Top Issue 1-2024

4 August 2022 Edition

Resize: A A A Print

An Cultúr Oráisteach

Rugadh agus tógadh mise faoi scáth na gCrann Tógála in Oirthear Bhéal Feirste agus tá me sáite i gcultúr na háite sin;  den chuid is mó oidhreacht an Phobail Aontachtaigh.

Óige spéisialta a bhí ann.  Bhí ceithre ócáid mhór marcáilte i bhFéilire ‘s againne: an Nollaig; an Cháisc; Oiche Shamhna (an trí sin comhroinnte le gach dream i mBéal Feirste) agus an Fhéile Oráisteach, a mhaireas a bheag nó a mhór fud fad an tSamhraidh.

Baineann dhá cheann acu le Creideamh agus an dá cheann eile le Ceilteachas agus na hEalaiona.

Is aoibhinn liom an Samhradh, leis an ghrian ag spalpadh (uaireanta!), daoine gléasta sna héadaí dathannach agus gleoite ar fad, laethanta saoire agus, ar ndóigh, an Fhéile a bhaineadh linne, sa chuid seo den chathair, Féile ealíona, Féilte ildhaite agus Féile cheoil – an Fhéile Fhlannbhuí.   Thosnódh sí ag deireadh Mí Meithimh (direach I ndiaidh na Féile Eoin), le páisti na háite ag bailiú adhmaid go priomha do na tinte cnámh.  Phioc muid suas na craobhanna a thit ó na crainn, fuair muid roinnt boscai déanta de chairtclár o na siopai, corr píosa sean troscáin onár dtithe féin agus nach muid a bhain sult as an saol ag togáil triantáin mhóir!  Ni ró-ard a bhi siad fadó agus ni raibh postaeiri na bratacha orthu.  Samhail dhuine amháin ar an bharr, cé nach raibh a fhos againn ag an am cérbh é. Lundy a bhí ann, an fear a rinne feall ar Phrintísigh Dhoire. Ní raibh contúirt ar bith ann.

An Lá a b’fhearr domh féin ná an t-aonú lá déag. Bhi muid brónach ar an dara lá déag, mar bhiodh a fhios againn go mbeadh gach rud thart roimh dheireadh an lae.

Ar an 11 Iúil, bhi sé de nós againn dul go dti An Raon Gainimh (ceantar cluiteach dilseach eile) chun ár gcuid earraí a fháil don Lá Mór. Roghnaigh muid sraoilleáin sna dathanna oráiste agus corcra nó i ndearg, bán agus gorm; bratacha,t-Léinte priontáilte le cibé teachtaireacht a theastaígh; suaitheantais agus, b’fhéidir hata beag chomh maith.

Ansin, théimís abhaile don Tae. Díreach ina dhiaidh sin, thiománódh m’athair muid thart ar na ceantair dhílseacha ar fad sa cathair, le feiceáil cén chineál tine a bhi acu siúd.

Nios moille, thagadh na páisti uilig as a gcuid tithe le cóisir a shamplú thart ar an Tine Mhór. Rinne muid damhsa, ith agus ól agus thug muid faoi roinnt amhráin, le tionclacán ar an organ bhéil.  Thagadh daoine ón Phobail Náisiunach fosta, leis an taitneamh ceannan céanna a bhaint as.   

Ach róluath, afach, ní tine dheas dhearg a bhi ann nios mó ach deatach agus luaithreach.

Chuaigh muid a chodladh lenár neart a choigilt don Lá Mór.

Mar a deirim i gcónaí, is Féile Ealaiona í seo, seachas aon rud eile. Is iad na hamharc-ealaíona atá le feiceáil sna meirgi móra ildaite le pictiúir ar an dá thaobh, pictiúir d’imeacht sa stair bhuí nó de dhuine a raibh clú agus cáil air sna laethant a bhí, cosúil le Risteard Ó Cathain (Richard Rutledge Kane) iar-Ard Mháistéar an Oird, a raibh Gaeilge líofa aige agus a bhi ar chéad choiste Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste. Bhí teideal na Loistí ar na meirgí fosta, ceann acu siúd as Gaeilge “Oidhreacht na hÉireann”.

Ansin, bhí na hÁirsi iontacha ann sna sráideanna ó Mhí Iúil ar aghaidh. Píosa ailtireachta, gan trácht ar ealaín, a bhí iontú, i bhfírinne, áirsí threilíse, agus ar an bharr, ceithre shiombal ar nós Bíobla oscailte, lilí oráisteach & eile. Ar an drochuair, d’imigh said as radharc i mBéal Feirste le tamall de bhlianta, ach ardaíodh mo chroí nuair a tógadh ceann nua i mbliana I bhFáinneán Carlisle.

Orange Culture 2

• Richard Rutledge Kane

B’in na hamharc-ealaíona. Ansin, tá an ceol ann. Eagsúlacht iontach an t-am sin agus atá fós ann sna ceantair tuaithe: ní hámháin an druma mór a bhi le cluinstin nó an fheadóg Mhór ach an Bosca cheoil, an Pib, úirleisí phráis agus eile. Níl baint ar bith ag na Banna Cheoil leis an Ord Oráisteach. Bhiodh na daoine sin ag cleachtadh le bliain, nach mór, fá choinne seo. Ach, le fírinne, cleachtaíonn siad fosta don iliomad comórtas a bheas siad páirteach ann.  Is bealach é seo, cosúil le CLG, le daoine óga a choinneáil o na sráideanna.

Tagann mud anois chuig an Ord féin. Nil ‘s ag móramh na ndaoine a bheas ag siúl ar na cosáin leis an Pháráid, nó ag breathnú air, cad é fealsunach an Oird Bhui. Nil ‘s acu, ach oiread, mórán faoin stair seachas Cath na Bóinne. Níl ‘s acu, go fiú féin cad chuige a bhfuil tinte cnámjh a lasadh acu.. Is e fírinne an scéil faoi seo ná gurbh ann doibh le teroir a thabhairt don Ri Liam, agus é ar tí dul i dtir ag Carraig Fhearghais.

Ach  siar linn chuig an Ord. Is meascán aisteach é de Stair an Rí Liam, Creideamh i bhfoirm Phrotastunachais agus line Comharbais na Clainne Rioga i Sasain.

Throid Liam i gcoinne an Rí Séamuis. Bhi siad ag iarraidh go mbeadh an Ríocht Protastúnach ag leanúint mar shíl siad nach mbeadh cearta ann. Shíl siad go raibh céad dílseacht gach Caitliceach ag dul don Róimh seachas don Stát agus go raibh an Ri Séamus ag iarraidh níos mó cumhachta a thabhairt  dó féin agus ar shiúl ón Pharlaimint. Agus i ndiaidh do Bhua Liam, tugadh isteach Bille Cearta.

Is féidir a rá, cinnte, go bhful an tOrd seicteach. Níl cead ag na baill duine Caitliceach a phosadh, cé gur féidir leo Moslamach a phósadh, rud fior-amaideach. Le cuid mhaith de na rialacha, ní cuirtear i bhfeidhm i gconaí iad. Ni gá a rá, ar ndóigh, nach n-aontaím féin leis seo, ná móramh na bProtastúnach, ach oiread.

Dúinne na hAontachtaigh, is Féile Ghlormhór Dhathannach, Ealaíona í agus táimid an-bróduil aisti. Is fior, gan dabht, go mbionn dornán de dhaoine i mbun mí-iompair agus maslaí, ach oiread na fride atá ann. Nior tharla sé ar chor ar bith i mbliana, cé gur ionsaiodh ar an Pharáid féin ar Bhothar Ormeau.

Bhí chóir a bheith cúig chéad mhíle daoine ann, idir banna, an chosmhuintir ag siúl ar an chosán, nó ag breathnú air agus na Lóistí agus Lá sultmhar a bhi ann.

Ní thuigim, mar sin, cad chuige go mbionn Poblachtánaigh de shíor ag ionsaí ar an rud, ag diúltú cead bealaigh dó nó ag ionsaí ormsa ar bhealach nimhneach ar na meain shoisialta de bharr gur molaim é.

Is Carnabhal é.  Sin an méid. Muna bhfuil daoine sásta, ní hamháin cur suas le traidisiúin eile na tire seo, ACH glacadh, go fonnmhar leis, mar Fhéile Cheilteach Ghaelach, Éireannach, ní bheidh dóchas ann go n-aontófar croíthe na ndaoine in Éirinn go deo.  Sin an t-aon Aontais atá tabhachtach, i ndeireadh na dála. 

Chaith Máirín Hurndall a gairm bheatha ar fad ag plé le Cumarsáid de chineál éigin, ag teagasc faoi láthair in Ollscoil na Banríona Béal Feirste, ag Léachtóireacht san Earnáil Bhreis Oideachais, ag láithriú agus ag léiriú clár do Raidió Fáilte le roinnt blianta, agus anois ag obair mar Thráchtaire do Raidió na Gaeltachta agus TG4

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland