31 August 2023 Edition
‘Na Míorúiltí Beaga’ Ag Tógáil Clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht
Is as Rinn Ó gCuanach i nGaeltacht na nDéise, Co. Phort Láirge ó dhúchas do Shorcha Ní Chéilleachair atá ag cur fúithi ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara le fada, mar a bhfuil clann á tógáil aici. Is iar-leasphríomhoide bunscoile í a chaith 17 mbliana ag obair mar chlár-reachtaire in RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tréimhse roimhe sin mar iriseoir leis an nuachtán Foinse. Tá sí ina ceannasaí ar Thuismitheoirí na Gaeltachta ó 2018 agus chuir Luke Callinan ó An Phoblacht roinnt cheisteanna uirthi le gairid faoi na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann leis an ról sin.
• — • — • — • — • — • — •

An Phoblacht: Ar dtús, an féidir leat stair Thuismitheoirí na Gaeltachta a rianadh dúinn?
Shorcha Ní Chéilleachair: Cuirtear an cheist go minic orm ‘Cathain ar bunaíodh Tuismitheoirí na Gaeltachta’ agus is deacair í a fhreagairt! Ní raibh aon bhunú ceart ann i ndáiríre. Tháinig roinnt tuismitheoirí le chéile ag deireadh na bliana 2010 agus bhí an chéad ócáid againn i bhFeabhra na bliana 2011. D’fhás an eagraíocht as sin – mar sin más bunú é sin, bhuel bunaíodh an eagraíocht i 2011!
Ach ó shin i leith, is ag fás agus ag forbairt as cuimse atáimid. Fuaireamar maoiniú teoranta i 2014 ach ní raibh cead againn aon duine a fhostú. Ansin cuireadh leis an maoiniú i 2017 agus fostaíodh Oifigeach Forbartha. Is go háitiúil i gConamara agus i dTír Chonaill a bhíomar ag feidhmiú i dtús aimsire. Ansin i 2018 ceadaíodh maoiniú suntasach don eagraíocht agus bhí dualgas náisiúnta Gaeltachta orainn. Fostaíodh mé féin agus cúigear eile. Is mar sin atáimid ó shin.
Táimid anois ag obair sna 26 Limistéir Pleanála Teanga – táimid ar an ngannchuid ach tá go leor á bhaint amach againn. Is ó Roinn na Gaeltachta a thagann an maoiniú.

AP: Inis dúinn faoi na tograí nó tionscnaimh is mó atá ar bun agaibh faoi láthair?
SNC: Is dócha gurb é ‘Cuideachta’ an togra is mó atá ar bun againn faoi láthair. Tá go leor á fhoghlaim againn ón méid atá á fheiscint againn agus an taithí atá á fháil againn. Bhí, agus tá go fóill, ag éirí thar barr leis na Siamsáin a bhíonn ar bun againn. Is éard atá i gceist le siamsán, ócáid bheag siamsaíochta don teaghlach, baineann teaghlaigh an oiread sásaimh as. Ach ní raibh mórán den ‘ngréasánú’ ag baint leis. Ní maith liom na focail mhóra nua seo – ach níl aon fhocal eile agam go fóill air! Sé sin, ní raibh teaghlaigh ag cur aithne ar a chéile mar ní raibh an oiread sin leanúnachais ag baint leis na siamsáin. Bhí grúpaí éagsúla teaghlaigh ag freastal orthu, bhíodar ar bun in áiteanna éagsúla agus mar sin. Thángamar le chéile agus chruthaíomar ‘Cuideachta’. Is scéim é ina dtagann grúpa teaghlaigh le chéile agus go mbíonn sraith imeachtaí ar bun dóibh. Bíonn sé ar bun go háitiúil de réir Limistéir Pleanála Teanga mar sin is teaghlaigh sa cheantar céanna a bhíonn i gceist. Bíonn rud éigin comónta i gceist leis an ngrúpa i ngach cás – mar shampla i gceantar amháin d’fhéadfadh gur teaghlaigh le páistí ón 0-4 bliana tá i gceist, teaghlaigh le páistí bunscoile i gceantar eile nó sna ceantair a bhfuil daonra íseal de theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge is meascán a bheadh i gceist. Tá an-éileamh ar an scéim agus teaghlaigh ag baint an-sásamh as. Tá súil againn go leanfaidh an cairdeas agus an tacaíocht eadarthu agus gurb í an Ghaeilge an teanga labhartha a bheidh ag na páistí sa ghrúpa eadarthú féin. Ag cruthú agus ag cothú pobail teanga atá i gceist is dócha.
Seachas sin, tá go leor ar bun do theaghlaigh le páistí óga – tosaíonn sé le Babaí ar an mBealach (ceardlann réamhbhreithe), tá go leor cúrsaí suathaireachta ar bun againn ar fud na Gaeltachta anois. Sraith seisiúin suathaireachta do thuismitheoirí agus leanaí atá i gceist anseo a thosnaíonn nuair atá an leanbh thart ar sé seachtaine d’aois. Láidríonn sé an ceangal nó an caidreamh atá ag an tuismitheoir agus an leanbh agus ar ndóigh má tá sé sin á dhéanamh i dtimpeallacht Ghaeilge, tacaíonn sé leis an tuismitheoir a bhfuil rogha déanta acu a gclann a thógáil le Gaeilge. I gcásanna áirithe tacaíonn sé le tuismitheoir nach bhfuil an rogha sin déanta go hiomlán acu chomh maith. Tá sé iontach. Tá grúpaí ‘Gligíní’ againn timpeall na Gaeltachta chomh maith – seo grúpaí tuismitheoirí agus leanaí. Bíonn an-spraoi ag na Gligíní. Thug mé cuairt ar chúpla grúpa le déanaí agus bhí mo chroí lán ag imeacht uathu – lán de dhóchas agus de mhisneach. Tá obair mhór á déanamh ag tuismitheoirí sa Ghaeltacht agus moladh mór tuillte acu.
AP: De réir taighde a rinneadh do Thuismitheoirí na Gaeltachta i 2021, níl ach 23% de theaghlaigh sa Ghaeltacht ag tógáil a gclainne le Gaeilge. Céard iad na dúshláin is mó a bhíonn roimh thuismitheoirí ag iarraidh a gclann a thógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht?
SNC: Léiríonn figiúirí atá sa taighde céanna go bhfuil céatadán na gcainteoirí laethúla ar tuismitheoirí iad níos airde ná an meán ach go bhfuil céatadán na bpáistí 3-18 bliana ar cainteoirí laethúla Gaeilge iad i bhfad níos ísle ná an meán. Tugann sé seo le tuiscint go bhfuil daoine ann le Gaeilge ach ar cúis amháin nó eile nach bhfuil siad á labhairt sa mbaile. Tá taighde déanta don Roinn Oideachais a thacaíonn leis seo agus a léiríonn níos soiléire fós é. Anois níor cheart aon bhreithiúnas a thabhairt ar aon duine faoin rogha teanga a dhéanann siad, bíonn a scéal féin ag gach aon duine againn, ach tá obair le déanamh leis na daoine seo a mhealladh le Gaeilge a labhairt sa mbaile. Bheadh an-tionchar ag macasamhail scéim labhairt na Gaeilge ar a leithéid déarfainnse.

• Shorcha Ní Chéilleachair
AP: Céard iad na hathruithe polasaithe is fiúntaí a d’fhéadfadh rialtas a chur i bhfeidhm d’fhonn éascaíocht a dhéanamh do thógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht?
SNC: Tá lúb ar lár ann agus ní mó ná go dtuigim féin é. Níl fhios agam an bhfuil an tuiscint ann ar cad is Gaeltacht ann nó ar cad is cainteoir dúchais Gaeilge ann. Ní gníomhaithe teanga sinn sa Gaeltacht, is gnáth-dhaoine sinn atá ag iarraidh lá a bhaint amach ach tarlaíonn sé gurb í an Ghaeilge an ghnáth-theanga chumarsáide atá eadrainn. Ní foghlaimeoirí sinn, níl aon difríocht idir sinn féin agus aon duine eile sa tír ach amháin gurb í an Ghaeilge ár dteanga dúchais. Dá dtuigfí é sin agus dá mbé sin an tús phointe a bheadh ag lucht ceannais, d’athródh rudaí ó bhonn.
AP: Céard é an rud is mó a thugann misneach duit mar cheannasaí ar Thuismitheoirí na Gaeltachta?
SNC: Tugaimse na míorúiltí beaga ar na teaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge. Ola ar an gcroí. Tá meath na Gaeilge, bás na Gaeltachta agus go leor eile á thuar le blianta. Ní féidir na figiúirí, an taighde agus na staitisticí a shéanadh, agus glacaimidne leis sin, ach ní féidir na míorúiltí beaga a shéanadh ach oiread. Chím iad i ngach aon cheantar Gaeltachta agus sin a thugann misneach domsa.
AP: Aon cheo eile?
SNC: Déan teagmháil linn ag [email protected] nó www.tuismitheoiri.ie

Tá Sorcha Ní Chéilleachair ag feidhmiú mar cheannasaí ar Thuismitheoirí na Gaeltachta ó 2018. Is iar-leasphríomhoide bunscoile í a bhfuil blianta fada caite aici i mbun na hiriseoireachta agus na craoltóireachta.



