Top Issue 1-2024

4 August 2022 Edition

Resize: A A A Print

Seachtain na mBundúchasach san Astráil

Is ar an gcéad Domhnach de mhí Iúil gach bliain a chuirtear tús le féile Sheachtain na mBundúchasach san Astráil (NAIDOC). Cuireadh ar athló na hócáidí ar fad i 2020 de bharr ráig na pandéime Covid-19 agus cuireadh clár giorraithe ar siúl anuraidh ach trí bliana ó shin bhí de sheans agam ​freastal ar roinnt imeachtaí a bhain leis an bhféile i Sydney na hAstráile.

• • • • • • • • • • • • • • • • • 

“Guth | Conradh | Fírinne” ba théama do sheachtain NAIDOC na hAstráile i 2019. Is é atá sa bhféile seo, ceiliúradh ar chultúr na mbundúchasach san Astráil agus clár imeachtaí a thugann stair na tíre sin chun cuimhne go hionraic cneasta gan dallamullóg an choilíneachais Eorpaigh a chur ar an bpobal. Rug mé ar an bhfaill eolas a chur ar chultúr agus ar stair an phobail seo le linn dom bheith ar cuairt ag daoine muintreacha liom thall agus seachtain NAIDOC faoi lán tseoil. Is furasta do dhuine de bhunadh na hÉireann a bhfuil stair a dhúiche ar eolas aige bá ghaoil bheith aige do mhuintir dhúchasach na hAstráile, an cultúr beo is faide ar an saol. Is go maith a thuigeann muid brúidiúlacht agus mídhaonnacht impireacht na Breataine ach ba mheasa go mór an anachain a rinneadh do mhuintir “Bayala Nura”, ainm eile ag na bundúchasaigh ar an Astráil arb ionann é agus “yarning country”. Cé gur iomaí treibh, teanga agus pobal san Astráil - tá mórchríoch na hAstrála naíocha oiread níos mó ná Éire – bhí, agus tá, sé de nós acu uilig scéalta, saíocht agus seanchas an phobail a roinnt tríd an gcaint, an damhsa agus na hamhráin.

Is ann don dream a cheidreann gur meán é teanga d’fhonn cumarsáid a dhéanamh agus nach n-iompraíonn sí cultúr ná meon ach tá cumhacht ar leith ag baint le teangacha; ní gan chúis a chuir lucht coilínithe na hAstráile an ruaig ar na teangacha dúchais agus Béarla á thabhairt isteach mar theanga oifigiúil an stáit nua. “Djabara” a thug an lucht dúchais ar na hinimircigh Eorpacha san Astráil, cuir i gcás, focal a chiallaíonn maide tine nó gunna. Ar cheann de na focail ba thábhachtaí don duine óg ag teacht in inmhe sa bpobal bundúchasach bhí “ngara”. Dar le “ngara” gur cheart don duine éisteacht, cloisteáil agus smaoineamh: éisteacht leis na seanóirí; an saol mór timpeall idir mhuir, spéir, ainmhithe is thalamh a chloisteáil; agus smaoineamh faoin tionchar a bhíonn againn ar an saol mór sin. Is gá meas agus tuiscint ghéar bheith ag duine ar an “garrigarrang”, focal de chuid phobail Eora i Sydney a chuimsíonn gach uile ghné de shaol an phobail atá buailte leis an gcósta. “Uluru” a thug glúinte den phobal Pitjantjatjara Anangu ar an gcloch uasal ghaineamhchloch i lár na hAstráile, ár ndóigh, nó gur tháinig William Gosse uirthi i 1872, bail ó Dhia air, agus Ayers Rock a baisteadh uirthi ó shin in ómós do Sir Henry Ayers as Portsmouth Shasana, tráth a raibh sé ina Phríomh-Rúnaí do Dheisceart na hAstrála.

NAIDOC 2022 2

Scéal amháin a chuaigh i gcion orm go mór agus mé ar cuairt i Melbourne le linn sheachtain na mbundúchasach, cás Tunnerminnerwait agus Maulboyheenner, beirt as Tasmania a crochadh go poiblí taobh amuigh de phríosún Mhelbourne 20 Eanáir 1842, an chéad bheirt a chuir rialtas coilíneach nua i Victoria chun báis. Ba sa bpríosún céanna a cuireadh Ned Kelly chun báis sa bhliain 1880. Rinne Tunnerminnerwait agus Maulboyheenner seasamh in aghaidh fhoréigean agus leatrom an choilínithe, go háirithe mar gheall ar na hionsaithe a rinne coilínigh ar mhná dúchais, agus socraíodh a chur in iúl do na bundúchasaigh seo nach raibh glacadh ag an gcóras nua lena leithéid. Géilleadh cultúrtha agus fisiciúil nó bás ba dhán dóibh. 

Blianta fada i ndiaidh bhás na bhfear a cuireadh an saol mór ar an eolas gur geall le scigdhráma an cás cúirte inar ciontaíodh Tunnerminnerwait agus Maulboyheenner. Easpa fianaise, fianaise bhréige, nósanna cúirte aisteacha agus teanga nach raibh na cimí compordach léi, chuirfeadh sé murdair Mhám Trasna i gcuimhne don Ghael meabhrach. Ba ghá duine nó beirt a chur chun báis le fainic a chur ar an gcuid eile acu nó ba dheacair an jab iad a chur as a seilbh. Lena gcás a chur chun donais, níor tugadh coirp na bhfear a maraíodh ar ais dá muintir agus cuireadh go fánach iad i Sean-Reilig Mhelbourne gan leacht ná marc, áit ar cuireadh na céadta bundúchasach ina ndiaidh ar an gcaoi chéanna nó gur tógadh margadh an “Queen Vic” ar na tailte sin i dtús an fhichiú haois. Níl ort ach an méid sin bheith ar eolas agat go dtuige tú an dímheas a bhí ag na húdaráis ar an bpobal cráite seo.

NAIDOC 2022 3

• Leac chuimhneacháin do Maulboyheener agus Tunnerminnerwait a chuireadh chun bás in 1820 sa Tasmáin 

Tá conamar de chultúr beo bríomhar na mbundúchasach fós le fáil ag an té a thugann cuairt ar an Astráil ach a dhul sa tóir air. Tá ealaín den chéad scoth á saothrú acu i gcónaí. Ealaín dhaonna shaolta a thugann le fios an ceangal atá ag an bpobal bundúchasach leis an saol mór timpeall. Níor tugadh aird ariamh ar an gceangal thábhachtach seo ná ar chearta na mbundúchasach don talamh. Is fearr a chuireann Big Bill Neidjie focail ar an nasc seo, seanóir den phobal Kakadu i dTuaisceart na hAstrála: “I feel with my body, with my blood. Feeling all these trees, all this country. When this wind blow you can feel it. Same for country… you feel it, you can look, but feeling… that make you.”

Ach oiread leis na laochra a sheas an fód ar son na nGael, bhí a laochra féin ag pobal bundúchasach na hAstráile. Bhain Pemulwuy, ceann fine an phobail Bidjigal, clú agus cáil amach mar an chéad treallchogaí dá gcuid agus deirtear go raibh os cionn céad fear a sheas leis sa bhfeachtas in aghaidh lucht an choilíneachais. Gabhadh é i 1802 ach de bharr a fhada a thóg sé ar na húdaráis teacht air (agus an náire a bhain leis sin), baineadh cloigeann Pemulwuy dá chorp agus cuireadh chun na Breataine í. Tá caint mhór fós ar bhean darb ainm Shirley Smith a chaith formhór a saoil ag cabhrú le cimí ón bpobal dúchasach chomh maith leo sin gan dídean gan fhostaíocht. Ba mhinic í in éineacht le fir agus mná óga bundúchasacha a bhí os comhair cúirte sna 60í agus 70í. D’fhiafraítí di tuige go raibh sí ag labhairt ar son an duine chúisithe agus ba í an fhreagairt a thugadh sí “is mise a máthair”. Is mar gheall ar an nós sin a tugadh “Mum Shirl” uirthi.

Tá an scéal go riabhach ag bundúchasaigh na hAstráile ar go leor bealaí ach tá siad agus a gcultúr ar an bhfód go fóill in ainneoin na n-iarrachtaí ar fad le dhá chéad bliain, nach mór, iad a mhilleadh. Más nós leat Laois a rá seachas “Queen’s County” nó Doire Cholm Cille in áit “Londonderry”, bíodh a fhios agat gur dúiche Gadigal agus Kulin a bhí in úsáid i bhfad Éireann níos faide ná Sydney agus Melbourne. 

Luke Callinan, Riarthóir Réigiúnach, Cúige an Iarthair is na nOileán Sinn Féin

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland