Top Issue 1-2024

24 August 2021

Resize: A A A Print

Oidhreacht 1981

Sean-nath é le rá go raibh foghlaim agus cur chun cinn na Gaeilge mar chuid den eispéireas ag cimí poblachtánacha ó thús an chéid seo chaite ar aghaidh. B’fhéidir do chuid dóibh siúd a tháinig fríd an chóras phríosúin sin gur caitheamh aimsire a bhíodh ann. Ach don tromlach bhí an teanga i bhfad Éireann níos tábhachtaí ná sin.

Cosúil le go leor leaids óga ó ghach chearn den tuaisceart, d’fhoghlaim mé féin Gaeilge ar scoil agus d’fhreastal mé ar scoil samhraidh Ghaeltachta i dTír Chonaill. Ach ag tuirlingt isteach i Long Kesh bliain ina dhiaidh sin agus isteach sna Blocanna H roinnt blianta ina dhiaidh sin arís, tháinig peirspictíocht difriúil ar an teanga domh.

Hunger Strike 40th ann logo

Bhí Údarais an Phríosúin diongbháilte go mbeadh Cimí Poblachtánacha ag cloí leis an chóras ‘criminalisation’ a chum siad dúinn. Bhí na cimí daingean nach mbeadh siad sásta geilleadh dá leithead.

Mar chuid den chomhraic sna príosúin, d’eascair foghlaim agus labhairt na Gaeilge mar ghné lárnach againn agus muid ag forbairt féin-mhuinín agus ‘Éireannachas’ dúinn féin, go háirithe ar ‘Agóid na Pluide’.

I bhfírinne, bhí an teanga chomh tábhachtach sin do na cimí gur fhoghlaim tromlach na bhfear í go leibhéal nach íseal. Bhí siad ábalta bun-chomhra ‘dhéanamh, cinn-línte nuachta a rá agus ‘thuiscint agus caint ‘dhéanamh amach ar thaobh a’ dorais le linn an lae agus san oíche.

Muise, nuair a chríochnaigh tréimhse na n-agóidí agus fáil ag na cimí ar áiseanna oideachais an phríosúin, bhain chóir a bheith trian dúinn GCSE agus A-Leibhéal amach taobh istigh de roinnt míonna.

Bhí labhairt na Gaeilge ag ochtar den deichniúr a chaill muid ar an Stailc.

Prison Comm

Ach níos tábhachtaí arís, taobh amuigh den phríosúin, spreag fulaingt agus íobairt na gcímí glúin eile le suim a chur sa teanga, chan mar chaitheamh aimsire, ach mar modh cumarsáide. Agus daoine fásta ag tosnú amach ar fhoghlaim na Gaeilge mar rogha s’acu féin, d’amharc siad ar an teanga mar chuid d’fhéiniúlacht Éireannachais, go háirithe sna sé chontae, rud a bhí in easnamh orthu.

Bhí sciar daoine eile chomh maith agus iad den bharúil, os rud é go raibh na cimí ábalta á fhoghlaim agus á labhairt istigh sna dungeons agus gan áiseanna dá laghad ar fáil, thiocfadh leo siúd an iarracht a dhéanamh.

Le scaoileadh saor na gcímí sna luath ‘80í, chuaigh cuid acu i mbun oibre ag bunú córais ghaeloideachais. I dtús báire, le naíscoileanna ar fud Bhéal Feirste, Doire agus i gcéin. D’éirigh imreas leis an CCMA agus iad den bharúil gur chóir dóibh smacht a choinneáil ar oideachas na bpáistí inár gceantairsa. Ach d’fhás an córas ina n-ainneoin.

H Blocks

D’fhill dream againn ar ais ar an phríosún agus cé gur troid a bhí ann, lá i ndiaidh lae, mar gheall ar an teilifís agus na ‘Distractions’ uilig a bhí ar fáil do na cimí anois, rinne muid sár-iarracht an teanga ‘athmhuscailt sna Blocanna agus bhunaigh muid dhá sciathan lán-Ghaeilge sna lár ‘90í.

Leis an sos comhraic agus deireadh an chogaidh, le scaoileadh saor na gcimí agus an ‘Ré Úr’ le Comhaontú Aoine a’ Chéasta, d’oscail an tsochaí ar dhóigh nach samhlófaí go dtí seo agus áit an Ghaeloideachais anois aitheanta agus cosanta. 

Tá bealach le taistil ag pobal na Gaeilge go fóill i dtaca le cearta agus idirdhealú ach tá muinín agus acmhainn ag glúin úr óg eile chun an teanga a thabhairt chuig leibhéal eile. 

Leibhéal nach samhlófaí sna laetha dorcha sin de 1981

Tiocfaidh ár lá

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland