Top Issue 1-2024

19 August 2021 Edition

Resize: A A A Print

Iascairí na hÉireann fágtha ar an trá fholamh

Tá breis is 16,000 duine fostaithe i dtionscal na hiascaireachta sna 26 Chontae de réir figiúirí Bhord Iascaigh Mhara agus an fhostaíocht seo scaipthe ar fud na tíre, ag cruthú postanna agus deiseanna do dhaoine i gceantair nach bhfuil tionscal eile láidir le fáil iontu. I gConamara, ar nós go leor ceantair eile, tá oidhreacht agus traidisiún na hiascaireachta go smior sa phobal ach tá laghdú suntasach tagtha ar líon na ndaoine atá in ann dul ina mhuinín lena gcuid a shaothrú. Tá sé seo le sonrú go soiléir i scéal na scadán. 

Scór bliain ó shin bhí cósta na tíre breac le monarchana éisc agus iad ag próiseáil scadán den chuid is mó. Chruthaigh na monarchana seo fostaíocht aitiúil sa phobal agus is iomaí teaghlach a bhain tairbhe astu. Bhí breis agus 30,000 tonna scadáin ag teacht i dtír in aghaidh na bliana ach rinneadh scrios iomlán ar thionscal na scadán ó shin agus mar thoradh air tá roinnt mhaith de na monarchana sin dúnta anois, monarcha éisc Ros a Mhíl i gConamara san áireamh.

Tá sé ró-éasca ag an rialtas i mBaile Átha Cliath beag is fiú a dhéanamh de thionscal na hiascaireachta agus an milleán ar fad a chur ar pholasaithe an Aontais Eorpaigh. Is fíor, mar sin féin, go mbeadh ar an rialtas an fód a sheasamh le sciar réasúnta de chuóta iascaigh na hEorpa a chinntiú don stát seo agus tá teipthe glan orthu an méid sin a dhéanamh. Ní mór a aithint gur faoi Roinn na Mara atá sé an cuóta iascaigh atá againn a roinnt ar bhealach cothrom inmharthana agus atá ar leas an tionscail agus na tíre trí chéile.

Ní mó ná sásta atá iascairí go bhfuil an Roinn beag beann ar a n-achainí agus go bhfuil maorlathas na Ranna ag cothú a chuid fadhbanna féin. Creideann roinnt mhaith go bhfuil dearcadh iontach diúltach ag an Údarás um Chosaint Iascaigh Mhara (SFPA) ar na hiascairí agus go bhfuil siad ag súil le breith orthu in áit a bheith ag oibriú i bpáirt leo. Go deimhin féin, is minic imní ar iascairí go dtarraingneoidh siad an SFPA orthu féin má labhraíonn siad amach faoi fhadhbanna na hearnála.

Fisheries1

• Pádraic A'Táiliúra, Kevin O'Hara, Pádraig Mac Lochlainn, Mairéad Farrell & Chris MacManus i gcalafort Ros a'Mhíl, áit ar chas urlabhraí iascaireachta Shinn Féin Pádraig Mac Lochlainn,  agus an Fheisire Eorpach Chris MacManus le hiascairí áitiúla

Cé go bhfuil cáil ar fharraigí na hÉireann mar cheantar torthúil iascaireachta tá cuóta iascaigh na hÉireann tite siar go mór faoin gcóras reatha atá ag an Aontas Eorpach. Is le hÉirinn 12% d’fharraigí an Aontais bíodh is nach bhfuil ach 4% den chuóta iascaigh againn.

Tá iascairí na hÉireann fágtha in áit na leathphingine le blianta fada ag an stát ó dheas. Mar bharr ar an donas tá tionchar imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach ina bhuille mór don earnáil. Bhí fearg agus frustrachas na n-iascairí le brath go soiléir agus agóidí móra eagraithe acu le déanaí; i gCorcaigh i mí Bealtaine agus ansin i mBaile Átha Cliath i mí an Mheithimh. I dtionscal atá scoilte go stairiúil, b’iontach go deo an mhaise do na hiascairí é cosa a chur i dtaca agus seasamh le chéile don earnáil. Pé ar bith cén toradh a bhéas ar a gcuid éileamh, ní neart go cur le chéile.

Bhí an earnáil ag streachailt léi ach mar chuid de chomhréiteach na Breatimeachta ghéill an tAontas Eorpach roinnt dá chuóta éisc leis an Bhreatain. Tháinig sciar as cuimse den ghéilleadh seo as cuóta na Eireann (23%), beart a d’fhág gurb ionann an laghdú agus 15% de chuóta iomlán na tíre. Arís eile bhí tionscal na hiascaireachta fágtha ar an trá fholamh.

Mar cuid den chomhaontú seo tá laghdú de cheathrú le teacht ar chuóta ronnachaí na tíre. Ar an ábhar sin, bhí údar aighnis ar leith ag na hiascairí ar an 12ú Meitheamh nuair a cuireadh stop, gan choinne, leis na báid iascaireachta chladaigh a bhí ag úsáid duáin le breith ar na ronnachaí mar gheall go raibh an cuóta a bhí acu ídithe. Ní raibh ach 2% de chuóta ronnachaí na tíre ag na báid chladaigh agus an 98% eile ag 49 bád mór. 

Léiriú eile ar an mbeagchúram atá á dhéanamh den earnáil seo a bhí sa seasamh siar a thóg an rialtas ón sean éileamh atá ag an tír seo ar Rocal (Rockall). Ó theacht i bhfeidhm na Breatimeachta tá cosc ar bháid na tíre seo iascach in aice le Rocal, in ainneoin gur cleachtas seanbhunaithe a bhí ann. Bhain sé siar as daoine go raibh glacadh ag an rialtas leis an chur chuige seo agus an Bille um Dhlínse Mhuirí (2021) á réiteach acu.

De réir bheartas Roinn na Mara féin Fisheries Quota Management in Ireland (Aibreán 2016) tá sé mar sprioc ag an Roinn a chinntiú go bhfuil an cuóta iascaigh á bhainistiú mar acmhainn phobail ionas nach ndéanfar príobháidiú nó lárnú ar an gcuóta ar mhaithe le comhlachtaí móra. Deir an cháipéis go dtuigeann an Roinn an tábhacht shocheacnamaíoch a bhaineann leis an gceangal airgeadais idir na báid iascaigh agus pobail chois chósta na tíre ar mhaithe le fostaíocht a chinntiú agus a bhuanú sa phobal áitiúil.

Tá sé in am ag an stát beart a dhéanamh de réir briathair maidir lena chur chuige i leith thionscal na hiascaireachta. Caithfear tacú leis na modhanna iascaireachta atá ar leas an phobail iascaigh agus phobal cois chósta na tíre seo. Chuige sin is cóir an bhéim a leagan ar shlí bheatha a chinntiú do na hiascairí. Tá cúrsaí san earnáil ag dul in olcas le fada agus ní leor an béalghrá níos mó; tá sé in am ag Roinn na Mara agus ag an rialtas cur chuige an stáit i leith na hiascaireachta a athrú ón mbun aníos. 

Is gníomhaí de chuid Shinn Féin i gConamara é Kevin O’Hara.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland