar scéal Abdullah Öcalan atá i ngéibheann le 25 bliain anuas. Mar iarchime poblachtánach, tá Martina fós ag troid ar son chearta na bpríosúnach polaitiúil ar fud an domhain, bíodh sé sin sa Chordastáin, sa Phalaistín, nó in áit ar bith eile. 

Agus toghcháin ríthábhachtacha ag druidim linn i Mí an Mheithimh, chualamar ón gComhairleoir Daithí Doolan, atá ag seasamh mar iarrthóir do Pharlaimint na hEorpa i mBaile Átha Cliath. Phléigh Daithí cearta na n-oibrithe, todhchaí na hEorpa, agus an gá go mbeadh Éire nua agus aontaithe ina stát sóisialach, a chuireann leas na cosmhuintire chun cinn. 

An bealach is fearr, a dúirt sé, chun dul i ngleic leis an eite fhíordheis ná trí dheiseanna, tithe agus dóchas a thabhairt do cheantair imeallaithe, bíodh sé sin in Éirinn nó ar fud na hEorpa. Chuaigh baill Ógra Shinn Féin ag canbhasáil ansin do Dhaithí, ag cur na teoirice polaitiúla a bhí á plé againn i bhfeidhm go praiticiúil.

Léirigh an lá rathúil seo go bhfuil gníomhaithe óga Shinn Féin fuinniúil agus bríomhar, ullamh chun ár seacht ndícheall a dhéanamh ar son na gluaiseachta in 2024. Tá na toghcháin áitiúla agus Eorpacha ag tarlú i Mí an Mheithimh, agus tá gach seans go dtarlóidh olltoghchán ó dheas agus toghchán Westminster chomh maith i mbliana. 

Deis ollmhór is ea na toghcháin do chur chun cinn an phoblachtánachais - le Michelle O’Neill ina Céad-Aire sna 6 chontae, agus leis an seans go mbeidh Mary Lou McDonald ina Taoiseach ó dheas, cruthaíonn sé sin an comhthéacs ina mbeidh éileamh na haontachta dosháraithe. Iarraimid, mar Choiste Eagraíochta Ógra Shinn Féin, ar bhaill óga an pháirtí fud fad na tíre seo, a gcuid a dhéanamh agus páirt a ghlacadh in Ógra. 

Is soiléir, ársa agus cóir ár n-éileamh - níl uainn ach an Domhan.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland