Top Issue 1-2024

17 April 2021

Resize: A A A Print

D’imigh sin agus tháinig seo, ré nua don Ghaeilge

Is é an tEarrach an t-am den bhliain nuair a bhíonn athbheochan ann, sa nádúr agus in anam an duine, mar is san Earrach a fhaightear beatha, dóchas agus fás, trí ní gur mór ag an chine daonna. “Anois teacht an earraigh beidh an lá dul chun síneadh,” ‘s laethanta níos gile i ndán, ní hamháin dúinn ach dár dteanga dhúchais, ársa, a mhaireann san am síorathraitheach seo.

Thosaigh an athbhliain le dóchas athspreagtha maidir le cearta teanga phobal na Gaeilge sna Sé Chontae nuair a baineadh céimeanna tábhachtacha chun tosaigh amach don Ghaeilge trí huaire i ndiaidh a chéile ag tús na bliana seo agus glacadh le rúin ar chuir baill thofa Shinn Féin faoi bhráid na gComhairlí chun rialacha faoi chomharthaí dátheangacha a athrú agus cur chuige níos forásaí a chur ina n-ionad. Is iad na 3 Chomhairle (as 11 sna Sé Chontae) gur ghlac leis an rún seo ná; Comhairle Cathrach Bhéal Feiste, Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin agus Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí, an t-údarás a bhfuil mé féin tofa air.

Ar na Comhairlí siúd, cuireadh beartas úrnua i bhfeidhm a laghdaigh an méid tacaíochta atá de dhíth ó chónaitheoirí ar sráideanna, bhóithre nó in eastát, d’iarratas chun comharthaíocht dhátheangach a chrochadh in airde. Ba mhór an t-athrú é seo do Chomhairle Ceantair Fhear agus na hÓmaí, cé i ndáirire go raibh beartas de na beartais is forásaí ag an Chomhairle roimhe seo, cuireadh go leor bacanna ar fad roimh fheiceálacht na Gaeilge sa cheantar, agus níor lean sé dea-chleachtas domhanda atá leagtha síos do chomharthaíocht sa Chairt na Náisiúin Aontaithe agus sa Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha/Mionlaigh agus níor lean sé spioraid an Chomhaontaithe ‘Chur Chuige Nua Ré Nua’ freisin, comhaontú a chinntigh muidne i Sinn Féin a thabharfadh meas cuí agus comhionannas don teanga.

Faoin seanchur chuige, bhí ar 33% de dhaoine iarratas ar chomharthaí a mholadh agus ar a bharr seo bhí ar dhá oiread sin nó 66% glacadh leis an mholadh i gcomhairliúchán poiblí fós. Ach faoin rún nua a glacadh leis, níl ach moltóir amháin de dhíth anois agus ansin 15% tacaíocht sa chomhairliúchán, agus is féidir le baill thofa na Comhairle iarratas a dhéanamh ar son na ndaoine chomh maith. 

Bilingual Signage1

Is dul chun cinn stairiúil é seo gan amhras, ní hamháin don phobal Gaelach sna Comhairle ceantair siúd, ach don phobal Gaelach in Ulaidh agus ar fud na hÉireann freisin. Cabhróidh na hathruithe móra seo chun feiceálacht na Gaeilge a ardú agus chun cinntiú go bhfuil na Comhairlí agus na húdaráis áitiúla in ann freastal ar a ndualgais chun an Ghaeilge a chur chun cinn, agus an rud is tábhachtaí ná go spreagtar daoine chun an teanga a fhoghlaim agus go ndéanfar normalú uirthi. Is léiriú é seo freisin ar an borradh atá tagtha faoin nGaeilge le blianta beaga anuas agus í ag dul ó neart go neart i ngach cearn den tír.

Mar is eol don saol, tagann an dul chun cinn seo i ndiaidh na mblianta de chur in aghaidh, chos ar bholg, ghearrthacha siar agus de shíor-iarrachtaí chun an Ghaeilge a choinneáil síos agus cosc iomlán a chur ar an teanga. Leoga, is iontach an chodarsnacht atá ann anois, smaoiním ar chinneadh a glacadh ar 24 Mí Iúil 1969, nuair a chuir Coiste Oideachais Fhear Manach a raibh faoi smacht na nAontachtaithe cosc ar ranganna Gaeilge in Inis Ceithleann, nó fiú an gearradh siar a ndearnadh ar Líofa a rinne an tAire Paul Girvan cúpla bliain ó shin, i mí na Nollag 2016.

Tá muid faoi chomaoin go deo ag na glúnta a d’imigh romhainn, cosmhuintir ar sheas an fód don Ghaeilge agus a d’oibrigh ‘s a throid gan stad gan staonadh ar son cearta teanga na Gaeilge, a chaith a saol i státín lofa, leatromach críochdheighilte agus faoi rialtas nár fháiltigh roimh aon léiriú den fhéiniúlacht Éireannach nó roimh Ghaelachas ariamh. Is mór ag an ghlúin seo an dúthracht agus obair a rinneadh agus a chuir cnámh droma i bpobal Gaelach an lae inniu, agus sa ghlúin seo de Ghaeil. Tá muid an-bhródúil astu.

Bilingual Signage2

Tá todhchaí iontach ag an Ghaeilge anois mar gheall ar an ghluaiseacht seo, agus tá féidearthachtaí gan teorainn ann leis an teanga sa lá atá inniu ann agus tá líon na gcainteoirí ag fás bliain i ndiaidh bliana. Mar mhúinteoir Gaeilge mé féin, feicim an fás seo gach lá. Conas mar is féidir le teanga a bheith marbh nuair atá na mílte ar fud fad na tíre seo a bhfuil suim acu inti agus ag labhairt as Gaeilge ina saol laethúil?

Ach, tá a fhios againn go bhfuil obair fós le déanamh, ní féidir linn an fhreagracht a chur ónár ndoras féin, ní imreoidh Sinn Féin ar an chlaí maidir le chur chun cinn na Gaeilge nó cearta teanga.

Leanfaidh muid ar aghaidh leis an obair seo chun comhionnas agus cearta a bhaint amach don teanga. D’iarrfainn féin oraibh chun bhur nGaeilge a chur in úsáid mar is bua é don Ghaeilge gach focal a labhraítear, agus go háirithe anois agus Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil, is cóir agus ceart dúinn ceiliúradh a dhéanamh ar ár dteanga shaibhir agus í a labhairt.

Bígí bródúil aisti agus labharaígí amach ar a son.

Criostóir Mac Cafraidh – Múinteoir Gaeilge agus Comhairleoir Shinn Féin ar Chomhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí

Follow us on Facebook

An Phoblacht on Twitter

An Phoblacht Podcast

An Phoblacht podcast advert2

Uncomfortable Conversations 

uncomfortable Conversations book2

An initiative for dialogue 

for reconciliation 

— — — — — — —

Contributions from key figures in the churches, academia and wider civic society as well as senior republican figures

GUE-NGL Latest Edition ad

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland