Top Issue 1-2024

25 November 2021 Edition

Resize: A A A Print

Ard Fheis ar leith do Bhliain ar leith

• Uachtarán Shinn Féin Mary Lou McDonald

Ba í Ard Fheis Shinn Féin 2021 an chéad seans a bhí ag an gcuid is mó againn castáil le comrádaithe dár gcuid ó cheann ceann na tíre. Murab ionann agus Ard Fheiseanna eile, bhí de dheis agamsa gach duine a tháinig chomh fada leis an Helix, nach mór, a fheiceáil ó tharla mé ag freastal ar an doras tosaigh ó mhaidin mar chuid d’fhoireann an pháirtí. Is cinnte gur thaitnigh sé liom i bhfad ní b’fhearr ná na seacht n-uaire a chaith mé ag coinneáil súil ar dhoras éigeandála taobh thiar den TF i gCaisleán an Bharraigh lár mhí Aibreáin i 2012, an lá céanna ar bhain mé 21 bhliain d’aois amach. Duine ná deoraí a casadh orm an lá sin nó gurbh éigean dom an doras a oscailt leis na príomhchainteoirí a scaoileadh amach ag an deireadh ar fad. Ní gan chúis a thugtar “streachailt” ar an bhfeachtas ar son saoirse na hÉireann.

Ócáid ní ba lú ná mar is gnách a bhí in Ard Fheis na bliana seo, ár ndóigh, ach ní hionann sin agus a rá nach raibh an sprid chéanna le sonrú ar an ócáid. Bhí toscairí i láthair ó chumainn, ó chomhairlí ceantair agus ó chúigí fud fad na hÉireann.

Callinan2

• Ambasadóir na Palaistíne an Dr. Jilan Wahba Abdalmajid

Ní raibh aon easpa cainteoirí, ná baol air. Is cúis mhisnigh dom i gcónaí an meascán d’óg agus aosta a bhíonn sásta dul suas ar an ardán chun píosa cainte a dhéanamh ar son nó in aghaidh rúin. Duine a thugann tacaíocht d’Fhine Gael a dúirt liom an deireadh seachtaine céanna go bhfuil an binse tosaigh is fearr ag Sinn Féin d’aon pháirtí eile ó dheas maidir le cumas agus éirim pholaitiúil; tá an bua céanna ag an bhfoireann chumasach atá againn ó thuaidh. Mar a dúirt Mary Lou McDonald TD “is cumhachtach an mhaise é an t-inspreagadh sin lenár sochaí féin a fheabhsú.”

Ba stuama an clár a cuireadh ós comhair toscairí i mBÁC, na rúin ag dul i ngleic le téamaí éagsúla ó chúrsaí tuaithe agus talmhaíochta, an ghéarchéim san earnáil sláinte, tithíocht ar phraghas réasúnta agus ag cosaint an chomhshaoil go costaisí maireachtála, an Breatimeacht, an córas coiriúil agus an t-ábhar mór atá i mbéal an uile dhuine, Éire Aontaithe.

Callinan3

• Le hAmbasadóir Chúba Hugo Ramos Milanes

Is breá gur fhéad Ambasadóir na Palaistíne an Dr. Jilan Wahba Abdalmajid bheith inár dteannta chomh maith le hAmbasadóir Chúba Hugo Ramos Milanes. Dhá thír iad sin atá faoi léigear ag fórsaí láidre coilíneacha agus an fhad is atá leatrom is cos ar bolg sa saol, tá sé de dhualgas ag poblachtánaigh seasamh leis an té atá thíos, mar a sheas pobail agus tíortha eile linn féin in am an ghátair. I ndiaidh a chuid cainte dúirt Ambasadóir Chúba, agus tocht ina ghlór: “Is gearr go dtiocfaidh deireadh le mo ghairm thaidhleoireachta. Mairfidh mo bhráithreachas le hÉirinn go deo.”

Is treise tacaíocht an phobail in Éirinn don ghluaiseacht phoblachtánach anois ná ag aon uair eile ó chríochdheighilt na tíre. Cruthú dearfa a bhí san Ard Fheis go bhfuil mianach na réabhlóide polaitiúla i Sinn Féin ón dream is óige do na gníomhaithe sin atá ag treabhadh an ghoirt le blianta fada. Is maith ann é, mar níl aon amhras ach go dtabharfaidh muid faoi chuid de na dúshláin is mó ariamh sna blianta beaga atá amach romhainn.

Sílim gur fearr a chuir Uachtarán Shinn Féin Mary Lou McDonald focla air ina hóráid mhisniúil i ndeireadh na hoíche nuair a dúirt sí: “Níos mó ná aon ní eile, té mé bródúil as na daoine a ndéanann muid ionadaíocht ar a son – cosmhuintir na hÉireann, an lucht oibre agus teaghlaigh, an dream sin lena seasfaidh muid i gcónaí. Ní fheallfaidh muid oraibh go deo.” 

Luke Callinan, Riarthóir Réigiúnach, Cúige an Iarthair is na nOileán Sinn Féin

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland