Top Issue 1-2024

18 February 2021 Edition

Resize: A A A Print

Iniúchadh ar Choireanna Cogaidh Iosrael ag Cúirt Coiriúil Idirnáisiúnta

Tugadh le fios go ndéanfar coireanna cogaidh Iosrael i gcríocha na Palaistíne faoi fhorghabháil a iniúchadh ag an Chúirt Coiriúil Idirnáisiúnta don chéad uair.

Baineadh an constaic deiridh roimh iniúchadh na Cúirte nuair a fógraíodh an 5 Feabhra gur ghlac CCI le hiarratas an Phríomh-Ionchúisitheora Fatou Bensouda imeachtaí dlí a thionscamh i gcoinne Iosrael maidir leis an Bhruach Thiar agus an Stráice Gaza.

I mí na Nollag 2019 chinntigh Príomh-Ionchúisitheoir Bensouda gur leor torthaí tosaigh na cúirte a rinneadh tar éis scrúdú cúig bliana chun fiosrúchán a bhunú ar choireanna cogaidh a rinne Iosrael sna críocha faoi fhorghabháil agus go raibh dlínse ag an chúirt sa chás.

Chuir Ambasadóir na Palaistíne fáilte roimh fhógra CII agus dúirt sí leis An Phoblacht go gcuireann Stát na Palaistíne fáilte roimh an chinneadh maidir le dlínse ó CII: “Leis an chinneadh seo féadann fiosrúcháin maidir le coireanna cogaidh de chuid Iosrael tosú anoois”.

“Ní cinneadh polaitiúl é cinneadh an CCI agus tá meas ag an Phailistín ar an seasamh neamhspleách atá acu. Táimid diongbháilte ar chomhoibriú a bhainfidh amach ceart agus cóir don mhuintir ‘s againne. Cuirfear le cultúr na síochána domhanda trí dheireadh a chur leis an chultúr sin go bhfuil daoine áirithe  saor ó phionós. rud a neartóidh meas ar an dlí idirnáisiúnta. Tarlóidh seo uilig i gcomhpháirt lenár dtiomantas do chomhréiteach bunaithe ar an dá Stát a bhaint amach trí mhodhanna síochánta amháin. 

“Ní bheadh deireadh go deo leis an diansmacht agus an lámh láidir a imrítear ar chearta na bPailistíneach agus an sarú ar an dlí idirnáisíunta gan an grinnscrúdú seo”. 

Mhol Príomh Aire Údarás na Palaistíne an cinneadh ag rá gur “bua a bhí ann don fhírinne, don chóir agus don tsaoirse agus don fhuil a doirteadh go nuige seo” dar leis an foras nuachta oifigiúil Wafa.

Chuir Hamas fáilte roimh an chinneadh fosta ag rá “gur cóir aon chinneadh a chuireann le cearta mhuintir na Palaistíne a neartú agus a gcuid saoirse a chosaint”.

Fanann muintir na Pailistíne ar an lá a dtiocfaidh deireadh leis an fhorghabháil agus a gcuirfear an dlí ar na ceannairí uirthi as a gcuid coireanna. Baintear úsáid as achan bealach chun deireadh a chur le sceoin Síonach agus coireanna i gcoinne mhuintir na Palaistíne. 

palestine 4

Ar an lámh eile cháin Benjamin Nentanyahu Príomh Aire Iosrael an cinneadh ag tabhairt faoin Chúirt agus ag cur frith-Ghiúdachas ina leith agus thug le fios go gcuirfear ina choinne.

“Nuair a dhéanann CII fiosrúcháin maidir le coireanna cogaidh gan bhunús, frith-Ghiúdachas amach is amach é” a dúirt Netanyahu, agus é ar buile ar fhíseán Béarla eisithe ag a oifig.

Chuir CII tús lena chuid fiosrúchán i 2015 sna seachtainí tar éis d’Uachtarán na Palaistíne Mahmoud Abbas a lámh a chur leis an reacht maidir le CII a aithint. Grinnscrúdú ceart ar Údarás na Pailistíne agus Hamas agus ar Iosrael araon ba thoradh leis an reacht sin.

Cé gur ar ionsaí Iosrael ar Gaza i 2014 nuair a maraíodh os cionn 2000 Pailistíneach le 50 lá is mó is cúis leis, is dócha go ndéanfaidh an chúirt gníomhartha Iosrael ar an Bhruach Thiar agus Iorúsalem Thoir a fhiosrú.

Is dóichí fós go bhfiosrófar marú os cionn 2000 Palaistíneach, 40 leanbh ina measc, ag léirsiú taobh le teorainn Gaza i rith na tréimhse a dtugann na Pailistínigh Mórshiúil Fillte air. Rud a thosaigh i 2018 théadh léirsitheoirí Palaistíneacha ar mhórshiúil gach Aoine chuig an chloí slándála ar theorainn Gaza/Iosrael ag éileamh a gceart ar a bhfód dúchais a goideadh uathu i 1948 agus atá faoi sheilbh ó shin i leith. Ba mhinic a rinneadh ionsaí orthu le pilléir gás deora agus uirlisí eile a mharaigh agus a ghortaigh go leor léirseoirí nach raibh armtha.

Fosta déanann Bensouda amach go bhfuil bunús ann go ndearna údaráis Iosrael coireanna cogaidh trí shaoránaigh Iosraelacha a bhogadh isteach chuig na Bhruach Thiar le cur fúthu i lonnrachtaí. Dar leis na Cheathrú Coinbhinsiún Ginéava tá sé neamhdhleathach do chumhacht forghabhála cuid dá phobal féin a aistriú chuig na críocha atá á bhforghabháil aige. Ciallaíonn seo go gcoisceann an dlí idirnáisiúnta daonna lonnaíochtaí a bhunú, mar is ionann seo agus aistriú pobail chuig críocha faoi fhorghabháil.

Tá rialú seo na Cúirte ina bhuille mór do Rialtas Iosrael nach gcreideann go bhfuil dlínse ag an chúirt ar an Bhruach Thiar faoi Fhorghabháil nó in Gaza.  

Ó mhí Eanáir 2015, tráth ar fhógair CII don chéad uair go ndéanfar coireanna cogaidh a bhaineann le hIosrael a fhiosrú, tá feachtas bolscaireachta agus taidhleoireachta ar bun ag Rialtas Iosrael ag cur in a leith gur cuid de bhaicle frith-Iosraelach é agus go dtugann sé cead a gcinn do sceimhlitheoirí.

Ó rinneadh an rialú i mí na Nollag 2019, áfach, tháinig borradh faoi fhrith-ionsaí Iosrael. Sa bhliain 2020 chuir Rialtas Trump smachtbhannaí ar oifigigh de chuid CII, lena n-áirítear ceadúnas iontrála Bensouda a chealú, mar fhreagra ar iarrachtaí na Cúirte saighdiúirí Meirceánacha a ionchúisiú as a gcuid gníomhartha san Afganastáin.

palestine 3

Ní aithníonn SAM dlínse na Cúirte ach oiread. Ag an am dúirt an Stát Rúnaí a bhí, Mike Pompeo, gur díoltas ab ea na smachtbhannaí ar fhiosrúcháin maidir le SAM, Iosrael agus a gcuid comhghuailleachtaí.

Idir an dá linn i Meirceá thug oifigeach de chuid na Roinne Stáit nach dóigh leo gur Stát dlisteanach na Palaistínigh agus dá réir seo nach bhfuil siad i dteideal ballraíocht a bhaint amach mar stát no páirt a ghlacadh mar stát in eagraíochtaí, comhlachtaí nó comhdhálacha idirnáisiúnta, lena n-áirítear 

Ábhar imní dúinn iarrachtaí CII a dlínse a fheidhmiú ar phearsanra de chuid Iosrael, a dúirt sé.

Mar gheall gur daoine seachas tíortha a ionchúisítear, seans go gciallaíonn an rialú go mbeidh Netanyahu agus ceannairí míleata sinsireacha freagrach as gníomhartha Arm Iosrael in Gaza agus sa Bhruach Thiar.

“Is maith an cinneadh é mar ciallaíonn sé nach ngéillfidh CII don imeaglú maidir le líomhaintí i leith tíortha atá faoi chosaint ag córad an Domhain Thiar” dar le Richard Falk, ollamh mór le rá leis an dlí idirnáisiúnta, agus é ag trácht ar Iosrael.

Ag leanúint leis dúirt Falk: “Níl amhras ar bith orm leis an oiread sin faisnéise agus finneithe incrediúnaithe go dtiocfaidh díotálacha, ciontuithe agus barántais ghabhála”.

Dar le fiosrúcháin tosaigh CII tá Netanyahu mar aon le  hoifigigh, polaiteoirí agus ceannairí míleata Arm Iosrael ciontach a deir sé.

Aistrithe ag Séamus Mac Floinn

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland