Top Issue 1-2024

23 February 2023 Edition

Resize: A A A Print

I dtreo na Poblachta: Ag fáil faoi réir do Chomhaontú Aoine an Chéasta

• Martin McGuinness, Lucilita Bhreathnach agus Gerry Adams ag preas-ócáid i mBaile Átha Cliath, Meán Fómhair 1994

Bhí Lucilita Breathnach ina hArdrúnaí de chuid Shinn Féin ó 1987 go 2003. Tugann sí léargas ó Shráid Downing go dtí Foirgnimh an Chaisleáin mar a rinneadh an comhaontú stairiúi

• • • • • • • • • 

I ndiaidh don pháirtí an polasaí i leith staonadh ón Oireachtas a thiontú ag Ard Fheis Shinn Féin i 1986 toghadh mé ó úrlár na hArd Fheise i 1987 mar Ard Rúnaí ar Shinn Féin.

Thosaigh an páirtí ag athrú le príosúnaigh ag teacht amach ó bheith faoi ghlas i ngéibheann agus díospóireacht dhifriúil ar an ngá a bheith bainteach le polaitíocht in sna 26 Chontae.  Bhí an choimhlint fós ar siúl in sna Sé Chontae agus an páirtí faoi chois in Éirinn. 

Theastaigh uaim tabhairt faoi níos mó a dhéanamh chun dul chun cinn i saol an phobail Thuaidh agus Theas chomh maith le ceachtanna a d’fhoghlaim muid faoi phríomhshruthú le h-eagrais agus daoine aonair ar ábhair a chur i bhfeidhm mar a déanadh i gcaitheamh na mblianta crua sin i rith na stailce ocrais in Ard Mhacha agus sna Blocanna H. Go dtí sin bhí beirt Ard Rúnaí ann ach athraíodh an nós sin agus duine amháin a bhí ann as sin amach. Lonnaithe in Ard Oifig agus ag taisteal ó cheann ceann na tíre a bhí romham agus mé pósta le beirt pháiste óg i mBaile Breac i gContae Bhaile Átha Cliath.

Oibríonn muid mar mheitheal agus tá tú chomh maith leis na foirne ina bhfuil tú ag obair.

In 1987 d’fhoilsigh muid ‘Scenario for Peace’ ‘Building a Permanent Peace in Ireland.’ I lár an phróisis síochána seo bhí muid ag cur éileamh ón phobal le deireadh a chur leis an gcoimhlint, tús a chur le comhráití síochána polaitiúla agus féin-rialú náisiúnta a chur i gcrích.

Bhíos ar an Ard Comhairle ó 1987 go dtí 2002/3 nuair a sheas mé síos.

Bheinn ag oibriú le cinnirí rannóga an pháirtí go náisiúnta ag cabhrú nuair ab fhéidir.  Bheinn ar an gCoiste Seasta a bhuail go seachtainiúil ag déanamh cinnidh ar ábhair an lae.  Ní raibh na h-achmhainní atá againn anois ann an tráth sin; cúpla duine ag obair go deonach a bhíomar agus ní raibh ríomhairí ná fóin phóca le teagmháil a dhéanamh.

In sna hochtóidí scríobhadh cuid mhaith páipéir straitéise agus taicticí don todhchaí agus eagraíodh comh-dháil i gCarraig Art i nDún na nGall le díospóireacht inmheánach a chothú idir cinnirí náisiúnta agus réigiúnacha.

Bhí daoine ag fáil bháis ó lá go lá agus ualach mhór ar iarrachtaí theacht ar réiteach.  Ní raibh rialtas Shasana ná Aontachtóirí ná rialtas na hÉireann ag caint linn. Bhí cinnsireacht i bhfeidhm.

I 1992 d’fhoilsigh muid cáipéis a d’imigh chuig an Ard Fheis le plé a dhéanamh ar ‘I dTreo Síochán Buan'  'Towards a Lasting Peace’. Chuireamar an cháipéis seo chuig na páirtithe ar fad taobh seo tíre ag lorg seans len é a phlé leo agus cuireadh chuig leabharlanna is Ollscoileanna í freisin.  Bhí an cháipéis ag iarraidh comhdhearcadh a thógáil in Éirinn i gcóir socrú a fháil ar choinníollacha síochána a neartú in Éirinn agus thar lear.

Chomh maith leis sin foilsíodh paimfléad ar Brian Nelson, dílseoir a bhí ag obair i gclaonpháirteachas le faisnéis na Breataine ag marú náisiúntóirí agus poblachtánaigh san Tuaisceart, ina measc comhairleoirí aitiúla tofa de chuid Shinn Féin le h-iarracht stad a chuir leis an bpolaitíocht toghchána.

Mar chuid de mo chúraimí bhí ag comh-eagrú cúpla comhdháil inmheánacha in aghaidh na bliana agus tuilleadh plé ag Ard Fheiseanna an pháirtí.  Bhí an t-uafás oibre ag baint leis.

Lucilita Bhreathnach article 2

• Comhdháil Shinn Féin, Leitir  Ceanainn 1994 

I gcaitheamh na gcainteanna ‘Hume Adams’ bhí feachtas againn i gcoinne na cinnsireachta. I 1994 d’eagraigh muid comhdháil náisiúnta darbh ainm an ‘Letterkenny Conference’ agus ina dhiaidh, ar an 31 Lúnasa, d’fhógair Óglaigh na hÉireann sos comhraic. Ón tráth seo amach bhí an saol lán de chruinnithe agus réamhchruinnithe ag an gceannaireacht leis an deis a thapú don tsíocháin.

Thárla na chéad ‘cainteanna faoi chainteanna’ poiblí le rialtas Shasana i gCnoc an Anfa mar chuid den toscaireacht le Seán MacManus, Martin McGuinness, Siobhán O'Hanlon (beirt atá ar shlí na fírinne) agus Gerry Kelly. Bhí mír chainte agam agus labhair mé go h-iomlán i nGaeilge ag an gcruinniú úd.  Bhí cainteanna le rialtas Thaoisigh Albert Reynolds agus Bertie Ahern.  

Tosaíodh ar an bhFóram um Shíochán agus Athmhuintearas i gCaisléan Bhaile Átha Cliath lena raibh gach páirtí as an Deisceart bainteach mar aon le foireann láidir as Sinn Féin.  Bhíos bainteach le h-ionadaíocht an pháirtí ar chainteanna le rialtais éagsúla Bhaile Átha Cliath agus rialtas Tony Blair.

Bhí Martin McGuinness MP mar an phríomh-idirbheartaí agus Uachtarán Shinn Féin Gerry Adams MP i dtromlach na gcainteanna seo agus daoine ar nós Rita O’Hare, Dawn Doyle, Seán Crowe, Joe Reilly agus neart neart eile. Bhí orm foghlaim go tapaidh ar agallaimh leis na meáin chumarsáide i mBéarla, Gaeilge agus Spáinnis.

Bhíodh téarmaíocht ar leith a bhain leis na cainteanna uile agus bheadh ort a bheith an-chúramach nach ndéarfá rud eicínt a bhí as script mar bhí na cainteanna an-íogair. Bhí fo-choistí againn d’achan mhír chainte. Chaitheas níos mó ama i mBéal Feirste ná mar a chaitheas ag an mbaile agus thaisteal mé gan stad.  Bhuaileamar in áiteacha rúnda chun plé a dhéanamh. Chuir an gnáth-phobal tithe ar fáil dúinn.

Lucilita Bhreathnach article 3

• Martin McGuinness, Pat Doherty, Lucilita Bhreathnach, Martin Ferris agus Rita O'Hare ag an Fóram um Síocháin agus Athmhuintearas, Deireadh Fómhair 1994 

Is cuimhin liom i 1996 glaoch gutháin a fuair mé ó Gerry Adams ag tí mo thuistí chun scéala a thabhairt dom an teilfís a chur ar siúl go raibh buama tar éis pléascadh i Londain.

Bhí an chéad chruinniú againn le rialtas Blair, an chéad uair do Phoblachtánaithe Éireannacha a bheith i Sráid Downing ó bhí cainteanna ann don Chonradh Angla Éireannach i 1921. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, ar Aoine an Chéasta, tháinig na páirtithe uile in éindí le cinnirí rialtais Bhaile Átha Cliath, an Bhreatain agus feisire síochána George Mitchell agus thángthas ar shocrú comhréitithe eatarthu in éagmais Aontachtóirí an DUP. Rinne mé beagán i láthair na cainteanna sin i measc foireann láidir a bhí ann ón bpáirtí. An tromlach ina n-iar phríosúnaigh. An tseachtain roimhe sin bhíos i mBéal Feirste is d’fhill ar Bhaile Átha Cliath mar gur rugadh mo chéad ghar iníon Aoife ag a máthar Lucilita san ospidéal.

D’fhilleas ar Bhéal Feirste.  Ansin fuair máthair Bhertie Ahern – an Taoiseach ag an am – bás agus bhí orm filleadh ar Bháile Átha Cliath don tsochraid. Bhí Airí agus Oifigí rialtais ag freastal agus iad ag fáil eitleán thar n-ais chuig Foirgneamh an Chaisleáin chun leanúint leis na cainteanna.  Lean mé ar aghaidh in san charr.

Tá sé doiligh cuimhniú ar gach a tharla in sna laethanta sin, lá agus oíche, seachtain i ndiaidh seachtaine, bliain i ndiaidh bliana. Aisdiúchiú nó ‘repatriation’ á dhéanamh ar na príosúnaigh pholaitiúla ó Shasana. Tháinig na príosúnaigh amach ó Phort Laoise agus an Cheis Fhada agus Machaire Bhéarra. D’fhás ár bpáistí uile. Tháinig gar-pháistí ar an saol an ghlúin nua ar nós na glúine seo mar atá an Chomhaontú féin - 25 bliana ar an bhfód.

Lucilita Bhreathnach article 4

• Sinn Féin ag Sráid Downing, Nollaig 1997. Martin Ferris, Michelle Gildernew, Martin McGuinness, Gerry Adams, Lucilita Bhreathnach, Siobhán O'Hanlon agus Richard McAuley

Ach, cuireadh bunchlochanna. Toghadh baill Shinn Féin chun cumhacht a roinnt leis na páirtithe uile ar son an phobail uile.  Bhí Airí i rialtas againn.  Roinneamar cumhacht den chéad uair in 800 bliana. Cuireadh deireadh leis an gcoimhlint armtha. Toghadh níos mó feisirí de chuid Shinn Féin do Pharlaimint na Breataine in absentia.  Toghadh Comhairleoirí áitiúla, Teachta Tionóil, Teachtaí Dála agus feisirí do Pharlaimint na hEorpa.  Bhí guth na ndaoine le cloisint.

Tar éis Cháisc 1998 ceapadh mé mar Stiúrthóir Náisiúnta Toghchána chomh maith le bheith i mo Ard Rúnaí ag ullmhú le neart foirne is baill i gcóir toghcháin áitiúla, na hEorpa, Teach Laighean, agus chuig an Tionól. Sheas mé síos mar Ard Rúnaí mar bhí an iomarca freagrachtaí orm agus ceapadh mé mar chomhordaitheoir ar an Roinn um Chomhionannas Inscne agus Cinnire Roinn an Chultúir go ceann bliain go leith.

Bhí mo shláinte ag éirí níos measa agus tháinig ailse orm a fuaireadh in am. Go gearr ina dhiaidh sin bhí tionóisc gluaisteáin agam.  Ag an am céanna bhí mo thuismitheoirí tinn agus fuaireadar beirt bás dhá lá i ndiaidh a chéile.  An bhliain ina dhiaidh thosaigh mé post le SIPTU Ideas Institute ag oibriú le baill cheardchumainn.  Tar éis dhá bhlian nó mar sin tháinig mé thar n-ais ag obair ar son an pháirtí mar comhordaitheoir Éire Aontaithe nó Ag Aontú Éireann ag obair le Mary Lou McDonald, Gerry  Adams agus baill i dTeach Laighean agus ar an dtalamh agus ag bualadh le daoine in eagrais chultúrtha, ceardchumainn, eacnamaí, spórt, aisteoirí, srl.

D’eagraigh muid cúpla comhdháil timpeall na hÉireann chun plé a dhéanamh ar thodhchaí na hÉireann. An lá atá inniú ann níl mé chomh gníomhach is a bhíodh ach déanaim mo pháirt a h-imirt.

Dóibh siúd uile ar fhoghlaim mé uathu, a chabhraigh linn, na gníomhaithe a chuir a saol ar athló agus an camaraderie is cairdeas - mo bhuíochas libh agus go raibh maith agaibh. Tá neart ceachtanna le foghlaim ón dtréimhse úd ach ceann tábhachtach a luafainn ná go dtosaíonn rud eicínt uaireanta mar fheachtas beag ach caithfear a chothú agus caithfear daoine de gach aois ghrúpa agus scileanna difiriúla a dhaingniú.

Baintear níos mó amach ar son an phobail nuair a bhíonn ollghluaiseacht ag oibriú as láimh a chéile. 

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland