Top Issue 1-2024

23 February 2023 Edition

Resize: A A A Print

Comhaontú Aoine an Chéasta 1998-2023 – Ré Nua don Ghaeilge

I 1998, bhí Gearóid Ó hEara ina Chathaoirleach Sé Chontae ar Shinn Féin, ina chomhairleoir i gCathair Dhoire agus ina ghníomhaí Gaeilge. Scríobhann sé faoi impleachtaí Chomhaontú Aoine an Chéasta do chúrsaí teanga in Éirinn.

• • • • • • • • • 

Nuair a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta in 1998 dúradh gur rud stairiúil a bhí ann. Agus ba é. 

Ach anois ag amharc siar thar 25 bliain tuigeann muid nach raibh ann ach tús phróisis. An rud staire is mó a bhí ann ná an spás a cruthaíodh chun an Ghaeilge a fhorbairt. Chuige sin bhí an-obair agus an-ionsparáid ann ó mhuintir Bhóthar Seoighe agus scéimeanna eile ach nuair a síníodh an comhaontú ar an 10 Aibrean 1998 tugadh aitheantas stáit don Ghaeilge don chéad uair ó bunaíodh an stát agus cuireadh eagraíochtaí ar bun chun déileáil leis na tosaíochtaí a bhí aitheanta thíos.

Dúirt an Comhaontú; 

“Aithníonn na rannpháirtithe uile na hurraime, na tuisceana agus na comhfhulaingthe i ndáil le héagsúlacht teanga ar a n-áirítear i dTuaisceart Éireann, an Ghaeilge, Albainis Uladh agus teanga na bpobal eitneach éagsúil ar chuid de shaibhreas cultúrtha ar oileán Éireann iad uile. 

I gcomhthéacs a bhreithnithe gníomhaigh atá á dhéanamh faoi láthair maidir leis an Ríocht Aontaithe do shíniú Chairt na hEorpa do Theangacha Réigúnacha nó Mionlaigh, déanfaidh Rialtas na Breataine, go háirithe i ndáil leis an Ghaeilge, más cuí agus más mian le daoine;

  • Gníomh diongbháilte chun an teanga a chur chun cinn
  • Úsáid na teanga a éascú agus a spreagadh sa chaint agus i scríbhneoireacht sa saol príobháideach agus sa saol poiblí mar a mbeidh éileamh cuí ann.
  • Iarracht chun deireadh a chur, más féidir é, le srianta a chuirfeadh nó a d’oibreodh in aghaidh cothú nó forbairt na teanga
  • Foráil maidir le idirchaidreamh le pobal na Gaeilge agus a gcuid tuairimí a leiriú d’údaráis phoiblí agus gearáin a imscrúdú 
  • Dualgas reachtúil a chur ar an Roinn Oideachais chun oideachas trí mheán na Gaeilge a spreagadh agus a éascú de réir na socraithe láithreacha don oideachas comhtháite
  • An scóip atá ann chun Teilifís na Gaeilge a chur chun cinn ar bhonn níos leithne i dTuaisceart Éireann a scrúdú mar ábhar práinneach, in éineacht  le húdarás iomchuí na Breataine agus i comhar le húdaráis craolacháin na hÉireann
  • Bealaí níos éifeachtaí a lorg chun spreagadh agus tacaíocht airgeadais a thabhairt do léiriú scannán agus clár teilifíse trí Gaeilge i dTuaisceart Éireann”

Ag éirí as na coimitmintí sin ar an 9 Lúnasa 2000 bunaíodh Comhairle na Gaelscolaíochta mar ghrúpa ionadaíochta d’oideachas trí mheán na Gaeilge. Tá foireann, buiséad agus oifigí acu agus ról acu tumoideachas a bhrú, a éascú agus a spreagadh. Faoi láthair tá níos mó ná 7,000 páiste ag foghlaim ar 70 suíomh.

Chomh maith leis sin, i mí Feabhra 2001 bunaíodh Iontaobhas na Gaelscolaíochta. Is é cuspóir foriomlán Iontaobhas na Gaelscolaíochta bun airgeadais a sholáthar, tríd an rialtas agus trí dhaonchairde, d’fhorbairt agus do thacaíocht Chiste Iontaobhais don Oideachas trí mheán na Gaeilge.

Socraíodh i gComhaontú Aoine an Chéasta go mbunófaí Bord Uile Éireann  chun an Gaeilge a chur chun agus ar an 2 Nollaig 1999 bunaíodh bord nua darbh ainm Foras na Gaeilge, ar a mbeadh 16 ball - 8 ón Tuaisceart agus 8 ón Deisceart.

Shínigh Rialtas na Breataine An Cairt Eorpach i Marta 2001 agus de réir Alt 17 den Chairt, tá dualgas ar an Ríocht Aontaithe tuairisc a chur ar fáil don Chomhairle Eorpach ar dhul chun cinn maidir leis an Ghaeilge sa tuaisceart

Síníodh Comhaontú Chill Rímhinn ar an 13 Deireadh Fómhair 2006 agus socraíodh go dtabharfadh Rialtas na Breataine Acht Gaeilge isteach chun an teanga a bheith cosanta sa dlí. Bhí sé le bheith cosúil le Acht na Breatnaise agus bhí Rialtas na Breataine chun bheith ag obair leis an Tionól chun straitéis a fhorbairt chun an Ghaeilge a spreagadh agus a chosaint.

Síníodh Comhaontú Hillsborough ar an 5 Feabhra 2010 agus socraíodh go ndéanfadh Rialtas na Breataine athbhreithniú ar na gealltanais nár comhlíonadh ó Chill Rímhinn. Tógadh ceist na Gaeilge agus d’aontaigh Rialtas na Breataine £20m a chur ar fáil don Ghaeilge, £12m don Chiste Craoltóireachta agus £8m don Chiste Infheistíochta Gaeilge. Tugann an Ciste Craoltóireachta Gaeilge maoiniú d’ábhar thar réimse seánraí agus é á léiriú ag comhlachtaí i dTuaisceart na hÉireann. 

Cuireann an ciste nua seo maoiniú ar fáil chun tacú le tionscadail chaipitil a chur ar fáil don earnáil Ghaeilge. Mar thoradh ar an chiste sin tá 35 cultúrlanna nó ionaid chultúrtha maoinithe ins an Tuaisceart. Chomh maith leis sin chuir an Ciste maoiniú ar fáil chun 8 Oifigeach Forbartha Ghnó a fhostú agus chun 15 a chur fríd máistreacht i gcúrsaí gnó a dhéanamh in DCU.

Gearóid Ó hEara article 2

Faoi New Decade, New Approach (NDNA) fógraíodh ag an dá rialtas, ar an 9 Eanair 2020, go mbeadh socrú ar an Acht Teanga. I ndiaidh blianta feachtasaíochta ag an Dream Dearg agus pobal na Gaeilge tugadh Acht isteach ar an 6 Nollaig 2022 agus den chéad uair riamh tá aitheantas oifigiúil ag an Ghaeilge i dTuaisceart Éireann.

Níl ann ach tús. 

Ceapfar oifig nua Coimisinéir na Gaeilge a bheas freagrach as caighdéan ard de dhea-chleachtais d’údaráis áitiúla agus chun deireadh a chur le hAcht 1737 a chuir cosc ar Ghaeilge a úsáid sna cúirteanna. Chomh maith leis sin tugadh £4m. faoi choinne scéimeanna caipitil nua do Chiste Infheistiochta.

Tá saol na Gaeilge athraithe go radacach le 25 bliain anuas, na céadta oibrí Gaeilge lán-aimseartha, cultúrlanna, comharthaíocht, cosaint dlí, clubanna óige agus go leor eile.

Tá daoine ag caint faoi Fhóram na n-ionad Gaeilge a bhunú, feachtas chun an tAcht a láidriú cosúil leis na scéimeanna teanga sa Bhreatain Bheag, Institiúd Pleanála Teanga a bhunú, tuilleadh Líonraí Gaeilge. Tá dul chun cinn uafásach déanta againn. Níos mó le déanamh.

Is cinnte go bhfuil sé in am dúinn, pobal na Gaeilge, thuaidh agus theas, teacht le chéile agus spriocanna nua a aimsiú don chéad 25 bliain eile. 

Iarchomhairleoir de chuid Shinn Féin agus gníomhaí Gaeilge é Gearóid Ó hEara

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland