Top Issue 1-2024

18 February 2021 Edition

Resize: A A A Print

Cá bhfuil triail na Gaeilge in Éirinn Athaontaithe?

• Dubhghlas De hÍde

Tá an comhrá fá athaontú na hÉireann idir camánaibh anois ar bhealach nach raibh roimhe. Tá na buntáistí geilleagrach a chothódh Éire aontaithe mar chuid lárnach den chomhrá sin, cuid ríthábhachtach den chomhrá gan amhras.

Tá an comhrá fá chosaint a thabhairt d’fhéiniúlachtaí ar siúl chomh maith, an fhéiniúlacht Bhriotanach i dtosach. Leoga, níl trácht ann fán fhéiniúlacht Ghaelach a chosaint san Éirinn nua seo. Tá sé léirithe le tréimhse bhlianta anois nach bhfuil daoine dall ar an Ghaeilge agus an tábhacht a ghabhann léi. 

Tréimhse chorraitheach atá amach romhainn, tréimhse na cinniúna mar a ndúirt ár dtaoiseach Mary Lou le gairid. Leoga, sa chaint ar fad atá cluinte agam, is beag caint fán seod is luachmhara. Níl tuairisc feicthe agam ag aon ollamh faoi ná caint dá laghad sna meáin faoi. Is sin, cá mbeidh an Ghaeilge in Éirinn Aontaithe. D’fhéadfá an cheist a chur ar bhealach eile, cá mbeidh Éire Aontaithe gan an Ghaeilge?

Is í an tseoid is luachmhara atá againn ar chupla chúis. Tugann sí léargas dúinn ar an tír mar a bhí agus beireann sí bealach chun tosaigh dúinn le rudaí a cheartú. Tagraíonn sinne uilig fán athmhuintearas agus an dá phobal agus an pobal nua a thabhairt le chéile sa Bhéarla. Fairíor, sa Ghaeilge, níl againn ach ‘pobal’ amháin, is sinne uilig le chéile gan deighilt eadrainn. Tugann sí spléachadh dúinn ar shochaí agus modh maireachtála ársa ach na rudaí is dlúithe dúinn uilig istigh inti. Cuireann sé a shamhail ar radharc agus ghleanntán na tíre, tá sí ionainn. 

D’fhéadfaimis feidhm a bhaint di le hathmhuintearas a chothú sa tír seo. Tá an obair seo ar siúl ag Poblachtánaithe le fada, ach tá scuaid misniúil fá Oirthear Bhéal Feirste le gairid tosaithe ar an aistear sin acu. Dream nach shílfeá a bheadh na ‘fadúdas’ nó na ‘cad é mar atá tú’s’ ar siúl acu riamh. Gléas atá inti an pobal ó thuaidh a thabhairt le chéile cinnte, ach níos tábhachtaí arís, an pobal thuaidh agus theas a thabhairt le chéile.

Gaeilge 2

An Grúpa Turas ó Oirthear Bhéal Feirste i mBaile Átha Cliath leis an Ardmhéara Mícheál Mac Donncha i 2018

Tá togra pobail ar siúl ag an dream seo in Oirthear Bhéal Feirste. Sa bhliain 2021, chuir siad Cumann Lúth Chleas Gael ar an fhód, leoga ní hea an chéad Chlub CLG fá Oirthear Bhéal Feirste é. Tá an Ghaeilge agus an cultúr á thabhairt daoine le chéile anseo. Tchítear don phobal i gcéin go dtí sinne uilig dul chuig an aon tobar amháin agus féiniúlacht choitinn againn. Tá sí ann d’achan duine ar an oileán seo. Má roinneann muid an t-oileán seo, roinnfidh muid an teanga inti.

Thuig Poblachtaigh ariamh gurb í an uirlis is fearr le díchoilíniú a dhéanamh ar ár gcuid intinní. Ná déanaimis dearmad nach de thaisme nach bhfuil sí i mbéal an aois óig, cé gur sean an tagairt, is ábhartha é le cur chuige rialtas na Breataine i leith an chultúir Ghaelaigh a thabhairt chun cuimhne. Is éard a leanas na ráiteas a thángthas air ag léamh domh le gairid fán Chóras Oideachais in Éirinn ó bhunú na scoileanna náisiúnta in 1831 a fhad le 1981,  duine de na coimisinéirí ar na scoileanna náisiúnta in 1904 ag litir dó le Dubhghlas De hÍde: “I will use all my influence, as in the past, to ensure that Irish as a spoken language shall die out as quickly as possible.” Thuig na Briotánaigh riamh anall gurb é scriosadh na teangaidh agus scriosadh meon na ndaoine, rud a chleacht siad níos faide i gcéin san India agus áiteacha nach é.

Níor chuala cuid daoine iomrá  fán phróiseas córasach a tharla an Ghaeilge a ruaigeadh de chaint agus sochaí na ndaoine, tá géarghá an comhrá seo a bheith mar chuid den dioscúrsa fá Éirinn Aontaithe.

Gaeilge 3

Is práinneach ná riamh go dtugann muid aird agus fuinneamh ceart ar na ceantracha Gaeltachta Thuaidh agus Theas beag beann ar an neamart agus aineolas ar léirigh Fine Gael agus Fianna Fáil ar an Ghaeilge agus na ceantracha seo le céad bliain anuas. Is tábhachtach a chuimhneamh i gcónaí nach ceist teanga amháin atá ann, ceist shóisialta atá ann chomh maith. Is ríthábhachtach ná riamh neamart a dhéanamh d’ionsaithe an DUP agus grúpaí nach iad fán Ghaeilge agus fá lucht labhartha na teanga. Léiríodh muid ár bhfreagra trí Ghaeilge bhreá a theacht uainn. Ní thabharfaidh muid athbheochan na teanga i gcrích mura gcuireann muid léi a fhoghlaim. 

Beireann an dioscúrsa nua seo fá Éirinn Aontaithe deis amháin eile dúinn an athghabháil féiniúlachta agus cultúrtha a chur i lár an chomhrá. Is cinnte go mbeidh cur chuige náisiúnta i leith earnáil na Gaelscolaíochta mar uirlis na hathbheochana agus na ceantracha Gaeltachta chun socair na teanga. Tá léirithe ag na páirtithe eile Thuaidh agus Theas an neamart agus uaireanta naimhdeas atá acu don teanga, tá rialtas náisiúnta a dhíobháil le straitéis agus fís cheart a leagan amach d’athbheochan na Gaeilge.

Ní hionann naimhdeas agus cur i gcoinne poiblí i gcónaí, is leor neamart uaireanta. Mar sin féin, nuair a phléann muid anois ceist Éireann Aontaithe agus an togra againn tosaithe léi a bhaint amach, déanaimis an Ghaeilge a lárnú sa chomhrá. Déanaimis í a fhoghlaim. Mar a dúirt Ó Cadháin tráth:

“Is í an Ghaeilge athghabháil na hÉireann, agus is í athghabháil na hÉireann slánú na Gaeilge” 

Cónall Ó Corra – Oifigeach Náisiúnta Gaeilge Shinn Féin

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland