Top Issue 1-2024

9 June 2021

Resize: A A A Print

Canathaobh go bhfuil gá le Pleanáil Teanga?

Is Oifigeach Pleanála Teanga mé le Tobar Dhuibhne, in Iarthar Duibhneach, Co. Chiarraí. Áit a bhfuil cáil uirthi ar fud na cruinne dá radharcanna suntasacha, dá traidisiún láidir caide agus dá teanga féin: an Ghaelainn. Ceistítear mé go mion minic ar an saghas oibre a bhíonn ar bun agam mar chuid den bpleanáil teanga. Deinfead blaisín dem’ tháithí a roinnt leat ar an leathanach seo ar a mbíonn ar bun agam le Tobar Dhuibhne, ach ar dtúis, tá ceist nó dhó le freagairt agam duit.

Fiafraítear díom i gcónaí canathaobh go bhfuil gá le pleanáil teanga a bheith ann sa Ghaeltacht?

A léitheoir uasail, ní raibh gá chomh mór riamh i stair an chine daonna chun tacaíocht a thabhairt do theangacha mionlaithe ná mar atá anois. 

Is beag leithscéal atá ann gan pleanáil teanga a dhéanamh sa Ghaeltacht, leis an oiread eolais agus feasachta atá déanta. Is eol go forleathan an baol atá ann do theangacha ina bhfuil líon a gcainteoirí dúchasacha ag titim, agus taispeánann gach aon taighde agus saineolas gur feiniméin iad seo a dhéanfadh díobháil d’fhorbairt an chine daonna agus do shaibhreas is éagsúlacht an domhain. Bagraíonn straitéisí an anglalárnachais agus éigeartas teanga ar phobail theangacha mionlaithe, agus cuireann siad brú neamh-chomhfhiosach ar chainteoirí a dteangacha a thréigeant beagán ar bheagán. 

Cuirtear seo i gcomhthéacs an meon fabharach, ar an iomlán, atá ag muintir na hÉireann i leith na Gaelainne. Ní mór an deis a thapú anois, agus an dearcadh dearfach san a aistriú go gníomh - go labhairt, go húsáid agus go seachadadh na Gaelainne go dtí glúnta eile.
Nuair a thagann an crú ar an tairne, ní mór gníomhú. 

   

Pleanáil Teanga ar bonn náisiúnta

Ó tugadh bonn reachtúil d’Acht na Gaeltachta, 2012, tosnaíodh ar chóras pleanála teanga a thabhairt isteach diaidh ar ndiaidh ar fud na hÉireann. Aithníodh 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, 15 Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus 5 Líonraí Gaeilge. Bíonn an dualgas ar na pobail seo pleananna teanga a scríobh dóibh féin, agus iad ceadaithe ag an Stát, ceaptar Pleanálaí Teanga chun an plean a fheidhmniú. 

An sprioc a bhíonn le haon Phlean Teanga ná chun líon na gcainteoirí laethúla Gaelainne sa cheantar a ardú. I gCorca Dhuibhne, mar shampla, tá daonra de 6,948 ann le 2,927 duine ina gcainteoirí laethúla Gaelainne de réir Daonáirimh 2016. An sprioc atá ag Tobar Dhuibhne ná lucht labhartha laethúil na Gaelainne a ardú fé 5% fé dheireadh ár seacht mbliana den bPlean. Dúshlán mór a bheidh ann nuair a fhéachtar ar laghdú na bhfigiúrí céanna le tamall agus an treocht atá ann le fada, gan trácht ar chúrsaí paindéime agus eisimirce. Ní fhéadfaí teacht ar obair níos tábhachtaí áfach, agus is le fonn is fuinneamh a thugann Tobar Dhuibhne féna gcúraimí. 

   

Tobar Dhuibhne - an obair í féin

Is obair ana leathan é post an Oifigigh Pleanála Teanga. Ar lá amháin, d’fhéadfá rith ó Scéim Ghnó a eagrú chun feiceálacht na Gaelainne a ardú i mbialanna áitiúla, go tacú le Cumann Spóirt áitiúil le meantóireacht agus téarmaíocht teangan. Bheifeá ag éileamh ar sheirbhísí áitiúla a bheith as Gaelainn, agus caol díreach ina dhaidh ag tabhairt cuairteanna ar na scoileanna ar fad le comórtaisí, féiríní agus áiseanna chun an teanga a spreagadh ar an dtalamh. Tá beirt againn ag obair le Tobar Dhuibhne, agus cuirimid ana bhéim ar an óige agus ar na rudaí is dearfaí agus is tarraingtí mar gheall ar an nGaelainn sa Ghaeltacht. Is leis an bpobal a mbíonn tú ag obair, agus caitheann tú chur ina luí ar mhuintir na Gaeltachta gur leosan todhchaí na teanga. Baillíonn brobh beart ar aon cheist fheasachta mar seo, gan dabht.
Go deimhin, is fíordhúshlán é a bheith ag caint ar iompar an phobail a athrú. Ar bonn níos leithne, chun go mbeadh rath ar an bpleanáil teanga in Éirinn, tá athshamhlú iomlán ag teastáilt ó fhormhór na tíre maidir lena gcaidrimh leis an nGaelainn. Chuige sin, is maith iad na Pleananna Teanga atá ag feidhmiú go fóill ar an dtalamh, ach tá tuilleadh ag teastáil ón Stát. Ní córas gan teip é córas na pleanála teanga fé láthair – d’fhéadfaí comhoibriú ag leibhéal stiúradh na tíre a bheith níos aontaithe agus níos uile-chuimsithí ina leith. Pé scéal, is léir go bhfuil an taoide ag casadh beagáinín. Tá na comhráite tosnaithe, na pleananna á gcur i bhfeidhm agus láidreacht na Gaelainne á neartú ó lá go lá. 

Seachnaimís iomrá aonteangach díobháileach Shasana agus tíortha eile mar iad. Is iomaí buntáiste a bhaineann lenár bhféiniúlacht, le hilteangachas agus leis an nGaelainn, ceann des na teangacha is sine, is saibhre agus is suntasaí dá bhfuil teagmháil ag muintir na hÉireann léi. Tá an phleanáil tosnaithe ach cuimhneamh air. Más mall is mithid, ní mór dúinn ré na Gaelainne a chur chun cinn i ngach gné den saol as seo amach.

Is Ciarraíoch 28 bliana d’aois é John Prendergast atá ag obair le Tobar Dhuibhne, Plean Teanga Chiarraí Thiar, i gcroílár Chorca Dhuibhne. Tá suim aige i gcúrsaí teanga agus sealanna caite aige i gCeanada, i Meiriceá agus sa Bhreatain Bheag ag léachtóireacht. Tá Máistreacht aige i gcearta teanga chomh maith. 

Is féidir Tobar Dhuibhne a leanúint ar na meáin shóisialta Facebook, Twitter nó Instagram – nascanna dos na haon rud anseo:  https://linktr.ee/TobarDhuibhne   

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland