Top Issue 1-2024

20 May 2021 Edition

Resize: A A A Print

Stát 'dátheangach' nach féidir Bille nua Teanga a achtú i gceart: Béalghrá, áiféal agus moilleadóireacht sa Choiste Gaeilge Dála

• Aengus Ó Snodaigh TD

Is i ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin, ach is minic nach mbíonn fágtha ach fothrach.

Nuair a thosaigh mé sa phost seo mí Iúil seo caite i mo chúntóir parlaiminte ag Aengus Ó Snodaigh TD, urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, caithfidh go raibh mé rud beag soineanta.

Thuig mé, dar ndóighe, go mbeadh sé deacair tabhairt faoin obair Dála trí Ghaeilge – níl na tacaíochtaí céanna ar fáil do Ghaeilgeoirí i dTithe an Oireachtais in ainneoin stádas bunreachtúil na teanga – ach níor thuig mé ag an staid sin go bhféadfadh sé a bheith chomh tubaisteach is atá.

Ceacht mór foghlamtha domsa mar sin a bhí san obair a bhain le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 atá ag dul tríd an Dáil fós. Níl mórán tráchta ar an mBille seo sna meáin, go háirithe i gcomparáid leis an streachailt fhuinniúil ar son Acht Gaeilge ó Thuaidh, ach is í an reachtaíocht is tábhachtaí teanga sna 26 Contae ónar reachtaíodh an Bille i 2003.

Fógraíodh sa bhliain 2011 go raibh bille nua ag teastáil, toisc gur aithin an rialtas nua go raibh teipthe go hiomlán ag Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, a thug an iomarca solúbthacht do chomhlachtaí poiblí éalú óna ndualgais i leith na teanga agus a d’fhág cearta teanga ar lár. Anuas ar sin, fuair rialtais Fhianna Fáil agus Fhine Gael réidh le riachtanais Gaeilge ina lán postanna stáit (féach sampla na nGardaí), agus rinneadh ciorruithe suntasacha ar mhaoiniú na seirbhísí Gaeilge.

Léirigh taighde scanrúil, dá leanfaí rudaí ag dul in olcas, go dtiocfaidh deireadh leis an nGaeilge mar theanga labhartha pobail, go fiú sna ceantair is láidre Gaeltachta, faoin mbliain 2027.

D’aithin Teachtaí as gach páirtí go raibh géarghá le hathruithe suntasacha, agus thug siad faoi imscrúdú réamh-reachtaíochta a dhéanamh ar an mbille nua a bhí molta. Rinne dhá choiste oireachtais éagsúla – rud as an gnách – imscrúdú réamh-reachtaíochta ar an mbille, agus tháinig 54 moladh éagsúla ina n-iomlán as an dá choiste sin tar éis comhchomhairle chuimsitheach a dhéanamh ar an phobal.

Bhí roinnt daoine ag gearán faoin fad ama ar bhain leis na himscrúduithe go léir, ach dúradh gurb ar mhaithe le moltaí indéanta agus uaillmhianacha a chur chun cinn a bhí an mhoill, agus cuireadh obair go leor isteach sna spriocanna tras-pháirtí seo.

Bhí iontas ar gach duine mar sin nuair a d’fhoilsigh an tAire Stáit Seán Kyne Bille na dTeangacha Oifigiúla roimh Nollaig 2019, agus neamhaird déanta inti ar na moltaí seo ar fad. Cháin Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas an Bille go mór agus gheall siad go gcuirfeadh siad bille i bhfad Éireann níos láidre chun cinn agus iad sa rialtas.

Finn 2

• Jack Chambers

Fast-forward mar sin go dtí mí Dheireadh an Fhómhair 2020, beagnach bliain níos déanaí agus toghchán thart, agus ba bheag nár thit an t-anam de phobal na Gaeilge (nó iad siúd a bhí ag léiriú suim sa reachtaíocht ar a laghad!) nuair a tháinig an tAire Stáit nua Gaeltachta de chuid Fhianna Fáil, Jack Chambers, ar ais chun na Dála leis an mBille ceannann céanna.

Ní raibh ansin ach tús an áiféala, áfach. 

Tar éis don díospóireacht ag an Dara Chéim, sheol an Dáil an Bille chuig an gCoiste mícheart, toisc botún a rinne an Príomh-Aoire (cé eile ach an t-Aire Chambers arís – tá roinnt rólanna aige). Is cosúil nár thug sé faoi deara an difríocht idir an coiste a scrúdaíonn obair na Roinne sin go ginearálta – an Coiste um na Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht, nach bhfuil aon duine le Gaeilge acu air fiú – agus Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobail Labhartha na Gaeilge, a bhí ceaptha an Bille a scrúdú.

Botún simplí, áfach, agus ní raibh le déanamh ach rún Dála a chur go sciobtha len é a réiteach, ach bhain sé mí as Chambers a dhéanamh, rud a chur go mór leis an moill (cé go raibh sé tar éis geallúint, nó tar éis a bheith ag maíomh, do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta, go mbeadh sé achtaithe roimh Nollaig 2020). 

Agus muid go léir ag fanacht le Chambers, chuir aíonna saineolacha in iúl don Choiste Gaeilge an méid a bhí de dhíth sa mBille ar fad. Spriocdhátaí daingean, níos mó cumhacht ag an gCoimisinéir Teanga, foclaíocht níos láidre, ionadaíocht don phobal teanga ar an gCoiste Comhairleach molta chun seirbhísí Gaeilge a phleanáil, agus cinnteacht go mbeadh seirbhísí stáit ar fáil as Gaeilge sa Ghaeltacht mar a gealladh beagnach 100 bliain ó shin. Sin a bhí á lorg ag an gCoimisinéir féin, Conradh na Gaeilge, Foras na Gaeilge, agus in aighneachtaí eile ón phobal teanga.

Toisc gur Acht dátheangach a raibh á leasú againn, bhí an deis againn leasuithe a chur as Gaeilge nó as Béarla, rud nach dtugtar cead dúinn a dhéanamh de ghnáth. Seachas na billí gairid reifrinn, is i mBéarla amháin a mbíonn billí, agus dá réir is i mBéarla amháin a gceadaítear aon leasuithe. 

Bhí sé de phribhléid agamsa scata mór leasuithe cuimsitheacha a chur le chéile le hAengus bunaithe ar an méid a bhí curtha chun cinn ag na coistí cheana féin, in aighneachtaí an phobail, trí dhea-chleachtais i dtíortha dátheangacha eile a scrúdú, agus trí féachaint siar ar dhíospóireachtaí 2003 ina raibh rabhadh tugtha ag Aengus ag an am go dtarlódh fadhbanna mar a thit siad amach ó shin.

Thuig muid go mbeadh brú níos mó i gceist don chóras toisc aistriúchán a bheith riachtanach sa chás seo, ach thug Oifig na mBillí spriocdháta dúinn agus bhí siad go léir curtha againn beagnach coicís roimh ré.

Baineadh preab asam mar sin nuair a fuair mé glaoch ó Aengus maidin amháin agus mé ag obair sa bhaile, ag rá “A Eoghain, cad atá déanta agat?! Tá an Bille curtha ar ceal agus is ortsa atá an locht!” Ag magadh a bhí, ach ní hábhar gáire a bhí ann i ndáiríre – bhí Céim an Choiste curtha ar athló go dtí deireadh mí Eanáir toisc nach raibh an córas in ann leasuithe na Teachtaí go léir – os 308 ar an iomlán – a phróiseáil in am dá spriocdháta féin. Bhí breis is 200 curtha isteach agam in ainm Aengus agus roinnt de theachtaí eile ag Sinn Féin. 

Theip ar pharlaimint stáit “dátheangach” bille a reáchtáil toisc é a bheith dátheangach. Léiriú náireach nach bhfuil sa dátheangachas oifigiúil ach béalghrá.

Níor tháinig feabhas ar chúrsaí in Eanáir 2021 ach oiread nuair a dícheadaíodh trian de na leasuithe – cinn a bhain le hoideachas, craolachán, comharthaí bóithre, seirbhísí bainc, fónta agus sláinte, srl. – toisc iad a bheith lasmuigh de “scóip” an Bhille – scóip nua nach raibh feicthe againn go dtí sin – nó ag cur an iomarca costais ar an státchiste, fiú cinn nach raibh costas breise i gceist leo.

Níor thuig comhaltaí, ó pháirtithe éagsúla, cén fáth, tar éis a lán oibre a chur isteach iontu, nár ceadaíodh na leasuithe seo. Níor ghéill an Ceann Comhairle nuair a ardaíodh raic.

Ní sin a rá gur éirigh níos fearr leis na leasuithe a bhí ceadaithe áfach. Ba léir ó thús nach raibh suim dá laghad ag Chambers glacadh le leasú ar bith ón bhfreasúra nó fiú ó chúlbhinseoirí a rialtas féin.

Go fiú as na leasuithe a gheall an tAire, níor chuir sé na cinn is suntasaí – ar nós an sprioc fógartha go mbeadh Gaeilge ag 20% dóibh siúd earcaithe don státseirbhís ó 2030 ar aghaidh – agus fiú na cinn a bhí curtha aige, tarraingíodh siar toisc gur léiríodh sa phléchoiste go raibh siad lochtach.

Bhain sé trí mhí as Chambers gach leasú a dhiúltú, agus bhí sé deacair gan a bheith in ísle brí mar gheall ar an neamhshuim a léirigh sé sa díospóireacht agus é ag iarraidh rudaí a bhrostú.

Óna chríochnaíodh Céim an Choiste, ní léir go fóill cathain a thiocfaidh an Bille ar ais os comhar na Dála. Seachas cumhacht amháin breise don Choimisinéir Teanga (ceart faireacháin a dhéanamh ar chomhlíonadh dualgais teanga in achtanna seachas Acht 2003), níl mórán feabhas tagtha ar an mBille ó 2019. Ní léir fós cad atá i gceist sna “Caighdeáin” nua a dtiocfaidh in áit scéimeanna teanga do chomhlachtaí poiblí faoi láthair, in ainneoin gealltanais go mbeadh dréacht-chaighdeán foilsithe roimh thús na Nollag seo caite. Seans go mbeidh comhlachtaí poiblí  in ann cibé dualgas atá leagtha síos a sheachaint, mar atá déanta ag an nGarda Síochána le deich mbliana anuas. 

An dlí atá ann i ndáiríre más féidir é a bhriseadh gan pionós? Seans nach bhfuil sa dlí ach fothrach. ⊟

Eoghan Finn - Cúntóir Parlaiminte i dTeach Laighean

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland