Top Issue 1-2024

1 December 2020 Edition

Resize: A A A Print

Deireadh mo sheal in AP/RN – a leithéid de mhí

• Ionsaí ar Oifig Shinn Féin, Bóthar na bhFál

Tús Mí Feabhra 1992 a bhí ann, chóir a bheith tríocha bliain ó shin, ach mothaím go bhfuil sé cosúil le inné. Thosaigh mé an mhí sin ag spastóireacht thart ar Chluain a Bhogaidh leis an trí pháiste a bhí agam ag an am, Orlaith, Conchúir agus an babaí beag Eimear. Bhí muid ann le feaga a bhaint le go dtiocfadh linn Crosóga Bhríde a dhéanamh mar ba nós linn ar an chéad lá den Earrach. Bhí mé ag baint sult as an deireadh seachtaine agus ag meabhrú ar an mhí a bhí romham. Bhí cinneadh déanta go mbeinn ag éirí as mar eagarthóir Thuaisceartach AP/RN, dualgas a bhí orm ó bhí 1988 ann. 

Bhain mé sult as mo sheal sa nuachtán, cé go raibh sé ina obair crua, ach bhí orm bogadh ar aghaidh chuig dualgais eile. Bhí an uallach, le clann óg agus cúraimí eile sa Ghluaiseacht róthrom agus bhí sé in am an eagarthóireacht a thabhairt do dhuine eile sa dóigh is go dtiocfadh liom níos mó ama a thabhairt do rudaí eile. Mickey McMullan, iar-chime eile a bhí roghnaithe mar chomharba agus bheinn ag bualadh leis agus le Peadar Whelan, iar-chime  eile, a bhí le toiseacht in AP/RN ag tús na seachtaine.

Mar a tharla scriosadh an deireadh seachtaine ar an lá dar chionn, Dé Domhnaigh an 3ú Feabhra, nuair a mharaigh drong gunnadóirí dílseacha cara do mo chuid agus Gael aitheanta díograiseach, Pádraig Ó Cléirigh, (52), ag a theach chónaí i dtuaisceart Bhéal Feirste. Bhí níos measa fós le teacht roimh dheireadh na míosa fuiltí sin.

Chuaigh mé isteach ar mo chuid oibre go luath ar an Luan mar bhí neart le déanamh. Bhí Mary Robinson, Uachtarán na hÉireann le teacht go Béal Feirste ar an Mháirt agus bhí Charlie Haughey i ndiadh éirí as mar cheannaire Fhianna Fáil. 

Rinne muid cruinniú gasta san oifig a bhí muid ag roinnt le Uachtarán Sinn Féin agus foireann s’aige i gCorrán na Móna ag an am. D’imigh mé ansin chuig cruinniú eile thíos in oifig an phreas ag Sráid Sevastopol, áit a mbeadh orm pilleadh chuige ag am lóin. 

Ag a haon ó cloig thosaigh mé féin, Laura Friel agus Mickey McMullan cruinniú beag eagarthóireachta ag roinnt tuaraimí agus ag dáileadh amach na tascanna a bhí le déanamh. Bhí Peadar Whelan sa seomra taobh linn agus é ag fanacht ar chruinniú a dhéanamh liom féin agus le Mickey. Bhí Kevin Hillick agus Kieran Flynn ann chomh maith. Thosaigh an guthán ag bualadh díreach tar éis 1.15in. Bhí duine éigin i ndiaidh ionsaí a dhéanamh ar Oifigí Shinn Féin ag Sráid Sevastopol. Dúirt mé láithreach le Peadar agus Kevin dul caoil díreach chuíg láthair na hionsaithe. Ansin léim mé sa ghluaisteán le Kieran agus rinne muid féin amhlaidh. 

JMacS2

Joe MacManus 

Bhí muid ann roimhe an RUC agus b’olc an radharc a bhí romhainn. Bhí an doirseoir, Paddy Loughran, (61), ina luí marbh taobh leis an doras sa seomra feithimh, ag a thaobh dheis ar bhinse bhí Michael Dywer, (24) ina luí marbh, os a chomhair sin amach bhí Pat Wilson, (28) gortaithe go dona agus é as a stuaim agus Pat McBride (40), ina shuí gortaithe ach é ag caint go fóill. Sa seomra chúl bhí oibrí eile de chuid Sinn Féin, Norah Larkin, gortaithe ach chan go dona.  Bhí toit agus deatach an gunna le feiceáil go fóill, é ag crochadh ina scamall ar láthair seo an áir agus an bháis. Bhí boladh na fola agus na coirdíte bréan inár bpolláirí. Labhair Pat McBride le rá gur chóir Pat Wilson a thabhairt amach ar dtús nó bhí an cuma air go raibh sé gortaithe go dona. Thángthas ar mhac Micheal Dywer, é ina luí faoi chorp a athair. Ní raibh an tachrann, nach raibh ach dhá bhliain go leith d’aois, gortaithe. 

I ndiaidh tamall tháinig an RUC agus na hotharcharranna. Bhí troid lámh le lámh leis na péas a bhí ag iarraidh achán duine a chur amach as na hoifigí. Shocraigh rudaí síos rud beag ach bhí daoine ag choinneáil an RUC amach. Chuaigh mise isteach chuig Siopa na hEalaíona béal dorais leis an ghuthán a úsáid agus d’inis Marguerite Gallagher domh go ndearna sí iarracht gréim a fháil ar an ghunnadóir ach gur éalaigh sé i ngluaisteán a bhí aige i Sráid Sevastopol.

Tháinig cnag chuig an doras agus dúirt Marguerite go raibh duine do mo lorg. Chuaigh mé chuig an doras; bhí strainséar os mo chomhair a chur é féin in aithne mar an Chigire Bleachtaire Derek Martindale den RUC. D’iarr sé orm teacht amach agus daoine a bhogadh ar leathaobh agus go dtarraingeodh sé na péas siar tamall.

Fuair Pat McBride bás ar a bhealach chuig an otharlann. Chuaigh na péas isteach ach d’imigh siad roimh i bhfad. Nuair a chuaigh muid féin isteach arís tháinig muid air mála culaith a raibh na cartúis caite den gunna gráin ann go fóill. Ba léir gur scaoil an gunnadóir fríd an  mhála agus nach ndearna na péas cuardach ar bith.

Tháinig sé amach ar ball gur bhall den RUC/UDA a rinne an ionsaí. Bhí Alan Moore, i lámha na bpeas an oíche roimh ré nuair a scaoil sé urchair thar uaigh cara da chuid Norman Spratt, ball eile den RUC/UDA a fuair bás in eachtra lámhachta ina theach féin. Bhí Moore agus Spratt ina mbaill den scuaid céanna den Divisional Mobile Support Unit de chuid an RUC in Iarrthar Bhéal Feirste. Thángthas ar chorp Moore ní ba maille an lá sin in aice le bruach Loch nEachach ag Baile an Doire. Dúradh gur chur sé lámh ina bhás féin.

JMacS3

Óglaigh a fuair bás i mí Feabhra 1992 – Seán O’Farrell, Kevin Barry O’Donnell, Patrick Vincent, Peter Clancy 

An lá ina dhiadh bhí briseadh croí eile ann nuair a fuair Óglach Joe McManus, (21), bás agus é i mbun gníomhaíochta d’Óglaigh na hÉireann i gCondae Fear Manach. Mac le cairde de mo chuid Seán agus Helen McManus a bhí ann agus aithne agam air ó bhí sé ina ógánach. Bhí rudaí le héirí ní ba mheasa fós roimh deireadh na seachtaine nuair a rinne an UDA ionsaí ar Siopa Geallglacadóireachta Seán Graham ar Bhóthar Ormeau, fágadh cúigear marbh, Jack Duffin, (66), Billy McManus, (54), Christy Doherty, (52), Peter Magee, (18) agus James Kennedy, (15). Sula raibh an mí caite fuair ceathrar óglach bás nuair rinne an SAS luíochán orthu ag Dernagh, cóngarach d’Oileán a’ gCuail i gCondae Thír Eogháin. B’iad Sean Ó Farrell, (23), Kevin Barry Ó’Donnell, (21),  Patrick Vincent, (20) agus Peter Clancy, (19).

Sa seachtain deireanach den mhí uafásach sin i 1992 gheobhfadh ceithre sibhialtach caitliceach eile bás ag lámha an UDA agus an UVF. Fuair Anne Marie Smyth, (26), bás tar éis don UVF í  a chéasadh agus a sádh chun báis. Thángthas ar chorp s’aicí, leis an sceadamán gearrtha siar go dtí an cnámh droma, ag Sráid Ballarat in Oirthear na Cathrach. Scaoileadh Terence McConville, (43) agus James Gray, (39), chun bás i bPort An Dúnáin agus maraíodh  Liam McCartan, (32), ag teach s’aige in Ard Eogháin.

Mí fuilteach, mí uafásach, mó mhí deireanach in AP/RN. Ní thig liom moladh ard go leor a thabhairt do na chomrádaithe a d’obair taobh liom le linn an tréimshe corraitheacht sin.

GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland