Top Issue 1-2024

19 August 2021 Edition

Resize: A A A Print

Reifreann na Saoirse i gCanacaí

Tá faitíos ar an Fhrainc faoin nGleo san Aigéan Ciúin

• Tá rialtas cineachta ag an Nua-Chaladóin de réir Chomhaontú Nouméa

Trí bliana is fichead tar éis chomhaontú síochána, tá reifreann na saoirse ag teacht go gairid, tá an stát coilíneach ag triáil an lámh in uachtar a thabhairt do dhílseoirí, agus toghadh náisiúnaí mar cheannaire rialtais don chéad uair. Ceacht dár dtodhchaí ar thaobh eile na cruinne?

Is cosúil go bhfuil an t-Aigéan Ciúin ag aimsiú a ghlór.

I 2019, vótáil 98% ar oileán Bougainville ar son na saoirse, le Bertie Ahern mar mhaoirseoir sa reifreann. Dhá bhliain ina dhiaidh, tá siad fós faoi smacht ag Nua-Ghuine Phapua. Sin cheannaireacht Fhianna Fáil is dócha! Sa cheantar máguaird, tá reifreann curtha ar athló ag stát oileánda eile darbh ainm Chuuk chun Stáit Chónaidhm na Micrinéise a fhágáil: Chuuk-faidh a lá i 2022. 

Suite ag lárphointe idir an Astráil agus Fídsí, béal-doras orthu seo go léir, tá tír tanaí oileánda ar chomh-achar le Cúige Chonnachta ach ar leath den daonra, atá fós faoi chois ag an Fhrainc agus ar liosta na Náisiúin Aontaithe de chríocha atá fós le díchoilíniú: Canacaí (Kanaky, nó an Nua-Chaladóin de réir ainm na gcoilíneach).

Cé nár ghlac an Fhrainc seilbh ar Chanacaí go dtí lár na 19ú hAois, d’éirigh leo gach gné den eispéireas coilíneach a bhrú uirthi ó shin. Plandáil inar bhrúdh na Kanakaigh isteach i dtearmainn srianta sléibhe. Obair gan rogha faoi dhintiúir sna mianaigh. Péindlíthe agus stádas den tríú ghrád ina dtír féin. Galair nua a scrios leath den daonra dúchasach ó 55,000 i 1853 go 27,000 i 1902, agus bás dóibh siúd a d’éirigh amach (a gcoirp léirithe in aice ainmhithe in iarsmalann i bPáras go dtí le déanaí).

Finn3

• Sébastien Lecornu, an tAire do ‘Thar-Sáile’ na Fraince

Choinnigh na Kanakaigh a mhisneach áfach, agus faoi cheannas an bhFronta Náisiúnta Kanak agus Sóisialach ar son na Saoirse (FLNKS), throid siad go cróga ar son na saoirse go dtí gur thosaigh comhráití síochána i 1988 tar éis sléacht i bpluais Ouvéa.

Ní raibh mí thart ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta anseo nuair ar síníodh Comhaontú Nouméa ar an 5 Bealtaine 1998, an péire acu dearbhaithe de réir reifrinn. Bunaíodh institiúidí cineachta comhpháirtíoch sa dá háit mar thoradh, agus leag an dá conarthaí modh daonlathach amach don chéad uair chun saoirse náisiúnta a bhaint amach.

I gcás Canacaí áfach, cuireadh idirthréimhse daingean sa chomhaontú – 20 bliain – agus socraíodh 2018 don chéad reifreann, le srianta a bhain cearta vótála ó imircigh nua gan dlúth-bhaint acu leis an oileán.

Léiriú ar ghaisce an FLNKS ná gur ghéill an Fhrainc don phróiseas seo agus don fhoclaíocht sa réamhrá a thug aitheantas d’fhulaingt na gKanakaigh ag lámha na bhFrancaigh: “Le choc de la colonisation a constitué un traumatisme durable pour la population d’origine (Is ionann turraing an choilínithe agus tráma marthanach don phobal dúchasach)”.

Ghéill an Fhrainc don socrú seo áfach toisc nár shíl aon duine ag an am go mbeadh seans ar bith ag Kanakaigh an bua a fháil i reifreann – ba mhionlach iad ina dtír féin faoin tráth seo, agus d’fhógair  beagnach gach pobalbhreith suas go dtí 2018 go mbeadh móramh os cionn 60% ina gcoinne, toisc dílseacht na gCaldoches (de bhunús Eorpach) agus pobail imirceacha ó choilíneachtaí eile na Fraince.

“Bua síceolaíoch agus polaitiúil” a bhí ann mar sin, mar a thug Cathaoirleach an Chomhdhála Roch Watyman  (FLNKS) air, nuair a thacaigh 43.6% leis an neamhspleáchas sa chéad reifreann. Ní bua a bhí ann i ndáiríre, ach go dtí sin, bhí cuma dosheachanta ar riail na Fraince; anois bhí bealach éalaithe faoina láimh ag na náisiúnaithe agus deis dóibh borradh leanúnach a chur leis an dtacaíocht sin de réir Chomhaontú Nouméa.

Tugadh ceart d’aon triain den Chomhdháil dara reifreann a lorg sa chás gur theip ar reifreann 2018, vóta a tharlódh sa dara bhliain tar éis don chéad reifreann. Bheadh seans amháin eile tríú reifreann -ceann deireanach – a lorg ina dhiaidh, dé réir an idirthréimhse céanna leis an gcéad ceann.

Baineadh geit ní ba thubaistí as dílseoirí sa dara reifreann a tharla anuraidh: 46.7% ar son na saoirse, sin 3.5% anuas ar fhigiúir 2018. Ag féachaint don tríú reifreann, dá dtarlódh an t-ardú céanna arís thar an tréimhse céanna ullmhúcháin, bhainfeadh lucht an neamhspleáchais an bua amach i 2022.

Ach ní bheidh reifreann i 2022.

In ainneoin na forála faoin idirthréimhse céanna idir-reifreann a bheith i gceist, agus cé gur gheall rialtas na Fraince 2022 mar dháta don tríú reifreann, chinn rialtas na Fraince ag tús mí an Mheitheamh an reifreann seo a thabhairt chun tosaigh: 12 Nollaig 2021 an dáta nua, agus beagnach bliain iomlán níos lú ullmhúcháin.

Finn2

• Louis Mapou (FLNKS), Uachtarán na Nua-Chaladóine/Canacaí

“Conas ar féidir a chosaint, ag an nóiméad is cinniúnaí i stair na tíre, go bhfuilimid á bhrostú?” Sin a bhí le rá ag ceannaire de chuid an FLNKS Louis Mapou, sular cheapadh mar Uachtarán é ina dhiaidh.

Dílseoirí a d’iarr an dáta luath seo ag comhráití i bPáras, agus rialtas na Fraince a ghlac an cinneadh, gan éisteacht a thabhairt do ghearáin na náisiúnaithe.

Cosúil le Stát-Rúnaí Shasana i gcás Chomhaontú Aoine an Chéasta, tá ról ró-chumhachtach ag Aire Pháras do ‘Thar Sáile’ na Fraince, Sébastien Lecornu, mar cheannasaí “neamh-chlaonta” ar an bpróiseas, Aire atá gach aon orlach chomh “neamh-chlaonta” le Brandon Lewis. Is léir go mba ar mhaithe leis an ngaoth a bhaint as seolta na saoirse a glacadh an cinneadh seo.

Ar an drochuair, ní conradh idirnáisiúnta ilpháirtíoch atá i gComhaontú Nouméa, ach geallúint inmheánach ó rialtas na Fraince, agus níl glór i Washington nó sa Bhruiséal chun troid ar a son Chanacaí.

Mar sin, cé gur léirigh siad díomá, glacfaidh siad páirt sa reifreann i mí na Nollag, agus níos lú ama acu an cás a dhéanamh ar son an neamhspleáchais ná mar a bhíodar ag súil. Tá na Francaigh ag tapadh an deis ‘Project Fear’ a chur ar bhun chun éiginnteacht a chothú i leith thodhchaí eacnamaíochta agus geopholaitiúla i gCanacaí neamhspleách.

Tá taithí againn féin ar an bplé a bhaineann le Blochdeontais. Deir dílseoirí nach mhairfeadh Canacaí gan an €1.25 billiúin sa bhliain a thagann ón Fhrainc, ach deir náisiúnaí gur suim i bhfad níos lú toisc go bhfuil státchiste Chanacaí ag íoc timpeall billiúin as lúb ar láir cánach do chorparáidí ilnáisiúnta. 

Cibé acu is fíor, is minic go mbíonn ard-chostais ag baint le ‘bronntanas’ dá shórt. Ní ar bhun carthanachta atá smacht ag an Fhrainc ar an oileán is saibhre ar domhan de réir acmhainní nicil, bunáit straitéiseach míleata lena mbaineann ról i slándáil an Aigéin Chiúin agus limistéar eisiach eacnamaíochta mór millteach lán d’éisc agus d’acmhainní eile.

Seachas an lámh in uachtar a fháil thar na náisiúnaithe ó thaobh ama de, nochtann an cleasaíocht dáta comhartha laige suntasach faoi na Francaigh: tá faitíos orthu.

Agus ní haon ionadh go bhfuil. Idir reifrinn 2018 agus 2020, d’iompaigh scata neamh-dhúchasach ón “non” go “oui”. Feictear gur thit líon na gCaldoches sa daonra ó 27% i 2014 go 24% i 2019 toisc eisimirce, agus tháinig méadú ar líon na gKanakaigh don chéad uair ó 1988 sa tréimhse céanna go 41%. 

Tharla bua síceolaíoch agus polaitiúil eile i mí Iúil, nuair a toghadh tíreolaí Marxach, Louis Mapou, mar Uachtarán ar Chanacaí – an chéad náisiúnach a ghlac an ról seo ó Chomhaontú Nouméa. Dhiúltaigh dílseoirí Leas-Uachtarán a ainmniú chun comhrialtas a bhunú toisc a náire roimh ról den dara ghrád a ghlacadh, léiriú ar an bhfuath a bheadh acu roimh stát Kanak neamhspleách. Fágann sé sin rialtas lán-náisiúnach i gceannas ag teacht suas don reifreann áfach, agus dáinséar go mbeidh normalú an féin-riail mar thoradh ar cheanndánacht na ndílseoirí.

Ní chuirfidh sé sin stop leis an Fhrainc áfach má tá tuilleadh cleasaíocht folaigh i gceist acu, nó más mian leo smacht a choimeád ar Chanacaí mar atá acu ar a lán iar-choilíneachtaí ‘neamhspleácha’ eile. Ní mór dúinn súil géar a choimeád ar an scéal, chun féin-chinniúint na gKanakaigh a chosaint, ach freisin chun a bheith ullamh do chleasaíocht den chineál céanna ó Londain inár gcás féin.

Eoghan Finn  CúntóirParlamainte I dTeach Laighean

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland