Top Issue 1-2024

4 August 2022 Edition

Resize: A A A Print

Más féidir leo, cén fáth nach féidir linn?

Seo an mana atá á scaipeadh ag Cian Ward ó dhoras go doras ag feachtasaíocht ar son pacáistiú dhátheangach, bunaithe ar an méid a chonaic sé féin sna siopaí agus sna hollmhargaidh i Montréal. Níl mórán Gaeilge ag Cian féin, ach creideann sé go láidir go gcabhródh sé go mór leis na céadta míle a deir go bhfuil Gaeilge acu ach atá ag streachailt léi, agus dá leithéadsa atá ag iarraidh í a fhoghlaim, dá mbeadh an Ghaeilge mar chuid normálaithe, feiceálach, ábhartha den ghnáthshaol, más bia nó earraí glantacháin nó pé rud eile atá i gceist.

Chuidigh mé le Cian ag canbhasáil lá amháin i gCuan Aoibhinn cluthara Bhaile Átha Cliath, agus idir Ghaeilgeoirí agus daoine ar fuath leo an Ghaeilge ó ‘gradaíodh ar scoil iad’ mar gheall uirthi, ba d’aon ghuth a thug siad freagra: gur slí loigheacúil í seo chun go mbeadh fáil níos fearr ag daoine ar an nGaeilge.

Dhéanfadh sé maith duit an athrú poirt seo a chloisteáil ón ghnáthmhantra iarchoilíneach atá le cloisteáil go hiondúil sna 26 Contae, nár chóir dúinn a bheith uaillmhianach, nach bhfuil muid mór go leor chun rudaí a dhéanann tíortha eile a chur i gcrích, gur chóir dúinn a bheith buíoch as an méid atá faighte againn, institiúidí agus nósanna coilíneacha ina measc. Ná éirigh os cionn do chéimíochta. Is leor an Béarla, tá an Ghaeilge iomarcach, agus is ar éigean go labhraíonn duine ar bith í ar aon nós.

Finn 2

• Aengus Ó Snodaigh

Mar a tharlaíonn sé, deir céatadán níos airde sna 26 Contae go bhfuil Gaeilge acu (40%) ná a deir go bhfuil tuiscint acu ar an bhFrancais i gCeanada (29%), ach tá Francais agus Béarla le chéile de dhíth ar phacáistiú i gCeanada. Dá mbeadh stát acu féin acu siúd go léir a deir go bhfuil Gaeilge acu in Éirinn, bheadh daonra níos mó ag an stát sin ná ag cúig ballstáit den Aontas Eorpach, an Éastóin agus an Laitvia ina measc nach nglacann ach le pacáistiú ina dteangacha náisiúnta féin.

Ar ndóigh, tá stát ag Gaeilgeoirí a deir gurb í an Ghaeilge a príomhtheanga oifigiúil agus a teanga náisiúnta. In áit forálacha daingne a chur i bhfeidhm chun inmharthanacht a teanga a chosaint sa saol poiblí áfach, mar atá déanta ag tíortha eile buartha faoina leithéid, chinn na 26 contae gur leor polasaí Béarla-amháin. Más é seo cur chuige an stát, ní haon ionadh nach bhfuil formhór na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu á labhairt. Más féidir leis an Éastóin agus an Laitvia pacáistiú a chinntiú ina dteangacha náisiúnta féin, cén fáth nach féidir linn a mhacasamhail a dhéanamh don beagnach dhá milliúin le Gaeilge anseo?

Finn 3

• Jack Chambers

Dála an scéil, is féidir linn. Thuaidh agus theas, ceanglaíonn muid coinníollacha stáit agus AE cheana féin chun a chinntiú go léirítear eolas ar leith ar phacáistiú, ní theastódh ach athruithe beaga sa dlí chun a chinntiú gur sa dá teanga a bheadh an t-eolas sin. Tá tacaíocht forleathan traspháirtí don athrú seo le sonrú sa Dáil ó thosaigh Cian ag feachtasaíocht, ach dhiúltaigh an tAire Gaeltachta Jack Chambers tacú le hiarrachtaí Aengus Ó Snodaigh TD (Sinn Féin) pacáistiú dhátheangach a chur isteach in Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Mar thoradh ar an aird dírithe ar seirbhísí poiblí a fheabhsú do Ghaeilgeoirí san Acht sin, rud atá ríthábhachtach freisin áfach, déantar neamhaird ar an tábhacht a bhaineann le hábharthacht agus feiceálacht na Gaeilge lasmuigh den státchóras agus den scoil. D’aithin Québec le déanaí, sa Bhille nua 96, an tábhacht a bhaineann le saol an ghnó agus an domhain poiblí mar láthair chatha i slánú teanga. Beidh deis eile an chath seo a chur chun cinn nuair a thagann an Bhille um Chearta an Tomhaltóir os comhair an Seanaid sna míonna amach romhainn.

Finn 4

I stát dátheangach, ba chóir go mbeadh sé inghlactha mar bunrud go gcinnteofar dátheangachas áit a cheanglaíonn an stát coinníollacha cheana féin – ar nós i gcás pacáistiú, comharthaí bóithre, agus fógraíocht, mar shampla – go háirithe stát atá ag iarraidh úsáid an teanga mhionlaithe a spreagadh.

Cad a tharla don aisling sin d’Éire Gaelach agus saor, a mhol an Piarsach agus an Chonghaileach, an Coileánach agus an Craoibhín Aoibhinn, a lig don Éire seo a dhéanann sprioc an Bhéarla amháin nó an Bhéarla chun tosaigh a bhrú? Más féidir le tíortha eile an spleáchas a shárú, cén fáth nach féidir linn? 

• Eoghan Finn Cúntóir Parlamainte I dTeach Laighean

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland